| | |
| |
Uimhir 13 de 1974
|
| | |
| |
AN tACHT UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1974
|
| | |
| |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA, 1957 GO 1971. [12 Meitheamh, 1974]
|
| |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
|
|
Leasú ar alt 26 den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957.
1957, Uimh. 29.
1971, Uimh. 7.
|
1.—Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, trí “deich milliún punt” a chur in ionad “sé mhilliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1971), agus tá an t-alt sin 26 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
|
| |
An Tábla
|
26.—(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná deich milliún punt) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.
|
|
|
Gearrtheideal agus comhlua.
|
2.—(1) Féadfar an tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1974, a ghairm den Acht seo.
|
| |
(2) Féadfar na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1974, a ghairm de na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1971, agus den Acht seo le chéile.
|