An tAcht um an Dara Leasú ar an mBunreacht, 1941

ACHT UM AN DARA LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1941.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ.

[30adh Bealtaine, 1941.]

DE BHRÍ gur cead, de bhuadh Airteagail 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh socruítear leis an Airteagal san:

AGUS DE BHRÍ go socruítear le hAirteagal 51 den Bhunreacht go dtig leis an Oireachtas, taobh istigh de thrí bliana tar éis an lae rachas an chéad Uachtarán i gcúram a oifige agus fé chuimsiú na nithe atá leagtha amach ansan ina dhiaidh sin, leasú do dhéanamh ar aon fhoráiltibh den Bhunreacht:

AGUS DE BHRÍ go ndeachaidh an chéad Uachtarán i gcúram a oifige an 25adh lá de Mheitheamh, 1938:

AGUS DE BHRÍ gur léir de thoradh taithighe gur mhaith an rud leasuithe áirithe do dhéanamh ar an mBunreacht:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartuithe ar an abhar san an tOireachtas do dhéanamh na leasuithe uile agus fé seach atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar théacs Ghaedhilge an Bhunreachta agus ar théacs Bhéarla an Bhunreachta fé seach:

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Na leasuithe sa Sceideal d'achtú.

1.—Na leasuithe uile agus fé seach, ar théacs Ghaedhilge an Bhunreachta agus ar théacs Bhéarla an Bhunreachta fé seach, a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tiocfaid láithreach chun bheith agus beid éifeachtúil ar an Acht so do rith agus, chuige sin, beidh gach Airteagal den Bhunreacht a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san leasuithe ansan—

(a) maidir le n-a théacs Gaedhilge, ar an modh adeirtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte, no gach cinn fé leith de sna luaidhte uile, deintear ar an Airteagal sa dara colún san, agus

(b) maidir le n-a théacs Béarla, ar an modh adeirtear sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte, no gach cinn fé leith de sna luaidhte uile, deintear ar an Airteagal sa dara colún san.

Luadh.

2.—(1) An Dara Leasú ar an mBunreacht do bhéarfar ar na leasuithe uile le chéile a deintear ar an mBunreacht leis an Acht so agus is cead, chun gach críche, an ainm sin do ghairm de sna leasuithe sin le chéile, agus is cead, chun crícheanna aitheantais, tagairt d'aon leasú áirithe aca tríd an uimhir do luadh atá sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an luaidhte deintear ar an leasú san sna colúin eile den Sceideal san.

(2) Féadfar an tAcht um an Dara Leasú ar an mBunreacht, 1941. do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Na Leasuithe.

Uimh. Thag.

An tAirteagal a leasuítear

An leasú deintear ar an téacs Ghaedhilge

An leasú deintear ar an téacs Bhéarla

1

Airteagal 11

An focal “fagháltas” do scriosadh agus an focal “cíos” do chur ina ionad.

Níl aon leasú có-réire le déanamh.

2

Airteagal 12

Na focail “nó má éagann, nó má éirgheann as, nó má ghabhann míthreoir bhuan é agus go suidhfear sin mar adubhradh” do scriosadh as fo-alt 3° d'alt 3 agus na focail agus na lúíbiní “nó má thárluigheann dó (roimh é do dhul i gcúram a oifige nó dá éis sin) é d'éag nó é d'éirghe as nó míthreoir bhuan ar n-a suidheamh mar adubhradh dá ghabháil” do chur ina n-ionad.

Na focail agus na lúibiní “(whether occurring before or after he enters upon his office)” do chur isteach i bhfo-alt 3° d'alt 3 díreach i ndiaidh na bhfocal “as aforesaid”.

3

Airteagal 13

An focal “chun” do scriosadh as fo-alt 1° d'alt 7 agus na focail “fá bhrághaid Tighthe” do chur ina ionad, agus an focal “teachtaireacht” do scriosadh as fo-alt 2° den alt san 7 agus an focal “aitheasc” do chur ina ionad.

Níl aon leasú có-réire le déanamh.

4

Airteagal 14

Na focail “leis an mBunreacht so” do scriosadh as na háiteanna ina bhfuilid in alt 1, in alt 4, agus i bhfo-alt 1° d'alt 5, agus na focail “leis an mBunreacht so nó fé” do chur, i ngach cás, in ionad na bhfocal san a scriostar; agus fós na focail “do réir an Bhunreachta so” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 5, agus na focail” do réir an Bhunreachta so nó fé” do chur ina n-ionad.

Na focail “by this Constitution” do scriosadh as na háiteanna ina bhfuilid in alt 1, in alt 4, i bhfo-alt 1° d'alt 5, agus i bhfo-alt 2° d'alt 5, agus na focail “by or under this Constitution” do chur, i ngach cás, in ionad na bhfocal san a scriostar.

5

Airteagal 15

Na focail “fairis sin taisteal i n-aisce agus cibé áiseanna eile a bhaineas le n-a ndualgasaibh, mar” do scriosadh as alt 15, agus na focail “chun go ndeonfaí dhóibh, maidir le n-a ndualgasaibh, saoráid chun taisteal i n-aisce agus cibé saoráid eile a” do chur ina n-ionad.

Níl aon leasú có-réire le déanamh.

6

Airteagal 18

Na focail “is é an Taoiseach a ainmneochas iad le réamh-chead uatha féin” do scriosadh as alt 3, agus na focail “ainmneochar iad le réamh-chead uatha féin ag an Taoiseach a ceapfar ar Dháil Éireann d'aithtionól i ndiaidh an lán-scoir ar Dháil Éireann is siocair leis na comhaltaí sin d'ainmniú” do chur ina n-ionad.

Na focail “nominated by the Taoiseach with their prior consent” do scriosadh as alt 3, agus na focail “nominated, with their prior consent, by the Taoiseach who is appointed next after the re-assembly of Dáil Éireann following the dissolution thereof which occasions the nomination of the said members” do chur ina n-ionad.

7

Airteagal 18

Na focail “Toghfaidh an toghlucht a luaidhtear annso i n-ar ndiaidh” do scriosadh as mír iii d'alt 4 agus an focal “Toghfar” do chur ina n-ionad.

Níl aon leasú có-réire le déanamh.

8

Airteagal 20

Na focail “é bhreathnú mar breathnóchaí Bille a tionnscnóchaí i nDáil Éireann” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 2 agus na focail “a mheas é bheith ina Bhille a tionnscnadh i nDáil Éireann” do chur ina n-ionad.

Níl aon leasú có-réire le déanamh.

9

Airteagal 24

Alt 2 do scriosadh agus alt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

Alt 2 do scriosadh agus alt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

“2. Bille ar bith a ndearnadh an tréimhse chun a bhreathnuighthe ag Seanad Éireann do ghiorrú fán Airteagal so, má thárluigheann,

“2. Where a Bill, the time for the consideration of which by Seanad Éireann has been abridged under this Article,

(a) i gcás Bille nach Bille Airgid, go ndiúltuigheann Seanad Éireann dó nó go ritheann Seanad Éireann é maille le leasuighthibh dá ndiúltuigheann Dáil Éireann nó ná déanann Seanad Éireann é rith ná diúltadh dhó, nó,

(a) is, in the case of a Bill which is not a Money Bill, rejected by Seanad Éireann or passed by Seanad Éireann with amendments to which Dáil Éireann does not agree or neither passed nor rejected by Seanad Éireann, or

(b) i gcás Bille Airgid, go gcuireann Seanad Éireann ar ais go Dáil Éireann é maille le moltaibh ná glacann Dáil Éireann leo nó ná déanann Seanad Éireann é chur ar ais go Dáil Éireann,

(b) is, in the case of a Money Bill, either returned by Seanad Éireann to Dáil Éireann with recommendations which Dáil Éireann does not accept or is not returned by Seanad Éireann to Dáil Éireann,

taobh istigh den tréimhse a luaidhtear insan rún, ní foláir a mheas gur ritheadh an Bille ag dhá Thigh an Oireachtais i gcionn na tréimhse sin.”

within the period specified in the resolution, the Bill shall be deemed to have been passed y both Houses of the Oireachtas at the expiration of that period.”

10

Airteagal 25

An focal “cúig” do scriosadh as fo-alt 1° d'alt 2 agus na focail “an cúigmheadh” do chur ina ionad, agus fós an focal “seacht” do scriosadh as an bhfo-alt san agus na focail “an seachtmhadh” do chur ina ionad; an focal “cúig” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 2 agus na focail “an cúigmheadh” do chur ina ionad.

An focal “five” do scriosadh as fo-alt 1° d'alt 2 agus na focail “the fifth” do chur ina ionad, agus fós na focail “seven days” do scriosadh as an bhfo-alt san agus na focail “the seventh day” do chur ina n-ionad; na focail “five days” do scriosadh as foalt 2° d'alt 2 agus na focail “the fifth day” do chur ina n-ionad.

11

Airteagal 25

Alt 4 do scriosadh agus alt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

Alt 4 do scriosadh agus alt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

“4. 1° Déanann dligheadh de gach Bille an lá a chuireann an tUachtarán a lámh leis fán mBunreacht so agus is dligheadh é an lá sin agus ón lá sin amach agus, muna léir a mhalairt d'intinn ina thaobh, is é an lá sin a thigeann sé i ngníomh.

“4. 1° Every Bill shall become and be law as on and from the day on which it is signed by the President under this Constitution, and shall, unless the contrary intention appears, come into operation on that day.

“2° Gach Bille a gcuireann an tUachtarán a lámh leis fán mBunreacht so ní foláir dó é fhógairt ina dhligheadh le fógra insan Iris Oifigiúil, fá ordú uaidh, dá rádh go bhfuil an Bille ina dhligheadh.

“2° Every Bill signed by the President under this Constitution shall be promulgated by him as a law by the publication by his direction of a notice in the Iris Oifigiúil stating that the Bill has become law.

“3° Isé téacs de Bhille a gcuirfidh an tUachtarán a lámh leis ná an téacs do ritheadh nó a meastar do ritheadh ag dhá Thigh an Oireachtais agus, má rithtear Bille nó má meastar é bheith rithe amhlaidh insan dá theangain oifigeamhla, cuirfidh an tUachtarán a lámh le téacs Gaedhilge agus le téacs Sacs-Bhéarla an Bhille.

“3° Every Bill shall be signed by the President in the text in which it was passed or deemed to have been passed by both Houses of the Oireachtas, and if a Bill is so passed or deemed to have been passed in both the official languages, the President shall sign the text of the Bill in each of those languages.

“4° I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bhille i dteangain de na teangthacha oifigeamhla agus insan teangain sin amháin, ní foláir tionntódh oifigeamhail do chur amach insan teangain oifigeamhail eile.

“4° Where the President signs the text of a Bill in one only of the official languages, an official translation shall be issued in the other official language.

“5° Chomh luath agus is féidir é tar éis Bille do shighniú agus é fhógairt ina dhligheadh, ní foláir an téacs den dligheadh sin le n-a mbeidh lámh an Uachtaráin nó, i gcás lámh an Uachtaráin do bheith le téacs Gaedhilge agus le téacs SacsBhéarla an dlighidh sin, an dá théacs sighnighthe sin do chur isteach ina iris nó ina n-iris i n-oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraighe, agus is fiadhnaise dho-chlaoidhte ar fhoráiltibh an dlighidh sin an téacs a cuirfear isteach ina iris, nó an dá théacs a cuirfear isteach ina n-iris, amhlaidh.

“5° As soon as may be after the signature and promulgation of a Bill as a law, the text of such law which was signed by the President or, where the President has signed the text of such law in each of the official languages, both the signed texts shall be enrolled for record in the office of the Registrar of the Supreme Court, and the text, or both the texts, so enrolled shall be conclusive evidence of the provisions of such law.

