An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1993

/static/images/base/harp.jpg


Uimhir 2 de 1993


AN tACHT UM ÚDAR�S NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1993


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Deontais don Údarás.

3.

Airleacain don Údarás.

4.

Gearrtheideal agus comhlua.


NA HACHTANNA DÃ? DTAGRAÃ?TEAR

Na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977

An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979

1979, Uimh. 5

Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1989

/static/images/base/harp.jpg


Uimhir 2 de 1993


AN tACHT UM ÚDAR�S NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1993


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM ÚDAR�S NA GAELTACHTA, 1979. [6 Márta, 1993]

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Minithe.

1.—San Acht seo—

ciallaionn "an tAire" an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta;

ciallaíonn "an Príomh-Acht" an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979;

ciallaíonn "an tÚdarás" na Gaeltachta.

Deontais don Údarás.

2.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 22:

"22.—I ngach bliain airgeadais féadfaidh an tAire deontas nó deontais, ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú don Údarás aon chaiteachas a íoc a thabhóidh sé le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh.".

Airleacain don Údarás.

3.—(1) Ní bheidh aon airleacan a tugadh don Údarás faoi alt 23 den Phríomh-Acht roimh thosach feidhme an Achta seo inaisíoctha ná ní bheidh ús iníoctha air.

(2) Ní bheidh aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann faoi na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977, tar éis an lú lé d'Aibreán, 1965, inaisíoctha ná ní bheidh ús iníoctha air.

(3) Aisghairtear leis seo fo-alt (1), míreanna (a) agus (c) d'fho-alt (2) agus fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 23.

Gearrtheideal agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1993, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1993, a ghairm de na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1989, agus den Acht seo le chéile.