I.R. Uimh. 347/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 4), 2018.


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 14ú lá de Meán Fómhair, 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2017 ( I.R. Uimh. 641 de 2017 ), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 4) 2018 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta: Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, Co. na Gaillimhe agus Co. Mhaigh Eo

(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Conga, An Chorr, An Fhairche, An Ros, An Uillinn, Abhainn Bhrain, Baile an Chalaidh agus An Cheapaigh Dhuibh.

(2) An chuid sin de limistéar toghroinne Bhinn an Choire i gContae na Gaillimhe arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Bearna na nEang, Barr na nÓrán, Doire Fhada Thiar, Doire na bhFlann, Imleach Dhá Rú, Fionasclainn, Gleann Eidhneach, Gleann Chóchan, Leitir Seithe, Leitrí agus Log an Tairbh.

(3) An chuid sin de limistéar toghroinne Leitir Breacáin i gContae na Gaillimhe arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Bun an Mheascáin, Cartrún an Phóna, Na Cnocáin Bhána, An Doirín, Na Grigíneacha, Na Lí, Muintir Eoghain Láir, Muintir Eoghain Thiar agus Muintir Eoghain Thoir.

(4) An chuid sin de limistéar toghroinne Bhaile Óbha i gContae na Gaillimhe arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Doire Easa, Gort Bhun an Chuilinn, An Seanbhaile Ard, An Seanghort agus An Tamhnaigh.

(5) An chuid sin de limistéar toghroinne Phartraí i gContae Mhaigh Eo arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: An tSraith.

(6) An chuid sin de limistéar toghroinne Thamhnaigh na Graí i gContae Mhaigh Eo arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Coimín Dhoire an Daimh Dheirg, Doire an Daimh Dheirg agus Doirín na Scuaibe.

/images/ls

Arna thabhairt faoi mo láimh,

4 Meán Fómhair 2018.

JOE McHUGH,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.