“6° I gcás téacs Gaedhilge agus téacs SacsBhéarla de dhligheadh do chur isteach ina n-iris fán alt so agus gan an dá théacs sin do bheith do réir a chéile, is ag an téacs Gaedhilge a bheidh an forlámhas.”

“6° In case of conflict between the texts of a law enrolled under this section in both the official languages, the text in the national language shall prevail.”

12

Airteagal 25

Alt nua mar leanas do chur i ndeireadh an Airteagail, sé sin le rá:—

Alt nua mar leanas do chur i ndeireadh an Airteagail, sé sin le rá:—

“5. 1° Is dleaghthach don Taoiseach a thabhairt, ó am go ham fá mar a chífear dó gábhadh do bheith leis, go ndéanfar téacs (insan Ghaedhilg agus insan Sacs-Bhéarla) den Bhunreacht so, mar a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus ina mbeidh na leasuighthe uile bheidh déanta air go dtí sin, d'ullmhú fá n-a threorú.

“5. 1° It shall be lawful for the Taoiseach, from time to time as occasion appears to him to require, to cause to be prepared under his supervision a text (in both the official languages) of this Constitution as then in force embodying all amendments theretofore made therein.

“2° Gach téacs a hullamhóchar amhlaidh ní foláir don Uachtarán a lámh do chur le cóib de ar bheith fíoruighthe dhi le sighnighthe an Taoisigh agus an Phrímh-Bhreithimh, agus ní foláir an chóib sin do chur isteach ina hiris i n-oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraighe.

“2° A copy of every text so prepared, when authenticated by the signatures of the Taoiseach and the Chief Justice, shall be signed by the President and shall be enrolled for record in the office of the Registrar of the Supreme Court.

“3° An chóib a bheidh sighnighthe agus curtha isteach ina hiris amhlaidh agus gurb í an téacs is deireannaighe, ar n-a ullmhú amhlaidh, i n-alt na huaire í, beidh sí, ar bheith curtha isteach ina hiris di amhlaidh, ina fiadhnaise dhochlaoidhte ar an mBunreacht so mar a bheidh ar dháta an chóib sin do chur isteach ina hiris amhlaidh agus, chuige sin, gabhfa sí ionad na dtéacsanna uile den Bhunreacht so a mbeidh cóibeanna dhíobh curtha isteach ina n-iris amhlaidh roimhe sin.

“3° The copy so signed and enrolled which is for the time being the latest text so prepared shall, upon such enrolment, be conclusive evidence of this Constitution as at the date of such enrolment and shall for that purpose supersede all texts of this Constitution of which copies were previously so enrolled.

“4° I gcás gan na téacsanna d'aon chóib áirithe den Bhunreacht so a bheidh curtha isteach ina hiris fán alt so do bheith do réir a chéile, is ag an téacs Gaedhilge a bheidh an forlámhas.”

“4° In case of conflict between the texts of any copy of this Constitution enrolled under this section, the text in the national language shall prevail.”

13

Airteagal 26

An focal “cheithre” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 1, agus na focail “an seachtmhadh” do chur ina ionad.

Na focail “four days” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 1, agus na focail “the seventh day” do chur ina n-ionad.

14

Airteagal 26

Na focail “a rithtear an Bille nó a meastar a ritheadh é ag dhá Thigh an Oireachtais” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 1 agus na focail “a thairgeann an Taoiseach an Bille don Uachtarán chun a lámh do chur leis” do chur ina n-ionad.

Na focail “passed or deemed to have been passed by both Houses of the Oireachtas” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 1 agus na focail “presented by the Taoiseach to the President for his signature” do chur ina n-ionad.

15

Airteagal 26

Na focail “agus isé chraolfas an bhreith sin ná an duine sin de na breitheamhnaibh sin a cheapfaidh an Chúirt chuige sin, agus ní cead tuairim ar bith eile, ag aontú nó ag easaontú leis an mbreith sin, do chraoladh ná ní cead a nochtadh tuairim ar bith eile den tsórt sin do bheith ann” do chur i ndeireadh fo-ailt 2° d'alt 2.

