An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

13.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 16:

“16.—(1) Más rud é, maidir le comhalta d'fhoireann an Údaráis—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa,

beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an Údarás agus ní íocfaidh an tÚdarás leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais i leith caiteachas in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar é nó í amhlaidh, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt lena dtoirmisctear tréimhse atá luaite ann a ríomh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon aoisliúntais.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi BhuanOrduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí nó ina hionadaí den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis.”.