|
Faoiseamh o rátaí.
|
13.—(1) Chun aon ráta do mheas agus do ghearra a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla chríochnóidh laistigh d'fhiche bliain o chríochnú aon oibre gur deonadh deontas fén Acht so mar chabhair chun a déanta, tuigfidh an t-údarás áitiúil sin gurb é an luacháil fé sna hAchtanna Luachála atá ar an tigh comhnaithe gur mar chabhair chun é do chur suas, do chur i bhfeabhas no do chur i méid a deonadh an deontas san no le n-a ngabhann an cró cearc no an cró muc gur mar chabhair chun é do chur suas, do chur i bhfeabhas no do chur i méid a deonadh an deontas san ná an luacháil do bhí i bhfeidhm don tigh comhnaithe sin, no don tigh comhnaithe 'nar cuireadh an tigh comhnaithe sin ina ionad, díreach roimh thosach na hoibre sin.
|
| |
(2) San alt so cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, agus coimisinéirí baile.
|