An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2013

Leasuithe a bhaineann le dlínse na Cúirte Uachtaraí.

5.— (1) Aon tagairt san alt seo d’alt 5 d’Airteagal 34 den Bhunreacht, is tagairt í don alt den Airteagal sin arna uimhriú mar alt 5 le halt 4 (c).

(2) Leasaítear Airteagal 34 den Bhunreacht leis seo mar a leanas:

(a) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 4 in ionad fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 4 in ionad fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 5 isteach i ndiaidh fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Gaeilge,

(d) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 5 isteach i ndiaidh fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla,

(e) déanfar fo-alt 4° d’alt 5 den dá théacs a uimhriú mar fho-alt 5°,

(f) déanfar fo-alt 5° d’alt 5 den téacs Gaeilge a scriosadh, agus

(g) déanfar fo-alt 5° d’alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla a scriosadh.