An tAcht um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht 2012

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

1.— Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an fo-alt, a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal, isteach i ndiaidh fho-alt 9° d’alt 4 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt, a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal, isteach i ndiaidh fho-alt 9° d’alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla.