Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

/static/images/base/harp.jpg


Uimhir 49 de 2021


ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA (LEASÚ), 2021


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Míniú

2. Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht

3. Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 4A agus 4B a chur isteach

4. Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

5. Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 9A go 9E a chur isteach

6. Fógraíocht ag comhlachtaí poiblí

7. Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht

8. Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 18A go 18F a chur isteach

9. Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 19A go 19D a chur isteach

10. Leasú ar alt 21 den Phríomh-Acht

11. Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht

12. Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht

13. Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 31A go 31C a chur isteach

14. Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht

15. Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

16. Leasú ar alt 12 d’Acht na nGiúiréithe, 1976

17. Aisghairm

18. Deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha

19. Foráil idirthréimhseach

20. Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme


Na nAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2008 (Uimh. 14)

Acht na gCuideachtaí, 2014 (Uimh. 38)

Achtanna na gCuideachtaí

Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34)

Acht na nGiúiréithe, 1976 (Uimh. 4)

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32)

/static/images/base/harp.jpg


Uimhir 49 de 2021


ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA (LEASÚ), 2021


Acht do leasú agus do leathnú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ; do leasú Acht na nGiúiréithe, 1976 ; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[22nd Nollaig, 2021]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 .

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht

2. Leasaítear alt 2(1) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar ‘limistéar Gaeltachta’:

“tá le ‘limistéar Gaeltachta’ an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht 2012;”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar ‘ceann comhlachta phoiblí’:

“ciallaíonn ‘ceann comhlachta phoiblí’ an duine arna cheapadh nó arna ceapadh ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach ar an gcomhlacht poiblí nó, i gcás nach mbeidh aon duine den sórt sin ceaptha, an duine arna shainainmniú nó arna sainainmniú le hordú ón Rialtas arna dhéanamh faoi alt 4A chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta seo;”,

(c) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘Acht 2012’ Acht na Gaeltachta, 2012 ;

tá le ‘Coiste Comhairleach’ an bhrí a shanntar dó le halt 18A;

déanfar ‘lá bunaithe’ a fhorléiriú de réir alt 18A;

tá le ‘Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta’ an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht 2012;

tá le ‘Baile Seirbhíse Gaeltachta’ an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht 2012;

tá le ‘Líonra Gaeilge’ an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht 2012;

tá le ‘Plean Náisiúnta’ an bhrí a shanntar dó le halt 18C;

ciallaíonn ‘foirm oifigiúil’ foirm, lena n-áirítear foirm leictreonach, a úsáideann comhlacht poiblí i dtaca leis an gcomhlacht sin do sholáthar seirbhíse;

ciallaíonn ‘comhlacht reachtúil’ comhlacht arna bhunú le reacht nó faoi reacht;”.

Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 4A agus 4B a chur isteach

3. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:

“Ceann comhlachta phoiblí a cheapadh

4A. (1) Más rud é, de thuras na huaire, nach mbeidh duine ar bith arna cheapadh nó arna ceapadh ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach ar chomhlacht poiblí, féadfaidh an Rialtas, le hordú, duine a shainainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta seo.

(2) Déanfar gach ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Tuarascáil ar chomhlíonadh oibleagáidí faoin Acht

4B. Déanfaidh ceann comhlachta phoiblí—

(a) comhalta foirne eile den chomhlacht a cheapadh, ón mbainistíocht shinsearach, chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo agus tuarascáil a thabhairt dó nó di, de réir mar is cuí, i ndáil le hoibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo, agus

(b) a chinntiú go ndéanfar achoimre ar aon cheann de na nithe arna dtuairisciú dó nó di de réir mhír (a) a áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta lena mbaineann.”.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “nó fógrán” a scriosadh gach áit a bhfuil sé, agus

(ii) trí “stáiseanóireachta nó comharthaí” a chur in ionad “stáiseanóireachta, comharthaí”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás go ndéanfaidh duine cumarsáid i scríbhinn, leis an bpost leictreonach nó ar na meáin shóisialta, i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.”,

agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) I gcás go ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme nó chun margaíocht a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí nó ar a chuid seirbhísí leis an bpobal nó leis an aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, a bheidh an chumarsáid.

(4) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid dá dtagraítear i bhfo-alt (3)—

(a) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

(b) más rud é, maidir leis an téacs a bheidh i nGaeilge, go mbeidh cuid de giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.”.

Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 9A go 9E a chur isteach

5. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9:

“Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge

9A. (1) D’fhonn a chinntiú go ndéanfaidh comhlacht poiblí ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge, a thaifeadadh agus a úsáid i gceart, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), na seirbhísí a thairgeann nó a sholáthraíonn an comhlacht a shonrú, is seirbhísí ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é.

(3) Cinnteoidh comhlacht poiblí a fhorordófar faoi fho-alt (1) go mbeidh na córais faisnéise agus chumarsáide, agus aon chórais eile (cibé acu córais leictreonacha nó eile), a úsáideann an comhlacht ina chumarsáidí leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, de réir mar is cuí, cumraithe ar mhodh—

(a) lena gceadófar, leis na córais sin, ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart i ndáil leis na seirbhísí arna dtairiscint nó arna soláthar ag an gcomhlacht ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é, agus

(b) lena ndéanfar úsáid an tsínte fhada sa téacs Gaeilge a éascú.

(4) (a) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 mhí ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chun cuidiú le comhlachtaí poiblí a gcuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi ailt 9B, 9C agus 9D a chomhlíonadh.

(b) Beidh aird ag comhlacht poiblí ar na treoirlínte, más ann, a eiseofar faoi mhír (a) le linn dó a chuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi ailt 9B, 9C agus 9D a chomhlíonadh.

(c) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, treoirlínte a eiseofar faoi mhír (a) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

(d) Déanfaidh an tAire, i gceann cibé eatramh is cuí leis nó léi, treoirlínte a eiseofar faoi mhír (a) a athmheas agus beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo maidir le hullmhú, eisiúint agus foilsiú na dtreoirlínte athmheasta sin mar atá feidhm acu maidir leis na treoirlínte a eisíodh i gcéaduair.

Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le foirmeacha oifigiúla

9B. (1) D’fhonn ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla de chuid comhlacht poiblí a fhorordú, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), a fhorordú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla an chomhlachta phoiblí agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le comhlachtaí poiblí éagsúla nó le foirmeacha oifigiúla éagsúla.

(3) Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineann:

(a) an t-ord ina mbeidh an téacs i ngach teanga san fhoirm oifigiúil;

(b) feiceálacht, infheictheacht, inléiteacht, méid, cló, cuma fhoriomlán agus stíl téacs teanga amháin san fhoirm oifigiúil i leith théacs na teanga eile;

(c) an gá atá ann go gcuirfear an teachtaireacht chéanna in iúl le gach ceann de na teangacha oifigiúla;

(d) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;

(e) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach teanga.

(4) Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge amháin a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineann:

(a) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;

(b) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach ceann de na teangacha.

Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le lógónna

9C. (1) Cinnteoidh comhlacht poiblí, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, i gcás go mbeidh a lógó á athnuachan nó á athrú aige, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs is cuid den lógó nua nó den lógó athraithe.

(2) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) beidh an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge roimh an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla,

(b) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

(c) más rud é go mbeidh cuid den téacs a bheidh i nGaeilge giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.

(3) San alt seo agus in alt 9D, ciallaíonn ‘lógó’ an lógó a úsáideann comhlacht de ghnáth ar cheannteidil stáiseanóireachta, libhré nó comharthaíocht de chuid an chomhlachta agus lena ngabhann, i gcoitinne, ainm an chomhlachta, agus folaíonn sé lógó aon scéime, cláir, tionscnaimh beartais nó suímh gréasáin arna riaradh ag an gcomhlacht nó dá bhfuil an comhlacht freagrach.

(4) I bhfo-alt (1), folóidh ‘téacs’ aon ghiorrúchán nó acrainm ar ainm, i nGaeilge, an chomhlachta lena mbaineann.

Ainmneacha agus lógónna comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe

9D. (1) Maidir le hainm comhlachta reachtúil a bhunófar, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, is i nGaeilge a bheidh sé.

(2) Maidir le téacs is cuid de lógó comhlachta reachtúil a bhunófar, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh sé.

(3) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(a) beidh an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge roimh an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla,

(b) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

(c) más rud é go mbeidh cuid den téacs a bheidh i nGaeilge giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.

Seirbhísí pobal-inrochtana

9E. (1) Déanfaidh comhlacht poiblí gach beart cuí chun a chinntiú, i gcás go soláthraíonn duine seirbhís phobal-inrochtana thar ceann an chomhlachta phoiblí, go ndéanfaidh an duine sin, i leith sholáthar na seirbhíse sin, na nithe seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) rialacháin faoi alt 9(1) a mbeidh feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann,

(b) fo-ailt (2) agus (3) d’alt 9, agus

(c) cibé caighdeáin de na caighdeáin teanga iomchuí arna bhforordú ag an Aire faoi alt 19A(2), is caighdeáin a mbeidh feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(2) San alt seo, ciallaíonn ‘seirbhís phobal-inrochtana’ seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar ag duine seachas comhlacht poiblí, is cuma i gcomhair luach saothair nó nach ea, don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne thar ceann comhlacht poiblí.”.

Fógraíocht ag comhlachtaí poiblí

6. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“10A. (1) Cinnteoidh comhlacht poiblí—

(a) gur i nGaeilge a bheidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain, agus

(b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.

(2) San alt seo—

ciallaíonn ‘fógraíocht’—

(a) cumarsáid tráchtála d’aon chineál a bhfuil d’aidhm léi, nó a bhfuil d’éifeacht léi, go díreach nó go neamhdhíreach, táirge nó seirbhís de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann a chur chun cinn, agus

(b) cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal, i leith na nithe seo a leanas—

(i) foireann a earcú,

(ii) tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais,

(iii) talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol,

(iv) seirbhísí a sholáthar, nó

(v) comhchomhairliúchán poiblí;

ciallaíonn “meáin Ghaeilge” aon mheáin ina bhfuil 50 faoin gcéad nó níos mó d’ábhar na meán sin trí mheán na Gaeilge.”.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht

7. Leasaítear alt 14 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I gcás go mbeidh caighdeán teanga forordaithe, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí faoi alt 19A(2), maidir le scéim arna daingniú ag an Aire faoin alt seo nó de bhun alt 15, scoirfidh sí de bheith i bhfeidhm, d’ainneoin fho-alt (3).”.

Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 18A go 18F a chur isteach

8. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 18:

“An Coiste Comhairleach a bhunú

18A. (1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith, chun bheith ina lá bunaithe (dá ngairtear an ‘lá bunaithe’ san Acht seo) chun críocha an Achta seo.

(2) An lá bunaithe, beidh coiste arna bhunú ar a dtabharfar an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge (dá ngairtear ‘an Coiste Comhairleach’ san Acht seo).

(3) Is é nó is í an tAire a sholáthróidh rúnaíocht agus feidhmeanna feidhmiúcháin an Choiste Chomhairligh agus áireofar leo, ar iarraidh a fháil ó chomhalta den Choiste Comhairleach nó de réir mar is cuí leis an Aire, saoráidí chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí de chuid an choiste.

(4) Déanfar ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Comhaltas an Choiste Chomhairligh

18B. (1) Is iad a bheidh ar an gCoiste Comhairleach na comhaltaí seo a leanas—

(a) Cathaoirleach, agus

(b) líon gnáthchomhaltaí nach lú ná 5 ná nach mó ná 10,

agus is é nó is í an tAire a cheapfaidh gach duine acu.

(2) Déanfaidh an tAire aon chomhalta amháin den Choiste Comhairleach a shainainmniú mar Chathaoirleach, agus is duine atá inniúil i nGaeilge an duine arna shainainmniú nó arna sainainmniú amhlaidh.

(3)Áireofar ar ghnáthchomhaltaí an Choiste Chomhairligh—

(a) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire mar ionadaí don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta,

(b) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar ionadaí don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe,

(c) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí mar ionadaí don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,

(d) 6 chomhalta eile ar a mhéid a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí poiblí mar ionadaithe do na comhlachtaí poiblí sin is cuí leis an Aire,

(e) aon chomhalta amháin a bheidh inniúil i nGaeilge agus a bheidh ainmnithe ag an Aire, tar éis próiseas arna bhunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, mar ionadaí do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, agus

(f) aon chomhalta amháin a bheidh inniúil i nGaeilge agus a bheidh ainmnithe ag an Aire, tar éis próiseas arna bhunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, mar ionadaí do limistéir den Stát nach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

(4) Beidh comhalta den Choiste Comhairleach faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, agus íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(5) Más rud é go bhfuil an Cathaoirleach neamhábalta ar chúis ar bith gníomhú mar Chathaoirleach, féadfaidh an tAire comhalta eile den Choiste Comhairleach a shainainmniú chun gníomhú mar Chathaoirleach.

(6) Sealbhóidh comhalta den Choiste Comhairleach oifig ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 6 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire.

(7) Faoi réir fho-alt (8), beidh comhalta den Choiste Comhairleach a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun an Choiste Chomhairligh.

(8) Aon chomhalta den Choiste Comhairleach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma oifige as a chéile, ní bheidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste Chomhairligh go dtí go mbeidh tréimhse 6 bliana caite tar éis dheireadh an dara téarma as a chéile.

(9) Féadfaidh comhalta den Choiste Comhairleach éirí as an gCoiste Comhairleach trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir, nó ar an dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(10) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Choiste Comhairleach a chur as comhaltas den Choiste Comhairleach más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tar éis éirí éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó gur dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as comhaltas chun go gcomhlíonfaidh an Coiste Comhairleach a fheidhmeanna go héifeachtach.

(11) Scoirfidh comhalta den Choiste Comhairleach de bheith, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste Comhairleach más rud é, maidir leis an gcomhalta sin—

(a) ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla, go ngearrfar téarma príosúnachta air nó uirthi, nó

(b) go bhfuil sé nó sí, nó go measfar é nó í a bheith, faoi réir ordú dícháilíochta, de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 14 d’ Acht na gCuideachtaí, 2014 , cibé acu de bhua na Caibidle sin nó de bhua aon fhoráil eile den Acht sin.

(12) Is é nó is í an tAire a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Chomhairligh.

