An tAcht na dTithe (Gaeltacht) 1929

Socrú chun có-cheannach do dhéanamh.

12.—(1) Más oiriúnach agus sa mhéid gur oiriúnach leis san do dhéanamh féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, socrú do dhéanamh chun a chur in usacht do dhaoine dá ndeonfar deontaisí fén Acht so abhair agus feistisí do cheannach a theastóidh uatha chun na hoibreacha do dhéanamh gur mar chabhair chúcha a deonfar na deontaisí sin.

(2) Pé uair is dó leis an Aire go bhfuil ana-dheacracht ag gabháil le haol no gainimh no iasacht scafaill agus ghléasra eile d'fháil agus go gcuireann san cosc no bac le hoibreacha do dhéanamh gur dineadh, no go mbeifear ar aigne, deontaisí no iasachtaí fén Acht so do cheadú mar chabhair chúcha, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, pé socrú do dhéanamh a mheasfa sé, leis an toiliú roimhráite, do bheith ceart chun aol no gainimh no iasacht scafaill no ghléasra eile do chur ar fáil no chun a chur in usacht iad d'fháil (pe'ca is gá sa chás) ar fhiacha réasúnta.