An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2013

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN TR�Ú LEASÚ IS TR�OCHA AR AN mBUNREACHT (CÚIRT ACHOMHAIRC), 2013


RIAR NA nALT

Alt

1. Mínithe.

2. Forálacha an Achta seo do theacht in éifeacht.

3. Cúirt Achomhairc a bhunú.

4. Leasuithe a bhaineann le dlínse na Cúirte Achomhairc.

5. Leasuithe a bhaineann le dlínse na Cúirte Uachtaraí.

6. Leasuithe eile ar an mBunreacht.

7. Leasuithe teagmhasacha agus foráil maidir le forléiriú.

8. Lua.

SCEIDEAL 1

Cuid 1

Cuid 2

SCEIDEAL 2

Cuid 1

Cuid 2

SCEIDEAL 3

Cuid 1

Cuid 2

SCEIDEAL 4

Cuid 1

Cuid 2

SCEIDEAL 5

Cuid 1

Cuid 2

SCEIDEAL 6

Cuid 1

Cuid 2

SCEIDEAL 7

Cuid 1

Cuid 2

SCEIDEAL 8

Cuid 1

Cuid 2


/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN TR�Ú LEASÚ IS TR�OCHA AR AN mBUNREACHT (CÚIRT ACHOMHAIRC), 2013


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ.

[1 Samhain 2013]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHRÃ? go bhfuil beartaithe—

(A) an Bunreacht a leasú chun cúirt dar teideal an Chúirt Achomhairc a bhunú;

(B) de dhroim an mhéid sin roimhe seo, an Bunreacht a leasú thairis sin agus, go háirithe, leasú a dhéanamh ar na forálacha sin de lena dtugtar dlínse achomhairc don Chúirt Uachtarach ar bhreitheanna ón Ard-Chúirt agus ó chúirteanna eile; agus

(C) Airteagal 34.4.5° den Bhunreacht a scriosadh:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Mínithe.

1.— San Acht seo—

tá le “an lá bunaithe” an bhrí chéanna atá leis sna leasuithe a dhéantar le halt 3 (c) agus (d);

ciallaíonn “an dlí iomchuí” an dlí a cheanglaítear a achtú leis na leasuithe a dhéantar le halt 3 (c) agus (d).

Forálacha an Achta seo do theacht in éifeacht.

2.— (1) Ar an Acht seo a achtú, tiocfaidh na leasuithe ar an mBunreacht a dhéantar le halt 3 in éifeacht.

(2) D’ainneoin Airteagal 46 den Bhunreacht—

(a) an lá bunaithe a cheapfaidh an Rialtas de bhun an dlí iomchuí, tiocfaidh na leasuithe ar an mBunreacht a dhéantar le hailt 4 , 5 agus 6 in éifeacht, agus

(b) tiocfaidh foráil d’alt 7 , a mhéid is infheidhme í, in éifeacht mar a deirtear san alt sin.

(3) Beidh feidhm ag na leasuithe ar Airteagal 34 den Bhunreacht a dhéantar le halt 5 (2)(f) agus (g) maidir le cás ina mbeadh ceist le réiteach i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí, ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta, agus a éistear, ach nach bhfógraítear an bhreith ann, roimh an lá dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) mar atá feidhm acu maidir le cás ina mbeadh ceist den sórt sin le réiteach agus a éistear, agus a bhfógraítear an bhreith ann, tar éis an lae sin.

Cúirt Achomhairc a bhunú.

3.— Leasaítear an Bunreacht leis seo mar a leanas:

(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 1 in ionad alt 2 d’Airteagal 34 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 1 in ionad alt 2 d’Airteagal 34 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) cuirfear an tAirteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 2 isteach i ndiaidh Airteagal 34 den téacs Gaeilge, agus

(d) cuirfear an tAirteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 2 isteach i ndiaidh Airteagal 34 den téacs Sacs-Bhéarla.

Leasuithe a bhaineann le dlínse na Cúirte Achomhairc.

4.— Leasaítear Airteagal 34 den Bhunreacht leis seo mar a leanas:

(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 3 isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 3 isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla, agus

(c) déanfar ailt 4 agus 5 den dá théacs a uimhriú mar ailt 5 agus 6.

Leasuithe a bhaineann le dlínse na Cúirte Uachtaraí.

5.— (1) Aon tagairt san alt seo d’alt 5 d’Airteagal 34 den Bhunreacht, is tagairt í don alt den Airteagal sin arna uimhriú mar alt 5 le halt 4 (c).

(2) Leasaítear Airteagal 34 den Bhunreacht leis seo mar a leanas:

(a) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 4 in ionad fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 4 in ionad fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 5 isteach i ndiaidh fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Gaeilge,

(d) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 5 isteach i ndiaidh fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla,

(e) déanfar fo-alt 4° d’alt 5 den dá théacs a uimhriú mar fho-alt 5°,

(f) déanfar fo-alt 5° d’alt 5 den téacs Gaeilge a scriosadh, agus

(g) déanfar fo-alt 5° d’alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla a scriosadh.

Leasuithe eile ar an mBunreacht.

6.— (1) Leasófar gach Airteagal den Bhunreacht a luaitear sa dara colún de Chuid 1 de Sceideal 6 , maidir lena théacs Gaeilge, ar an modh a deirtear sa tríú colún den Chuid sin os coinne an lua, nó gach ceann faoi leith de na luanna uile, a dhéantar ar an Airteagal sa dara colún sin.

(2) Leasófar gach Airteagal den Bhunreacht a luaitear sa dara colún de Chuid 2 de Sceideal 6 , maidir lena théacs Sacs-Bhéarla, ar an modh a deirtear sa tríú colún den Chuid sin os coinne an lua, nó gach ceann faoi leith de na luanna uile, a dhéantar ar an Airteagal sa dara colún sin.

(3) Aon tagairt i Sceideal 6 d’alt 6 d’Airteagal 34 den Bhunreacht, is tagairt í don alt den Airteagal sin arna uimhriú mar alt 6 le halt 4(c).

(4) Déantar leis seo an Bunreacht a leasú tuilleadh, mar a leanas:

(a) cuirfear an tAirteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 7 isteach i ndiaidh Airteagal 63 den téacs Gaeilge, agus

(b) cuirfear an tAirteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 7 isteach i ndiaidh Airteagal 63 den téacs Sacs-Bhéarla.

Leasuithe teagmhasacha agus foráil maidir le forléiriú.

7.— (1) Má dhéantar an Bille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann a achtú ina dhlí—

(a) i gcás gur lá tar éis an lae bunaithe an lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann, déanfar alt 4, arna chur isteach leis an mBille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann, d’Airteagal 35 den Bhunreacht a leasú ón lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann—

(i) maidir leis an téacs Gaeilge, ar an modh a deirtear i gCuid 1 de Sceideal 8 , agus

(ii) maidir leis an téacs Sacs-Bhéarla, ar an modh a deirtear i gCuid 2 de Sceideal 8 ,

(b) i gcás gur lá roimh an lá bunaithe an lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann, déanfar tagairt i Sceideal 6 d’alt 4 d’Airteagal 35 den Bhunreacht a fhorléiriú, ón lá bunaithe, mar thagairt don alt den Airteagal sin arna chur isteach leis an mBille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann.

(2) San alt seo—

(a) tá le “an lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann” an bhrí chéanna atá leis sa leasú ar an mBunreacht a dhéantar le halt 2 den Bhille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann;

(b) ciallaíonn “an Bille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann” an Bille dar teideal an Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann), 2013 agus a tionscnaíodh i nDáil Éireann an 4 Meitheamh 2013;

(c) aon tagairt don Bhille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann a achtú ina dhlí, is tagairt í don Bhille sin a achtú ina dhlí de réir Airteagail 46 agus 47.1 den Bhunreacht.

Lua.

8.— (1) An Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht a thabharfar ar na leasuithe uile le chéile a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo agus is cead, chun gach críche, an t-ainm sin a ghairm de na leasuithe sin le chéile, agus is cead, chun críocha aitheantais, tagairt d’aon leasú áirithe de na leasuithe sin a dhéantar le Sceideal 6 tríd an uimhir a lua atá sa chéad cholún de Chuid 1 nó, de réir mar a bheidh, de Chuid 2 den Sceideal sin os coinne an lua a dhéantar ar an leasú sin sa tríú colún den Chuid lena mbaineann.

(2) Féadfar an tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cúirt Achomhairc), 2013 a ghairm den Acht seo.