Feidhmeanna an Choiste Chomhairligh

18C. (1) Déanfaidh an Coiste Comhairleach—

(a) a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis an lae bunaithe, Plean Náisiúnta (dá ngairtear an ‘Plean Náisiúnta’ san Acht seo), maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge ar feadh tréimhse a bheidh sonraithe sa Phlean Náisiúnta (is tréimhse nach faide ná 6 bliana), a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú d’fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) seirbhísí a shainaithint is seirbhísí a sholáthraíonn comhlacht poiblí nó aicme comhlachtaí poiblí agus nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge agus ar i ndáil leo atá an Coiste Comhairleach den tuairim gur chóir caighdeán teanga a fhorordú faoi alt 19A(2), agus

(ii) straitéisí a shonrú, ar feadh na tréimhse lena mbaineann an Plean Náisiúnta, is straitéisí a fhéadfaidh comhlachtaí poiblí a úsáid (lena n-áirítear an chaoi a mbainfear an úsáid is fearr as acmhainní atá ar fáil do na comhlachtaí) ionas go bhféadfar seirbhísí de chuid na gcomhlachtaí poiblí lena mbaineann nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh,

(b) comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi a bhféadfar seirbhísí nach soláthraíonn na comhlachtaí trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh, lena n-áirítear an méid seo a leanas—

(i) comhairle maidir leis an líon foirne agus leis an ngrád foirne atá inniúil i nGaeilge a mbeadh gá ag an gcomhlacht leo chun na seirbhísí sin a sholáthar trí mheán na Gaeilge,

(ii) ag féachaint don chuspóir dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), moltaí maidir leis an gcaoi a méadófar an líon foirne atá inniúil i nGaeilge, agus

(iii) comhairle maidir leis an leibhéal inniúlachta, ag féachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, is gá a bheith ag duine chun go soláthróidh sé nó sí na seirbhísí sin trí mheán na Gaeilge,

(c) cibé taighde a sheoladh, nó a choimisiúnú go seolfar cibé taighde, is cuí leis an gCoiste Comhairleach d’fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi mhíreanna (a) agus (b), agus

(d) gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe, suirbhé ar an leibhéal inniúlachta i nGaeilge atá ag foireann comhlachtaí poiblí a sheoladh agus a chur faoi bhráid an Aire, agus áireofar na nithe seo a leanas i suirbhé den sórt sin:

(i) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge;

(ii) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí a bhfuil cúrsa oiliúna Gaeilge déanta acu;

(iii) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí a labhraíonn an Ghaeilge san ionad oibre, cibé acu le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhall nó ar shlí eile, agus a mhinice a labhraíonn siad an Ghaeilge.

(2) Ullmhóidh an Coiste Comhairleach gach Plean Náisiúnta dá éis sin tráth nach luaithe ná 6 mhí, agus nach déanaí ná 3 mhí, roimh dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe sa Phlean Náisiúnta agus beidh feidhm ag alt 18D, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le gach Plean Náisiúnta dá éis sin amhail is dá mba thagairt do Phlean Náisiúnta dá éis sin aon tagairt don Phlean Náisiúnta san alt sin.

(3) Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, beidh aird ag an gCoiste Comhairleach ar na cuspóirí seo a leanas—

(a) na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge, agus

(b) an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, a luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.

(4) Beidh ag an gCoiste Comhairleach na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Dualgas an Aire i leith Plean Náisiúnta arna ullmhú faoi alt 18C

18D. (1) Déanfaidh an tAire—

(a) laistigh de 3 mhí ón bPlean Náisiúnta a fháil faoi alt 18C(1)(a)—

(i) an Plean Náisiúnta a cheadú gan mhodhnú nó fara cibé modhnuithe is cuí leis nó léi,

(ii) an dáta ar ar chóir don Phlean Náisiúnta teacht i ngníomh a shonrú, agus

(iii) an Plean Náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais,

agus

(b) a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—

(i) a chur faoi deara cóipeanna den Phlean Náisiúnta a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(ii) cóip den Phlean Náisiúnta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

(2) Féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis nó léi, a iarraidh ar chomhlacht poiblí, a mbeidh seirbhísí sainaitheanta ina leith sa Phlean Náisiúnta mar sheirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht lena mbaineann nach bhfuil á soláthar trí mheán na Gaeilge, tuarascáil a thabhairt don Aire i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta ag an gcomhlacht chun na seirbhísí a sholáthar amhlaidh agus chun an Plean a chur i ngníomh, agus is é nó is í an tAire a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar chur i ngníomh an Phlean ag na comhlachtaí poiblí sin go léir.

Comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

18E. Déanfaidh an tAire, le hordú, laistigh de 3 mhí ón tráth a dhéanfar an Plean Náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais faoi alt 18D(1)(a)(iii) agus aird aige nó aici ar an bPlean Náisiúnta—

(a) an dáta a shonrú faoina dtiocfaidh an Ghaeilge chun bheith ina teanga oibre in oifigí, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, comhlachta phoiblí nó aicme comhlachtaí poiblí agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla, agus

(b) an dáta a shonrú faoina ndéanfar na seirbhísí go léir arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (lena n-áirítear seirbhísí den sórt sin arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí ó áit lasmuigh den Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta) a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla.

Tuarascáil an Choiste Chomhairligh

18F. (1) Déanfaidh an Coiste Comhairleach, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire agus don Choimisinéir maidir lena chuid oibre le linn na bliana roimhe sin nó, i gcás na chéad tuarascála ar dhul chun cinn uaidh, maidir lena chuid oibre ón lá bunaithe suas go dtí an 31 Nollaig an bhliain ina dhiaidh sin agus an lá sin san áireamh.

