An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Ordacháin ón Aire don Údarás.

14.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 20:

“20A.—(1) Féadfaidh an tAire cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don Údarás maidir le beartas ginearálta.

(2) Maidir le hordachán faoi fho-alt (1), ní bheidh feidhm aige maidir le gnóthas tionsclaíoch aonair nó le scéim tháirgiúil fostaíochta aonair, agus leis sin amháin, agus ní thabharfaidh ordachán den sórt sin tosaíocht do limistéar amháin den Ghaeltacht de rogha ar limistéar eile den sórt sin maidir le suí gnóthais nó scéime den sórt sin.

(3) Leagfaidh an tÚdarás amach, ina thuarascáil bhliantúil, téacs d'ordachán faoi fho-alt (1) agus cén beart a bheidh déanta aige chun ordachán den sórt sin a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an tAire cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don Údarás maidir le gach ní nó le haon ní díobh seo a leanas:

(a) an tÚdarás do thabhú caiteachais i gcomhlíonadh a fheidhmeanna,

(b) an tÚdarás do thabhairt cúnaimh airgid faoi alt 10,

(c) an tÚdarás do dhiúscairt talún, foirgneamh, áitreabh nó gléasra,

(d) an tÚdarás do dhíol scaireanna i gcomhlacht corpraithe.

(5) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don Údarás maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha go léir dá dtagraítear in alt 12(2) nó maidir le haon cheann díobh.

(6) Féadfaidh an tAire cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don Údarás maidir le feidhmeanna an Údaráis a shonraítear in alt 8(1).

(7) Comhlíonfaidh an tÚdarás ordachán faoin alt seo.

(8) Maidir le treoir, cibé ainm a thabharfar uirthi, i dtaca le haon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (4) nó (5), arna tabhairt ag an Aire don Údarás roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar gur tugadh í faoin bhfo-alt sin ar an tosach feidhme sin.”.