An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2013

Forálacha an Achta seo do theacht in éifeacht.

2.— (1) Ar an Acht seo a achtú, tiocfaidh na leasuithe ar an mBunreacht a dhéantar le halt 3 in éifeacht.

(2) D’ainneoin Airteagal 46 den Bhunreacht—

(a) an lá bunaithe a cheapfaidh an Rialtas de bhun an dlí iomchuí, tiocfaidh na leasuithe ar an mBunreacht a dhéantar le hailt 4 , 5 agus 6 in éifeacht, agus

(b) tiocfaidh foráil d’alt 7 , a mhéid is infheidhme í, in éifeacht mar a deirtear san alt sin.

(3) Beidh feidhm ag na leasuithe ar Airteagal 34 den Bhunreacht a dhéantar le halt 5 (2)(f) agus (g) maidir le cás ina mbeadh ceist le réiteach i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí, ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta, agus a éistear, ach nach bhfógraítear an bhreith ann, roimh an lá dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) mar atá feidhm acu maidir le cás ina mbeadh ceist den sórt sin le réiteach agus a éistear, agus a bhfógraítear an bhreith ann, tar éis an lae sin.