(2) D’ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an Coiste Comhairleach, ó am go ham, cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a mheasfaidh sé is cuí a thabhairt don Aire agus tabharfaidh sé don Aire aon fhaisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a iarrfaidh an tAire.

(3) Déanfaidh an Coimisinéir, laistigh de 6 mhí ón tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil, tráchtaireacht ar an tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(4) Déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí ón tráchtaireacht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a fháil, an tráchtaireacht agus an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur faoi bhráid an Rialtais agus, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—

(a) a chur faoi deara cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(b) cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.”.

Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 19A go 19D a chur isteach

9. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 19:

“Caighdeáin teanga

19A. (1) D’fhonn caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin teanga a mbeidh feidhm acu maidir le comhlacht poiblí nó maidir le haicme comhlachtaí poiblí chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire den Rialtas a bhfuil feidhmeanna dílsithe dó nó di i ndáil leis an gcomhlacht nó le gach ceann de na comhlachtaí san aicme comhlachtaí poiblí, an comhlacht poiblí nó an aicme comhlachtaí poiblí a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin teanga a mbeidh feidhm acu maidir le comhlacht poiblí nó maidir le haicme comhlachtaí poiblí a fhorordófar faoi fho-alt (1), agus féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin éagsúla maidir le comhlachtaí poiblí éagsúla nó maidir le haicmí éagsúla comhlachtaí poiblí.

(3) Maidir le caighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2), féadfaidh caighdeáin a bheith ar áireamh iontu lena sonrófar an méid seo a leanas—

(a) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge, ag an gcomhlacht poiblí nó ag an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann,

(b) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon, ag an gcomhlacht poiblí nó ag an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann,

(c) an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag foireann de chuid an chomhlachta phoiblí nó de chuid na haicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann chun an méid seo a leanas a dhéanamh—

(i) a chumasú don chomhlacht poiblí nó don aicme comhlachtaí poiblí míreanna (a) agus (b) a chomhlíonadh, agus

(ii) a chumasú d’fhoireann de chuid gach ceann de na comhlachtaí poiblí lena mbaineann cumarsáid a dhéanamh, laistigh den chomhlacht sin, le foireann eile de chuid an chomhlachta—

(I) trí mheán na Gaeilge, nó

(II) trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon,

agus

(d) i gcás go bhfuil seirbhís, clár nó beartas á seachadadh nó á sheachadadh nó á cur i ngníomh nó á chur i ngníomh ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí, nó go mbeartaíonn comhlacht poiblí nó aicme comhlachtaí poiblí seirbhís, clár nó beartas a sheachadadh nó a chur i ngníomh, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge, a mhéid a chuirfear i gcuntas an tionchar teanga ar an Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, ar an mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó ar an Líonra Gaeilge lena mbaineann maidir le seachadadh nó cur i ngníomh na seirbhíse, an chláir nó an bheartais sin.

(4) Le linn dó nó di caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar an méid seo a leanas—

(a) na seirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge,

(b) aon scéim a bheidh i bhfeidhm i leith an chomhlachta faoi alt 14,

(c) aon chaighdeán teanga a fhorordófar faoin alt seo, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhlacht,

(d) a mhéid a idirghníomhaíonn an comhlacht poiblí nó an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne,

(e) a mhéid a fhéadfaidh seirbhís, clár nó beartas arna seachadadh nó arna sheachadadh nó arna cur i ngníomh nó arna chur i ngníomh, nó a bheidh le seachadadh nó le cur i ngníomh, ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí difear a dhéanamh don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge, agus aird ar leith ar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta,

(f) aon bharúlacha a gheobhaidh sé nó sí faoi fho-alt (6)(c) nó (d), agus

(g) seirbhísí a shainaithneofar sa Phlean Náisiúnta.

(5) Cinnteoidh an tAire, le linn dó nó di caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2), nach mbeidh d’éifeacht le caighdeán a bheidh le forordú a cheangal ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann líon níos lú seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge ná an líon arna sholáthar ag an gcomhlacht (de dheoin an chomhlachta féin, de bhun scéim a bheidh i bhfeidhm i leith an chomhlachta faoi alt 14 nó de bhun caighdeán teanga arna fhorordú faoin alt seo) roimh an gcaighdeán a fhorordú.

(6) Sula ndéanfaidh an tAire caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2)—

(a) rachaidh sé nó sí i gcomhairle—

(i) le cibé Aire eile den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an Aire eile sin, agus

(ii) le cibé comhlacht poiblí is cuí leis an Aire,

(b) lorgóidh sé nó sí comhairle an Choiste Chomhairligh,

(c) déanfaidh sé nó sí dréacht de na caighdeáin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus 3 mhí, ón dáta foilsithe, a thabhairt don phobal i gcoitinne chun barúlacha, i scríbhinn, a sholáthar don Aire ar na dréachtchaighdeáin, agus

(d) rachaidh sé nó sí i dteagmháil le gach comhlacht poiblí a mbeidh feidhm ag caighdeán maidir leis lena chur in iúl go bhféadfaidh an comhlacht, laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe na ndréachtchaighdeán faoi mhír (c), a bharúlacha ar na dréachtchaighdeáin a sholáthar don Aire.

