I.R. Uimh. 641/2017 - An tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2017.


Foilsíodh fógra

“Iris Oifigiúil” an 19ú lá de Eanáir, 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

Ar iarraidh a fháil ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (arna oiriúnú leis an Ordú Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017), agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017 is teideal don Ordú seo.

2. Déantar cumhachtaí agus dualgais an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a thugtar di—

(a) le hAchtanna an Oireachtais nó leis na reachtanna a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh an dáta a tháinig an Bunreacht i ngníomh agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht, nó fúthu, ar Achtanna nó reachtanna iad a shonraítear i gCuid 1 den Sceideal,

(b) le forálacha na nAchtanna den Oireachtas a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal, nó fúthu, agus

(c) faoi fhorálacha na Rialachán a shonraítear i gCuid 3 den Sceideal,

a tharmligean chuig Seosamh Mac Aodha, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 2001

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956)

Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 2010

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003)

Achtanna an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 2003 agus 2007

Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012)

Cuid 2

Alt 5 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear san alt sin agus a aistrítear leis an Ordú um an nGaeilge, um an nGaeltacht agus um na hOileáin (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011)) d’Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 1998 (Uimh. 7 de 1998)

Cuid VI agus Cuid VIII (a mhéid a bhaineann sí le Cuid VI) den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 (Uimh. 1 de 1999)

Alt 2 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear i mír (e), mír (f) (a mhéid a bhaineann an mhír sin le mír (e)) agus mír (g) d’fho-alt (1) den alt sin) den Acht um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007 (Uimh. 32 de 2007)

Alt 33(3)(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Uimh. 30 de 2000)

Cuid 3

Airteagail 28(1)(o), 82(3)(o), 121(1)(o), 179(2)(p) agus 295(1)(q)(i) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 go 2017

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais,

19 Nollaig 2017.

LEO VARADKAR,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Déantar foráil san Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, inter alia, le cumhachtaí agus dualgais a tharmligean ó Airí go hAirí Stáit ar mhodh Ordaithe Rialtais. Déantar Orduithe den sórt sin de ghnáth nuair atáthar ag súil go gcomhlíonfaidh Aire Stáit feidhmeanna reachtúla thar ceann Aire. Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil gach cumhacht nó dualgas tarmligthe go fóill á dílsiú nó á dhílsiú in Aire an Rialtais i gcomhthráth leis an Aire Stáit agus féadfaidh ceachtar acu iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh. Déantar foráil san Ordú seo do tharmligean na bhfeidhmeanna a bhaineann leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus leis na hOileáin ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chuig an Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin.