An tAcht um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht 2012

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN TR�OCHADÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT (AN CONRADH AR CHOBHSA�OCHT, AR CHOMHORDÚ AGUS AR RIALACHAS SAN AONTAS EACNAMA�OCH AGUS AIRGEADA�OCHTA), 2012


RIAR NA nALT

Alt

1. Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

2. Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Cuid 2


/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN TR�OCHADÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT (AN CONRADH AR CHOBHSA�OCHT, AR CHOMHORDÚ AGUS AR RIALACHAS SAN AONTAS EACNAMA�OCH AGUS AIRGEADA�OCHTA), 2012


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ.

[27 Meitheamh, 2012]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, aon fhoráil den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

1.— Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an fo-alt, a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal, isteach i ndiaidh fho-alt 9° d’alt 4 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt, a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal, isteach i ndiaidh fho-alt 9° d’alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua.

2.— (1) An Tríochadú Leasú ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta), 2012 a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

CUID 1

10° Féadfaidh an Stát an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta arna dhéanamh sa Bhruiséil an 2ú lá de Mhárta 2012 a dhaingniú. Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí atá ar an Stát faoin gConradh sin a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac comhlachtaí atá inniúil faoin gConradh sin ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.

CUID 2

10° The State may ratify the Treaty on Stability, Coordination and Governance in the Economic and Monetary Union done at Brussels on the 2nd day of March 2012. No provision of this Constitution invalidates laws enacted, acts done or measures adopted by the State that are necessitated by the obligations of the State under that Treaty or prevents laws enacted, acts done or measures adopted by bodies competent under that Treaty from having the force of law in the State.