An tAcht um an Ceathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2015

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN gCEATHRÚ LEASÚ IS TR�OCHA AR AN mBUNREACHT (COMHIONANNAS PÓSTA), 2015


CLÃ?R AN Ã?BHAIR

Alt

1. Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú

2. Lua

AN SCEIDEAL

CUID 1

CUID 2

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN gCEATHRÚ LEASÚ IS TR�OCHA AR AN mBUNREACHT (COMHIONANNAS PÓSTA), 2015


Acht chun an Bunreacht a leasú.

[26 Lúnasa, 2015]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú:

Achtaítear ag an Oireachtas ar an ábhar sin mar a leanas:

Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú

1. Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 41 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Gaeilge;

(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua

2. (1) An Ceathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015 a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

4 Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.

Cuid 2

4 Marriage may be contracted in accordance with law by two persons without distinction as to their sex.