An tAcht Airi agus Runaithe (Leasú) 1956.


Uimhir 21 de 1956.


AN tACHT AIR� AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1956.


ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN ROINN GHAELTACHTA A BHUNÚ, AGUS CHUIGE SIN DO LEASÚ NA nACHT AIR� AGUS RÚNAITHE, 1924 GO 1946, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHR�ITE.

[5 Meitheamh, 1956.]

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An lá ceaptha.

1.—Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

An Ghaeltacht.

2.—(1) Chun críocha an Achta seo is í an Ghaeltacht na límistéirí a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoin alt seo gur límistéirí Gaeltachta iad.

(2) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú a chinneadh gur límistéirí Gaeltachta límistéirí sonraithe, is límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus límistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d'áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Roinn na Gaeltachta.

3.—(1) Ar an lá ceaptha beidh Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar mar theideal agus dá ngairmfear Roinn na Gaeltachta.

(2) Is é is feidhm do Roinn na Gaeltachta leas cultúrtha, sóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn; cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra; agus, a mhéid is gá nó is cuí, dul i gcomhairle agus comhairle a ghlacadh le Ranna eile Stáit i dtaobh seirbhísí a riaras na Ranna sin agus a bhaineas le leas cultúrtha, sóisialach nó geilleagrach na Gaeltachta nó a bhaineas leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge d'athbheochaint.

(3) Aire na Gaeltachta a tabharfar mar theideal ar an gcomhalta den Rialtas a bheas i mbun Roinn na Gaeltachta agus a gairmfear de.

(4) Bainfidh na hAchta Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1946, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925), le Roinn na Gaeltachta agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheas i mbun na Roinne sin amhail is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924).

(5) Chun críocha fo-ailt (1) d'alt 6 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 (Uimh. 36 de 1939), measfar Roinn na Gaeltachta agus oifig Aire na Gaeltachta a bheith arna mbunú láithreach ar an Acht seo a rith, ach in aon ordú a déanfar, maidir leis an Roinn sin nó maidir leis an Aire sin, faoin bhfo-alt sin (1) roimh an lá ceaptha, ní déarfar an t-ordú sin a bheith le teacht i ngníomh ar dháta is luaithe ná an lá ceaptha.

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

4.—(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1946, mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchta Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1956, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.