An tAcht um an bhFichiú Leasú ar an mBunreacht, 1999

An tAcht um an bhFichiú Leasú ar an mBunreacht, 1999

Twentieth Amendment of the Constitution Act, 1999

/static/images/base/harp.jpg


An tAcht UM AN bhFICHIÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1999


RIAR NA nALT

Alt

1.

An Bunreacht a leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Cuid II

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN bhFICHIÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1999


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ.

[23 Meitheamh, 1999]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht an Bunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe an Bunreacht a leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

An Bunreacht a leasú.

1.—Leasaítear un Bunreacht leis seo mar a leanas:

(a) cuirfear an tAirteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh Airteagal 28 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an tAírteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh Airteagal 28 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua.

2.—(1) An Fichiú Leasú ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an bhFichiú Leasú ar an mBunreacht, 1999, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid I

RIALTAS �ITIÚIL.

Airteagal 28A.

1. Admhaíonn an Stát an ról atá ag rialtas áitiúil maidir le fóram a chur ar fáil le haghaidh ionadaíochta daonlathaí do phobail áitiúla, maidir le cumhachtaí agus feidhmeanna a bheirtear le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh ag leibhéal áitiúil agus maidir le leasanna na bpobal sin a chur chun cinn trína thionscnaimh.

2. Biedh cibé údaráis áitiúla dhírthofa ann a chinnfear le dlí agus déanfar a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna a chinneadh amhlaidh, faoi chuimsiú fhorálacha an Bunreachta seo, agus oibreofar agus comhlíonfar iad de réir dlí.

3. Ní foláir toghcháin do chomhaltaí de na húdaráis áitiúla sin a dhéanamh de réir dlí tráth nach déanaí ná deireadh an cúigiú bliain tar éis na bliana ina ndearnadh go deireanach iad.

4. Gach saoránach ag a bhfuil ceart vótála i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann agus cibé daoine eile a chinnfear le dlí, beidh ceart vótála acu i dloghchán comhaltaí cibé údaráis áitiúla dá dtagraítear in alt 2 den Airteagal seo a chinnfear le dlí.

5. Déanfar corrfholúntais i gcomhaltas údarás áitiúil dá dtagraítear in alt 2 den Airteagal seo a líonadh de réir dlí.

Cuid II

LOCAL GOVERNMENT.

Article 28A.

1. The State recognises the role of local government in providing a forum for the democratic representation of local communities, in exercising and performing at local level powers and functions conferred by law and in promoting by its initiatives the interests of such communities.

2. There shall be such directly elected local authorities as may be determined by law and their powers and functions shall, subject to the provisions of this Constitution, be so determined and shall be exercised and performed in accordance with law.

3. Elections for members of such local authorities shall be held in accordance with law not later than the end of the fifth year after the year in which they were last held.

4. Every citizen who has the right to vote at an election for members of Dáil Éireann and such other persons as may de determined by law shall have the right to vote at an election for members of such of the local authorities referred to in section 2 of this Article as shall be determined by law.

5. Casual vacancies in the membership of local authorities referred to in section 2 of this Article shall be filled in accordance with law.