An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2013

Lua.

8.— (1) An Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht a thabharfar ar na leasuithe uile le chéile a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo agus is cead, chun gach críche, an t-ainm sin a ghairm de na leasuithe sin le chéile, agus is cead, chun críocha aitheantais, tagairt d’aon leasú áirithe de na leasuithe sin a dhéantar le Sceideal 6 tríd an uimhir a lua atá sa chéad cholún de Chuid 1 nó, de réir mar a bheidh, de Chuid 2 den Sceideal sin os coinne an lua a dhéantar ar an leasú sin sa tríú colún den Chuid lena mbaineann.

(2) Féadfar an tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cúirt Achomhairc), 2013 a ghairm den Acht seo.