An tAcht um an gCúigiú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1995.

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN gCÚIGIÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1995


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú.

2.

Lua.


AN SCEIDEAL

CUID I

CUID II

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN gCÚIGIÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1995


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEAS. [17 Meitheamh, 1996]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 41 den Bhunreacht:

( a )cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad fho-alt 2° d'alt 3 den téacs Gaeilge,

( b )cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad fho-alt 2° d'alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua.

2.—(1) An Cúigiú Leasú Déag ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an gCúigiú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1995, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

2° Féadfaidh Cúirt a bheidh ainmnithe le dlí scaoileadh ar phósadh a thabhairt sa chás, ach sa chás amháin, gur deimhin léi—

i. go raibh, ar dháta thionscnamh na n-imeachtaí, tréimhse ceithre bliana ar a laghad, nó tréimhsí ceithre bliana ar a laghad san iomlán, caite ag na céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile le linn na gcúig bliana roimhe sin,

ii. nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí,

iii. go bhfuil cibé socrú ann, nó go ndéanfar cibé socrú, is dóigh leis an gCúirt a bheith cuí ag féachaint do na himthosca, le haghaidh na gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí, agus

iv. go gcomhlíontar aon choinníollacha breise a bheidh forordaithe le dlí.

CUID II

2° A Court designated by law may grant a dissolution of marriage where, but only where, it is satisfied that—

i. at the date of the institution of the proceedings, the spouses have lived apart from one another for a period of, or periods amounting to, at least four years during the previous five years,

ii. there is no reasonable prospect of a reconciliation between the spouses,

iii. such provision as the Court considers proper having regard to the circumstances exists or will be made for the spouses, any children of either or both of them and any other person prescribed by law, and

iv. any further conditions prescribed by law are complied with.