SCEIDEAL 1

Cuid 1

2 Beidh ar na Cúirteanna sin:

i Cúirteanna Céadchéime;

ii Cúirt Achomhairc; agus

iii Cúirt Achomhairc Dheiridh.

Cuid 2

2 The Courts shall comprise:

i Courts of First Instance;

ii a Court of Appeal; and

iii a Court of Final Appeal.

SCEIDEAL 2

Cuid 1

Cúirt Achomhairc a Bhunú

Airteagal 34A

1 Bunófar an Chúirt Achomhairc dá dtagraítear i mír ii d’Airteagal 34.2 den Bhunreacht seo (“an Chúirt Achomhairc”) de réir an Airteagail seo.

2 A luaithe is féidir tar éis an tAirteagal seo a achtú, achtófar dlí lena ndéanfar socrú chun an Chúirt Achomhairc a bhunú.

3 Cuirfear de cheangal ar an Rialtas leis an dlí sin lá (“an lá bunaithe”) a cheapadh le hordú arb é an lá é a bhunófar an Chúirt Achomhairc de bhua an dlí sin; oibreoidh ordú ón Rialtas mar a dúradh chun go mbeidh an éifeacht sin leis dá bhíthin sin.

4 Déanfar an tAirteagal seo a fhágáil ar lár as gach téacs oifigiúil den Bhunreacht seo a fhoilseofar tar éis an lae bunaithe.

Cuid 2

Establishment of Court of Appeal

Article 34A

1 The Court of Appeal referred to in paragraph ii of Article 34.2 hereof (“the Court of Appeal”) shall be established in accordance with this Article.

2 As soon as practicable after the enactment of this Article, a law providing for the establishment of the Court of Appeal shall be enacted.

3 That law shall require the Government to appoint by order a day (“the establishment day”) on which the Court of Appeal shall be established by virtue of that law; an order of the Government as aforesaid shall operate to have that effect accordingly.

4 This Article shall be omitted from every official text of this Constitution published after the establishment day.

SCEIDEAL 3

Cuid 1

4 1° Maidir leis an gCúirt Achomhairc—

i taobh amuigh de chás dá socraítear a mhalairt leis an Airteagal seo, agus

ii taobh amuigh de cibé eisceachtaí agus faoi chuimsiú cibé rialacha a ordófar le dlí,

beidh dlínse achomhairc aici ar bhreitheanna uile na hArd-Chúirte agus, fairis sin, ar na breitheanna sin ó chúirteanna eile a ordófar le dlí.

2° Ní cead aon dlí a achtú a chuirfeadh ar an taobh amuigh de dhlínse achomhairc na Cúirte Achomhairc cásanna ina mbeadh ceisteanna le réiteach i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí, ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta seo.

3° Ní bheidh dul thar breith na Cúirte Achomhairc, taobh amuigh de chás dá socraítear a mhalairt leis an Airteagal seo.

Cuid 2

4 1° The Court of Appeal shall—

i save as otherwise provided by this Article, and

ii with such exceptions and subject to such regulations as may be prescribed by law,

have appellate jurisdiction from all decisions of the High Court, and shall also have appellate jurisdiction from such decisions of other courts as may be prescribed by law.

2° No law shall be enacted excepting from the appellate jurisdiction of the Court of Appeal cases which involve questions as to the validity of any law having regard to the provisions of this Constitution.

3° The decision of the Court of Appeal shall be final and conclusive, save as otherwise provided by this Article.

SCEIDEAL 4

Cuid 1

3° Faoi chuimsiú cibé rialacha a ordófar le dlí, beidh dlínse achomhairc ag an gCúirt Uachtarach ar bhreith ón gCúirt Achomhairc más deimhin leis an gCúirt Uachtarach—

i gur breith í lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann, nó

ii gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, achomharc chun na Cúirte Uachtaraí a bheith ann.

Cuid 2

3° The Supreme Court shall, subject to such regulations as may be prescribed by law, have appellate jurisdiction from a decision of the Court of Appeal if the Supreme Court is satisfied that—

i the decision involves a matter of general public importance, or

ii in the interests of justice it is necessary that there be an appeal to the Supreme Court.

SCEIDEAL 5

Cuid 1

4° D’ainneoin alt 4.1° den Airteagal seo, beidh ag an gCúirt Uachtarach, faoi chuimsiú cibé rialacha a ordófar le dlí, dlínse achomhairc ar bhreith ón Ard-Chúirt más deimhin leis an gCúirt Uachtarach go bhfuil imthosca neamhchoiteanna ann a fhágann gur gá achomharc díreach chuici a bheith ann agus, chun gur deimhin leis an gCúirt Uachtarach amhlaidh, is réamhchoinníoll é gurb ann do cheachtar de na tosca seo a leanas nó dóibh araon:

i gur breith í lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann;

ii gur ar mhaithe leis an gceartas é.

Cuid 2

4° Notwithstanding section 4.1° hereof, the Supreme Court shall, subject to such regulations as may be prescribed by law, have appellate jurisdiction from a decision of the High Court if the Supreme Court is satisfied that there are exceptional circumstances warranting a direct appeal to it, and a precondition for the Supreme Court being so satisfied is the presence of either or both of the following factors:

i the decision involves a matter of general public importance;

ii the interests of justice.

SCEIDEAL 6

Cuid 1

Na Leasuithe ar an Téacs Gaeilge a Luaitear in Alt 6 (1)

Uimh. Thag.

An tAirteagal a leasaítear

An leasú a dhéantar ar an téacs Gaeilge

1

Airteagal 12

In alt 8, “, den Chúirt Achomhairc” a chur isteach i ndiaidh “den Chúirt Uachtarach”.

2

Airteagal 14

In alt 2.2°, “Uachtarán na Cúirte Achomhairc” a chur in ionad “Uachtarán na hArd-Chúirte”.

3

Airteagal 31

In alt 2, i mír i, “Uachtarán na Cúirte Achomhairc,” a chur isteach i ndiaidh “an Príomh-Bhreitheamh,”.

4

Airteagal 34

In alt 3.2°, “, an Chúirt Achomhairc” a chur isteach i ndiaidh “seachas an Ard-Chúirt”.

5

Airteagal 34

In alt 6.2°, “, gach breitheamh den Chúirt Achomhairc,” a chur isteach i ndiaidh “gach breitheamh eile den Chúirt Uachtarach”.

6

Airteagal 35

In alt 1, “na Cúirte Achomhairc,” a chur isteach i ndiaidh “breithiúna na Cúirte Uachtaraí,”.

7

Airteagal 35

In alt 4.1°, “, den Chúirt Achomhairc” a chur isteach i ndiaidh “den Chúirt Uachtarach”.

8

Airteagal 36

I mír i, “na Cúirte Achomhairc,” a chur isteach i ndiaidh “breithiúna na Cúirte Uachtaraí,”.

9

Airteagal 40

In alt 4.3°, “faoi bhreith na Cúirte Achomhairc” a chur in ionad “faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí” agus “an Chúirt Achomhairc” a chur in ionad “an Chúirt Uachtarach”.

Cuid 2

Na Leasuithe ar an Téacs Sacs-Bhéarla a Luaitear in Alt 6 (2)

Uimh. Thag.

An tAirteagal a leasaítear

An leasú a dhéantar ar an téacs Sacs-Bhéarla

1

Airteagal 12

In alt 8, “, of the Court of Appeal” a chur isteach i ndiaidh “Supreme Court”.

2

Airteagal 14

In alt 2.2°, “President of the Court of Appeal” a chur in ionad “President of the High Court”.

3

Airteagal 31

In alt 2, i mír i, “the President of the Court of Appeal,” a chur isteach i ndiaidh “the Chief Justice,”.

4

Airteagal 34

In alt 3.2°, “, the Court of Appeal” a chur isteach i ndiaidh “other than the High Court”.

5

Airteagal 34

In alt 6.2°, “the judges of the Court of Appeal,” a chur isteach i ndiaidh “judges of the Supreme Court,”.

6

Airteagal 35

In alt 1, “the Court of Appeal,” a chur isteach i ndiaidh “Supreme Court,”.

7

Airteagal 35

In alt 4.1°, “, the Court of Appeal,” a chur isteach i ndiaidh “Supreme Court”.

8

Airteagal 36

I mír i, “of the Court of Appeal,” a chur isteach i ndiaidh “Supreme Court,”.

9

Airteagal 40

In alt 4.3°, “Court of Appeal” a chur in ionad “Supreme Court” gach áit a bhfuil sé.

SCEIDEAL 7

Cuid 1

Cúirt Achomhairc a Bhunú: Forálacha Idirthréimhseacha

Airteagal 64

1 San Airteagal seo, tá le “an lá bunaithe” an bhrí chéanna atá leis in Airteagal 34A den Bhunreacht seo.

2 1° Baineann ailt 3 agus 4 den Airteagal seo le hachomharc a tionscnaíodh chun na Cúirte Uachtaraí roimh an lá bunaithe agus nár éist an Chúirt Uachtarach é, go hiomlán nó go páirteach, roimh an lá sin.

2° Chun críocha an Airteagail seo, ní mheasfar gur éisteadh achomharc go páirteach de bhíthin gur éist an Chúirt Uachtarach iarratas idirbhreitheach i ndáil leis an achomharc nó, mura mbaineann an t-achomharc féin ach amháin le ní nóis imeachta, de bhíthin gur éist an Chúirt Uachtarach aon iarratas nó tairiscint nóis imeachta maidir leis an ní.

3 1° An lá bunaithe nó dá éis, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh, más deimhin leis an bPríomh-Bhreitheamh go bhfuil sé ar mhaithe le riaradh cirt agus cinneadh éifeachtúil achomharc déanamh amhlaidh, ordachán faoi shéala na Cúirte a thabhairt, le comhthoil na mbreithiúna eile den Chúirt Uachtarach, lena ndéanfar socrú, maidir le gach achomharc lena mbainfidh an t-alt seo agus a thiocfaidh faoi réim aicme achomharc a bheidh sonraithe san ordachán, go ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc é a éisteacht agus a chinneadh agus, i gcás go dtabharfar ordachán den sórt sin, beidh dlínse ag an gCúirt Achomhairc, faoi réir fho-alt 3° den alt seo, gach achomharc is ábhar don ordachán sin a éisteacht agus a chinneadh dá bhíthin sin.

2° Féadfaidh socrú a bheith in ordachán faoi fho-alt 1° den alt seo maidir le haon ní ar dóigh leis an bPríomh-Bhreitheamh gur cuí socrú a dhéanamh ina leith de dhroim an Chúirt Achomhairc d’éisteacht agus do chinneadh na n-achomharc lena mbaineann agus beidh le haon socrú den sórt sin an éifeacht chéanna a bheidh le socrú a bheidh in ordú arna dhéanamh ag an gCúirt Uachtarach.

3° Maidir leis an gCúirt Uachtarach, ar iarratas chuici atá de réir cibé rialacha, más ann, a ordófar le dlí, is iarratas arna dhéanamh ag aon pháirtí de na páirtithe in achomharc is ábhar d’ordachán faoi fho-alt 1°, féadfaidh sí, más deimhin léi gur cóir sin a dhéanamh, ordú a dhéanamh—

i lena gcealaítear éifeacht an ordacháin sin, nó

ii lena gcealaítear nó lena n-athraítear éifeacht aon socraithe, dá dtagraítear i bhfo-alt 2° den alt seo, san ordachán sin,

a mhéid a bhaineann sé leis an achomharc sin.

4 1° Más rud é, ar iarratas chuici atá de réir cibé rialacha, más ann, a ordófar le dlí, ar iarratas é arna dhéanamh ag aon pháirtí de na páirtithe san achomharc, gur deimhin leis an gCúirt Uachtarach gur ar mhaithe le riaradh cirt agus cinneadh éifeachtúil achomharc déanamh amhlaidh, féadfaidh an Chúirt Uachtarach ordú a dhéanamh lena ndéantar socrú go ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh, agus i gcás go ndéanfar ordú den sórt sin beidh dlínse ag an gCúirt Achomhairc an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh dá bhíthin sin.

2° Féadfaidh socrú a bheith in ordú faoi fho-alt 1° den alt seo maidir le haon ní ar dóigh leis an gCúirt Uachtarach gur cuí socrú a dhéanamh ina leith de dhroim an Chúirt Achomhairc d’éisteacht agus do chinneadh an achomhairc.

5 Ach amháin sa mhéid go ndéantar socrú le haon ordachán arna thabhairt nó le haon ordú arna dhéanamh de bhun na gcumhachtaí a thugtar le halt 3 nó 4 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh na leasuithe ar an mBunreacht seo arna ndéanamh leis an Acht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cúirt Achomhairc), 2013 difear d’fheidhmiú a dlínse ag an gCúirt Uachtarach i ndáil le hachomhairc chun na Cúirte sin a tionscnaíodh roimh an lá bunaithe.

