Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

CUID 3

Comhlachtaí Poiblí

Dualgas comhlachtaí poiblí na teangacha oifigiúla a úsáid ar stáiseanóireacht oifigiúil, etc.

9.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a mhéid a bheidh sonraithe, a bheidh fógairtí béil (cibé acu beo nó taifeadta) arna ndéanamh ag comhlacht poiblí, ceannteidil stáiseanóireachta a úsáideann comhlacht poiblí agus ábhar agus leagan amach aon chomharthaí nó fógrán dá chuid agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le haicmí éagsúla comhlachta, fógairtí béil, stáiseanóireachta, comharthaí nó fógrán.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.

(3) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.