(7) Féadfaidh an tAire, i gcás gur cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(c) nó (d) a fhadú.

(8) Déanfaidh an tAire cóip de chaighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2) a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir.

(9) (a) Déanfaidh an tAire, ó am go ham ach uair amháin ar a laghad gach 5 bliana, athbhreithniú ar chaighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2).

(b) Le linn dó nó di an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír (a) a dhéanamh, lorgóidh an tAire comhairle an Choiste Chomhairligh.

(10) D’ainneoin an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a ordú do chomhlacht poiblí, i ndáil leis na seirbhísí sin dá chuid a sheachadtar trí mheán an Bhéarla amháin, plean a tharraingt suas chun na seirbhísí sin a sheachadadh trí mheán na Gaeilge freisin, mar aon le meastachán a thabhairt ar an tréimhse ama is gá chun an plean a chur i ngníomh.

Dualgas caighdeáin teanga a chomhlíonadh

19B. (1) I gcás go mbeidh caighdeán teanga forordaithe, faoi alt 19A(2), ag an Aire, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, déanfaidh an comhlacht, mura mbeidh maolú deonaithe agus go dtí go mbeidh maolú deonaithe i leith an chaighdeáin nó i leith cuid den chaighdeán, an caighdeán, nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.

(2) Ní fhorléireofar aon ní i gcaighdeán teanga a fhorordófar faoi alt 19A(2), is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, mar ní a thoirmisceann ar chomhlacht poiblí bearta breise a chur i ngníomh chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn laistigh dá eagraíocht.

Maolú ar chaighdeáin teanga

19C. (1) Laistigh de 3 mhí tar éis caighdeán teanga a fhorordú, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhlacht faoi alt 19A(2), féadfaidh comhlacht poiblí iarratas a dhéanamh, i scríbhinn, chuig an Aire chun maolú a lorg ar an gcaighdeán nó ar chuid den chaighdeán.

(2) Beidh na nithe seo a leanas in iarratas faoi fho-alt (1)—

(a) ráiteas ina leagfar amach na cúiseanna go measann an comhlacht nach mbeidh sé in ann an caighdeán teanga, nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh mar gheall ar na nithe seo a leanas—

(i) gan dóthain foirne de chuid an chomhlachta, ag a mbeidh an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge, a bheith ar fáil, go háirithe i suíomhanna geografacha iargúlta,

(ii) mainneachtain ag an gcomhlacht, d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha agus sásúla, foireann ag a mbeidh an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge a earcú, nó

(iii) neamh-chomhoiriúnacht na gcóras láithreach teicneolaíochta faisnéise nó na gcóras láithreach eile atá ag an gcomhlacht i ndáil leis an gcomhlacht do chomhlíonadh an chaighdeáin bheartaithe, mar gheall ar chumraíocht láithreach na gcóras sin,

(b) plean lena dtabharfar sracléiriú ar an ngníomh a dhéanfaidh an comhlacht—

(i) chun aon éifeachtaí dochracha ar an bpobal i gcoitinne nó ar aicme den phobal i gcoitinne a laghdú, a mhéid is féidir, de réir mar is cuí, de thoradh an maolú a dheonú, agus

(ii) chun a chumasú dó an caighdeán beartaithe a chomhlíonadh ar dháta sonraithe sa todhchaí,

agus

(c) aon fhaisnéis eile a mheasann an comhlacht is iomchuí maidir leis an iarratas.

(3) Le linn dó nó di breithniú a dhéanamh i dtaobh maolú a dheonú faoin alt seo, beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas—

(a) an ráiteas, an plean agus aon fhaisnéis eile a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (2), agus

(b) aon ní eile a mheasann an tAire is iomchuí.

(4) Le linn dó nó di breithniú a dhéanamh i dtaobh maolú a dheonú faoin alt seo, féadfaidh an tAire dul i gcomhairle leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann nó le cibé duine eile is cuí leis an Aire.

(5) Faoi réir fho-alt (6), déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí ón iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil, nó cibé tréimhse bhreise nach faide ná 6 mhí, maolú ar an gcaighdeán teanga lena mbaineann, nó ar chuid den chaighdeán lena mbaineann, a dheonú nó diúltú an céanna a dheonú.

(6) Ní dhéanfaidh an tAire maolú a dheonú faoin alt seo i gcás go mbeadh d’éifeacht leis, dá ndéanfaí amhlaidh, a cheangal ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann líon níos lú seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge ná an líon arna sholáthar ag an gcomhlacht (de dheoin an chomhlachta féin, de bhun scéim a bheidh i bhfeidhm faoi alt 14 nó de bhun caighdeán teanga arna fhorordú faoi alt 19A) roimh an gcaighdeán, ar ina leith a bheidh an t-iarratas faoi fho-alt (1) déanta, a fhorordú.

(7) (a) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí, i dtuairim an Aire, a chur ag gabháil le maolú a dheonófar faoin alt seo.

