An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2013

Leasuithe eile ar an mBunreacht.

6.— (1) Leasófar gach Airteagal den Bhunreacht a luaitear sa dara colún de Chuid 1 de Sceideal 6 , maidir lena théacs Gaeilge, ar an modh a deirtear sa tríú colún den Chuid sin os coinne an lua, nó gach ceann faoi leith de na luanna uile, a dhéantar ar an Airteagal sa dara colún sin.

(2) Leasófar gach Airteagal den Bhunreacht a luaitear sa dara colún de Chuid 2 de Sceideal 6 , maidir lena théacs Sacs-Bhéarla, ar an modh a deirtear sa tríú colún den Chuid sin os coinne an lua, nó gach ceann faoi leith de na luanna uile, a dhéantar ar an Airteagal sa dara colún sin.

(3) Aon tagairt i Sceideal 6 d’alt 6 d’Airteagal 34 den Bhunreacht, is tagairt í don alt den Airteagal sin arna uimhriú mar alt 6 le halt 4(c).

(4) Déantar leis seo an Bunreacht a leasú tuilleadh, mar a leanas:

(a) cuirfear an tAirteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 7 isteach i ndiaidh Airteagal 63 den téacs Gaeilge, agus

(b) cuirfear an tAirteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 7 isteach i ndiaidh Airteagal 63 den téacs Sacs-Bhéarla.