I.R. Uimh. 332/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 3), 2018.
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 21ú lá de Lúnasa, 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d' Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2017 ( I.R. Uimh. 641 de 2017 ), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas: | ||
1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) 2018 a ghairm den Ordú seo. | ||
2. Tá gach limistéar a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7 (2) d' Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012). | ||
AN SCEIDEAL | ||
Limistéir Pleanála Teanga: Ciarraí Thiar, Co. Kerry | ||
(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Cill Chuáin, Cill Maoilchéadair, Cinn Aird, Daingean Uí Chúis, Dún Chaoin, Dún Urlann, Ceann Trá, Na Gleannta, Márthain, An Mhin Aird, An Baile Dubh, An Clochán agus Cé Bhréanainn. | ||
(2) An chuid sin de limistéar toghroinne An tSráidbhaile arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Fearann Dealúigh, Formaoil agus An Scragán. | ||
| ||
Arna thabhairt faoi mo láimh, | ||
31 Iúil 2018. | ||
JOE MCHUGH, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta Agus Gaeltachta. |