An tAcht um an Seachtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2004

An tAcht um an Seachtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2004

Twenty-seventh Amendment of the Constitution Act 2004


/static/images/base/harp.jpg


An tACHT UM AN SEACHTÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT 2004


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagal 9 den Bhunreacht a leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Cuid 2

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN SEACHTÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT 2004


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [24 Meitheamh, 2004]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 9 den Bhunreacht a leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 9 den Bhunreacht a leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 9 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 1 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla, agus

(c) déanfar alt 2 den dá théacs a uimhriú mar alt 3.

Lua.

2.—(1) An Seachtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Seachtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2004 a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

2  1°   D'ainneoin aon fhorála eile den Bhunreacht seo, maidir le duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, agus nach bhfuil aige nó aici, an tráth a shaolaítear an duine sin, tuismitheoir amháin ar a laghad is saoránach d'Éirinn nó atá i dteideal a bheith ina shaoránach nó ina saoránach d'Éirinn, níil teideal ag an duine sin chun saoránacht nó náisiúntacht Éireann, mura ndéanfar socrú ina chomhair sin le dlí.

2°   Ní bhainfidh an t-alt seo le daoine a saolaíodh roimh dháta achtaithe an ailt seo.

Cuid 2

2  1°   Notwithstanding any other provision of this Constitution, a person born in the island of Ireland, which includes its islands and seas, who does not have, at the time of the birth of that person, at least one parent who is an Irish citizen or entitled to be an Irish citizen is not entitled to Irish citizenship or nationality, unless provided for by law.

2°   This section shall not apply to persons born before the date of the enactment of this section.