6 D’ainneoin aon leasuithe ar an mBunreacht seo arna ndéanamh mar a dúradh, leanfaidh an Chúirt Uachtarach de dhlínse achomhairc a bheith aici ar bhreitheanna ón gCúirt Achomhairc Choiriúil a bhí arna bunú roimh an lá bunaithe a mhéid go ndearnadh socrú le dlí, agus faoi chuimsiú na rialacha céanna a ordaíodh le dlí, díreach roimh an lá bunaithe agus ní bhainfidh ailt 3 agus 4 den Airteagal seo le hachomharc i gcoinne breith ón gCúirt Achomhairc Choiriúil.

7 Déanfar an tAirteagal seo a fhágáil ar lár as gach téacs oifigiúil den Bhunreacht seo a fhoilseofar bliain amháin, nó tar éis bliain amháin a bheith caite, i ndiaidh an lae bunaithe.

Cuid 2

Establishment of Court of Appeal: Transitional Provisions

Article 64

1In this Article “the establishment day” has the same meaning as it has in Article 34A of this Constitution.

2 1° Sections 3 and 4 hereof apply to an appeal to the Supreme Court initiated before the establishment day that has not been heard, in full or in part, by the Supreme Court before that day.

2° For the purposes of this Article, an appeal shall not be taken to have been heard in part by reason of the Supreme Court having heard an interlocutory application relating to the appeal or, unless the appeal itself is confined to a procedural matter, the Supreme Court having heard any procedural application or motion in the matter.

3 1° On or after the establishment day, the Chief Justice may, if the Chief Justice is satisfied that it is in the interests of the administration of justice and the efficient determination of appeals to do so, and with the concurrence of the other judges of the Supreme Court, give a direction under the seal of the Court providing that each appeal to which this section applies falling within a class of appeals specified in the direction shall be heard and determined by the Court of Appeal and, where such a direction is given, the Court of Appeal shall, subject to subsection 3° hereof, have jurisdiction to hear and determine each appeal the subject of that direction accordingly.

2° A direction under subsection 1° hereof may contain provision for any matter that the Chief Justice considers it appropriate to provide for in consequence of the appeals concerned being heard and determined by the Court of Appeal and any such provision shall have like effect to a provision contained in an order made by the Supreme Court.

3° The Supreme Court, on application to it that complies with such, if any, regulations as may be prescribed by law and made by any of the parties to an appeal the subject of a direction under subsection 1°, may, if it is satisfied that it is just to do so, make an order—

i cancelling the effect of that direction, or

ii cancelling or varying the effect of any provision, referred to in subsection 2° hereof, of that direction,

so far as it relates to that appeal.

4 1° If, on application to it that complies with such, if any, regulations as may be prescribed by law and made by any of the parties to the appeal, the Supreme Court is satisfied that it is in the interests of the administration of justice and the efficient determination of appeals to do so, the Supreme Court may make an order providing that the appeal shall be heard and determined by the Court of Appeal and, where such an order is made, the Court of Appeal shall have jurisdiction to hear and determine the appeal accordingly.

2° An order under subsection 1° hereof may contain provision for any matter that the Supreme Court considers it appropriate to provide for in consequence of the appeal being heard and determined by the Court of Appeal.

5 Save to the extent provided by any direction given or order made pursuant to the powers conferred by section 3 or 4 hereof, the exercise by the Supreme Court of its jurisdiction in relation to appeals to that Court initiated before the establishment day shall not be affected by the amendments of this Constitution made by the Thirty-third Amendment of the Constitution (Court of Appeal) Act 2013.

6 Notwithstanding any amendments of this Constitution made as aforesaid, the Supreme Court shall continue to have appellate jurisdiction from decisions of the Court of Criminal Appeal that stood established before the establishment day to the extent provided, and subject to the same regulations as were prescribed, by law immediately before the establishment day, and sections 3 and 4 hereof shall not apply to an appeal from a decision of the Court of Criminal Appeal.

7 This Article shall be omitted from every official text of this Constitution published on or following the expiry of one year after the establishment day.

SCEIDEAL 8

Cuid 1

“, den Chúirt Achomhairc” a chur isteach i ndiaidh “den Chúirt Uachtarach”.

Cuid 2

“, Court of Appeal” a chur isteach i ndiaidh “Supreme Court”.