An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Leasanna a nochtadh.

12.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15:

“15A.—(1) Más rud é, ag cruinniú den Údarás nó de choiste nó d'fhochoiste den Údarás, go n-éireoidh ceachtar de na nithe seo a leanas, eadhon—

(a) comhshocraíocht ar páirtí inti an tÚdarás nó comhshocraíocht den sórt sin atá beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an Údarás nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe,

ansin, maidir le comhalta den Údarás nó de choiste nó d'fhochoiste den Údarás a bhfuil leas airgid nó leas tairbhiúil eile aige nó aici, seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin, ar leas é sa ní, nó ar leas é atá ábhartha i leith an ní—

(i) nochtfaidh sé nó sí don Údarás, don choiste nó don fhochoiste, de réir mar a bheidh, go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cén cineál leasa é,

(ii) ní bheidh sé nó sí i láthair ag an gcruinniú nó ag an gcuid sin den chruinniú ar lena linn a phléifear an ní,

(iii) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh an tÚdarás, an coiste nó an fochoiste, de réir mar a bheidh, maidir leis an ní,

(iv) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bheidh le déanamh i ndáil leis an ní, agus

(v) ní vótálfaidh sé nó sí ar chinneadh a bhaineann leis an ní.

(2) I gcás ina ndéanfar leas a nochtadh don Údarás nó do choiste nó d'fhochoiste den Údarás de bhun fho-alt (1), déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an duine a dhéanfaidh an nochtadh sa chóram don chruinniú.

(3) I gcás ina n-éireoidh ceist i dtaobh an ionann nó nach ionann, nó arbh ionann nó nárbh ionann, iompar áirithe a dhéanann duine, nó a bhfuil duine chun é a dhéanamh, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, is é an tÚdarás, an coiste nó an fochoiste lena mbaineann, de réir mar a bheidh, a chinnfidh an cheist agus déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

(4) Maidir le comhalta d'fhoireann an Údaráis, nó le sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh fostaithe ag an Údarás, a bhfuil leas airgid nó leas tairbhiúil eile aige nó aici, seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta, mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir den sórt sin, de réir mar a bheidh, ar leas é i ní, nó ar leas é atá ábhartha i leith ní, a shonraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1)—

(a) nochtfaidh sé nó sí don Údarás go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cén cineál leasa é,

(b) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh an tÚdarás nó na comhaltaí dá fhoireann maidir leis an ní, agus

(c) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bheidh le déanamh i ndáil leis an ní.

(5) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó (4), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine i ní más rud é—

(a) gur comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil sa ní, nó leas atá ábhartha i leith an ní, é nó í nó comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach, nó ainmnitheach dá chuid nó dá cuid nó de chuid comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach,

(b) go bhfuil sé nó sí nó comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach i gcomhpháirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, ag cuideachta nó ag gnóthas eile, ag a bhfuil leas tairbhiúil sa ní nó leas atá ábhartha i leith an ní,

(c) gur páirtí é nó í nó comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (cibé acu infheidhmithe nó nach ea) i ndáil le talamh lena mbaineann an ní, nó

(d) go bhfuil leas tairbhiúil ag comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach sa ní, nó go bhfuil leas aige nó aici atá ábhartha i leith an ní.

(6) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar leas tairbhiúil i ní, nó leas atá ábhartha i leith ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin leas a bheith aige nó aici, nó ag aon duine, ag aon chuideachta, ag aon chomhlacht nó ag aon ghnóthas a luaitear i bhfo-alt (5), ar leas é atá chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach sin nach féidir a mheas le réasún gur dócha go n-imreoidh sé tionchar ar an duine le linn dó nó di plé nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist maidir leis an ní, nó le linn dó nó di aon fheidhm a bhaineann leis an ní a chomhlíonadh.

(7) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.