(b) Faoi réir fho-alt (8), féadfaidh an tAire tréimhse a shonrú, is tréimhse nach faide ná 3 bliana, ar i ndáil léi a bheidh feidhm ag maolú, agus ar ina diaidh a bheidh feidhm ag an gcaighdeán teanga nó ag an gcuid den chaighdeán, ar ina leith a bheidh an maolú deonaithe, maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(8) Féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, an tréimhse, ar ar a feadh a bheidh feidhm ag maolú a dheonófar faoin alt seo, a fhadú ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 2 bhliain.

(9) Aon chomhlacht poiblí a mbeidh maolú deonaithe dó, tabharfaidh sé tuarascáil don Aire laistigh de 12 mhí ón maolú a dheonú nó cibé tréimhse is giorra ná sin a shonróidh an tAire i gcoinníoll a bheidh ag gabháil leis an maolú, agus tráth nach déanaí ná deireadh gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin go dtí go rachaidh an maolú in éag, chun sracléiriú a thabhairt ar an ngníomh a bheidh déanta ag an gcomhlacht le linn na tréimhse sin ionas go bhféadfaidh an comhlacht an caighdeán teanga beartaithe a chomhlíonadh faoi dháta sonraithe sa todhchaí.

Treoirlínte i leith caighdeáin teanga

19D. (1) Féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint chun treoir phraiticiúil a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir leis na comhlachtaí sin do chomhlíonadh caighdeáin teanga a fhorordófar faoi alt 19A(2).

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, aon treoirlínte a eiseofar faoi fho-alt (1) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.”.

Leasú ar alt 21 den Phríomh-Acht

10. Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) faireachán a dhéanamh, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, ar chomhlíonadh aon achtacháin eile ag comhlachtaí poiblí, is achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla,”.

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht

11. Leasaítear alt 29 den Phríomh-Acht trí “den Acht seo, nó fhorálacha aon achtacháin, nó aon fhorálacha áirithe d’aon achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla,” a chur in ionad “den Acht seo,”.

Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht

12. Leasaítear alt 31 den Phríomh-Acht tríd an míniú ar “an Coimisiún” a scriosadh.

Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 31A go 31C a chur isteach

13. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 31:

“An Coiste Logainmneacha a bhunú

31A. (1) Beidh arna bhunú ar thosach feidhme alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 coiste ar a dtabharfar an Coiste Logainmneacha.

(2) Is é nó is í an tAire a sholáthróidh rúnaíocht agus feidhmeanna feidhmiúcháin an Choiste Logainmneacha.

Comhaltas an Choiste Logainmneacha

31B. (1) Is iad a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha na comhaltaí seo a leanas—

(a) Cathaoirleach, agus

(b) líon gnáthchomhaltaí nach lú ná 7 ná nach mó ná 10,

agus is é nó is í an tAire a cheapfaidh gach duine acu.

(2) Déanfaidh an tAire comhalta amháin den Choiste Logainmneacha a shainainmniú mar Chathaoirleach.

(3) Is daoine atá inniúil i nGaeilge a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha, agus—

(a) beidh taithí nó saineolas, nó taithí agus saineolas araon, acu ar nithe a bhaineann le logainmneacha, nó

(b) is saineolaithe ar stair na hÉireann a bheidh iontu.

(4) Beidh comhalta den Choiste Logainmneacha faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, agus íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(5) Más rud é nach bhfuil an Cathaoirleach ábalta ar aon chúis leanúint de bheith ag gníomhú mar Chathaoirleach, féadfaidh an tAire comhalta eile den Choiste Logainmneacha a shainainmniú chun gníomhú mar Chathaoirleach.

(6) Beidh comhalta den Choiste Logainmneacha i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 3 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire.

(7) Faoi réir fho-alt (8), beidh comhalta den Choiste Logainmneacha a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun an Choiste Logainmneacha.

(8) Maidir le comhalta den Choiste Logainmneacha a mbeidh 2 théarma oifige as a chéile curtha isteach aige nó aici, ní bheidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste Logainmneacha go dtí go mbeidh tréimhse 3 bliana caite tar éis dheireadh an dara téarma as a chéile.

(9) Féadfaidh comhalta den Choiste Logainmneacha éirí as an gCoiste Logainmneacha trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir nó ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(10) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Choiste Logainmneacha a chur as oifig mar chomhalta den Choiste Logainmneacha más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó gur dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as oifig chun go gcomhlíonfaidh an Coiste Logainmneacha a fheidhmeanna go héifeachtach.

(11) Scoirfidh comhalta den Choiste Logainmneacha de bheith, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste Logainmneacha más rud é, maidir leis an gcomhalta sin—

(a) ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla, go ngearrfar téarma príosúnachta air nó uirthi, nó

(b) go bhfuil sé nó sí, nó go measfar é nó í a bheith, faoi réir ordú dícháilíochta, de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 14 d’ Acht na gCuideachtaí, 2014 , cibé acu de bhua na Caibidle sin nó de bhua aon fhoráil eile den Acht sin.

(12) Is é nó is í an tAire a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Logainmneacha.

Feidhmeanna an Choiste Logainmneacha

31C. (1) Maidir leis an gCoiste Logainmneacha—

(a) déanfaidh sé comhairle a sholáthar don Aire maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh faoi alt 32,

(b) déanfaidh sé taighde, nó déanfaidh sé taighde a choimisiúnú, i ndáil le logainmneacha,

(c) déanfaidh sé, ar iarraidh a fháil, cibé faisnéis maidir le logainmneacha, is cuí leis an gCoiste Logainmneacha, a sholáthar don phobal agus do chomhlachtaí poiblí, agus

(d) beidh aige cibé feidhmeanna eile a fhorordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Le linn don Choiste Logainmneacha a fheidhmeanna faoi fho-alt (1) a chomhall, déanfaidh sé, a mhéid is dóigh leis is gá chun na críche sin, aon obair nó aon chomhairle arna cur i gcrích ag an gcomhlacht ar a dtugtar an Coimisiún Logainmneacha, arna bhunú le barántas ón Aire Airgeadais dar dáta an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, agus ag an gcoiste neamhreachtúil (ar a dtugtar an Coiste Logainmneacha) a bhí ar marthain roimh thosach feidhme alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a chur i gcuntas agus a sholáthar don Aire.”.

Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht

14. Leasaítear alt 32(1) den Phríomh-Acht trí “ón gCoiste Logainmneacha” a chur in ionad “ón gCoimisiún”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

15. Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i mír 1—

(i) trí fhomhír (4) a scriosadh, agus

(ii) i bhfomhír (5), tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (d):

“(d) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile—

(i) a bhfuil feidhmeanna a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, tugtha dó nó di le haon achtachán, nó

(ii) a gceadaítear dó nó di nó a gceanglaítear air nó uirthi le haon cheadúnas nó údarás arna dheonú nó arna thabhairt faoi aon achtachán feidhmeanna a chomhlíonadh faoin achtachán sin nó faoi aon achtachán eile a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne.”,

(b) i mír 2, trí “chlásal (d) de mhír 1(5)” a chur in ionad “chlásal (b) de mhír 1(5)”,

(c) i mír 3—

(i) trí “Déanfaidh an tAire, uair ar a laghad gach 2 bhliain agus,” a chur in ionad “Féadfaidh an tAire,”, agus

(ii) trí “fomhír (1) nó (2)” a chur in ionad “fomhír (2)”,

agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3:

“3A.Le linn don Aire rialacháin a dhéanamh i leith comhlachta, eagraíochta nó grúpa de réir an Sceidil seo, beidh aird aige nó aici ar chríocha an Achta seo agus, le linn dó nó di déanamh amhlaidh, cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas i gcuntas:

(a) an leibhéal cumarsáide, cibé acu i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, leis an teileafón nó i bpearsa, idir an comhlacht, an eagraíocht nó an grúpa lena mbaineann agus an pobal i gcoitinne nó aicme den phobal i gcoitinne;

(b) an leibhéal cumarsáide, cibé acu i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, leis an teileafón nó i bpearsa, idir an comhlacht, an eagraíocht nó an grúpa lena mbaineann agus an pobal i gcoitinne nó aicme den phobal i gcoitinne a chónaíonn i Limistéar Gaeltachta, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge.”.

Leasú ar alt 12 d’Acht na nGiúiréithe, 1976

16. Leasaítear alt 12 (arna leasú le h alt 56 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2008 ) d’ Acht na nGiúiréithe, 1976

(a) i bhfo-alt (1), trí “toghairm, i scríbhinn agus i nGaeilge agus i mBéarla araon,” a chur in ionad “toghairm scríofa”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “fógra, i scríbhinn agus i nGaeilge agus i mBéarla araon,” a chur in ionad “fógra”.

Aisghairm

17. Aisghairtear ailt 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17 agus 18 den Phríomh-Acht.

Deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha

18. D’fhonn amhras a sheachaint agus gan dochar d’aon obair arna déanamh aige, cuirtear deireadh leis an gcomhlacht ar a dtugtar an Coimisiún Logainmneacha, arna bhunú le barántas ón Aire Airgeadais dar dáta an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946.

Foráil idirthréimhseach

19. Más rud é, ar fhógra arna eisiúint faoi alt 11 nó 15 den Phríomh-Acht a fháil, nach mbeidh alt 11, 13 nó 15 den Phríomh-Acht comhlíonta ag comhlacht poiblí roimh thosach feidhme an ailt seo—

(a) ní bheidh aon éifeacht leis an bhfógra sin agus ní cheanglófar ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann an t-alt sin 11, 13 nó 15 a chomhlíonadh, agus

(b) d’ainneoin alt 17 den Phríomh-Acht, ní thuairisceoidh an tAire mainneachtain, diúltú nó neamhábaltacht ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann dréachtscéim dá dtagraítear san fhógra a ullmhú.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

20. (1) Féadfar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021 a ghairm d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta, nach déanaí ná 3 bliana tar éis an tAcht seo a rith, a cheapfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.