Na focail “and shall be pronounced by such one of those judges as the Court shall direct, and no other opinion, whether assenting or dissenting, shall be pronounced nor shall the existence of any such other opinion be disclosed” do chur in ndeireadh fo-ailt 2° d'alt 2.

16

Airteagal 26

Fo-alt nua mar leanas do chur in alt 3 díreach roimh fho-alt 2° dhe, sé sin le rá:—

Fo-alt nua mar leanas do chur in alt 3 díreach roimh fho-alt 2° dhe, sé sin le rá:—

“2° I gcás athchuinghe do bheith curtha chun an Uachtaráin fá Airteagal 27 den Bhunreacht so i dtaobh Bille le n-a mbaineann an tAirteagal sin, ní foláir an tAirteagal sin do chóimhlíonadh.”

“2° If, in the case of a Bill to which Article 27 of this Constitution applies, a petition has been addressed to the President under that Article, that Article shall be complied with.”

Agus uimhir fho-ailt 2° d'alt 3 d'atharú o “2°” go “3°”.

Agus uimhir fho-ailt 2° d'alt 3 d'athrú o “2°” go “3°”.

17

Airteagal 27

Alt nua mar leanas do chur isteach díreach roimh alt 2, sé sin le rá:—

Alt nua mar leanas do chur isteach díreach roimh alt 2, sé sin le rá:—

“2. Ní foláir gach athchuinghe den tsórt sin do bheith i scríbhinn agus í bheith fá láimh an lucht athchuinghe agus ní foláir a sighnighthe sin do bheith fíoruighthe ar an modh a horduighthear le dligheadh.”

“2. Every such petition shall be in writing and shall be signed by the petitioners whose signatures shall be verified in the manner prescribed by law.”

Agus na focail “gach athchuinghe den tsórt sin do bheith i scríbhinn fá láimh an lucht athchuinghe, agus léarthuairisc do bheith innti” do scriosadh as alt 2 agus na focail “léarthuairisc do bheith i ngach athchuinghe den tsórt sin” do chur ina n-ionad.

Agus na focail “shall be in writing signed by the petitioners,” do scriosadh as alt 2.

Agus uimhreacha alt 2, 3, 4 agus 5 fé seach d'atharú o sna huimhreacha san go “3,” “4,” “5” agus “6” fé seach.

Agus uimhreacha alt 2, 3, 4 agus 5 fé seach d'atharú o sna huimhreacha san go “3,” “4,” “5” agus “6” fé seach.

18

Airteagal 27

Alt 3 d'uimhriú mar fhoalt 1° den alt san, agus fo-alt nua mar leanas do chur leis an alt san 3, sé sin le rá:—

Alt 3 d'uimhriú mar fho-alt 1° den alt san, agus fo-alt nua mar leanas do chur leis an alt san 3, sé sin le rá:—

“2° I gcás an Bille nó aon fhoráileamh de do chur fá bhreith na Cúirte Uachtaraighe fá Airteagal 26 den Bhunreacht so, ní bheidh ar an Uachtarán an athchuinghe do bhreathnú muna ndéanaidh ná go dtí go ndéanfaidh an Chúirt Uachtarach, de dhruim an churtha fá bhreith sin, breith do chraoladh dá dhearbhú gan an Bille sin nó an foráileamh sin de do bheith i n-aghaidh an Bhunreachta so ná i n-aghaidh aon fhoráilte dhe agus, i gcás an Chúirt Uachtarach do chraoladh breithe dá dhearbhú sin, ní bheidh ar an Uachtarán a bhreith ar an athchuinghe do chraoladh go ceann sé lá tar éis an lae a craolfar breith na Cúirte Uachtaraighe ag dearbhú mar adubhradh.”

“2° If the Bill or any provision thereof is or has been referred to the Supreme Court under Article 26 of this Constitution, it shall not be obligatory on the President to consider the petition unless or until the Supreme Court has pronounced a decision on such reference to the effect that the said Bill or the said provision thereof is not repugnant to this Constitution or to any provision thereof, and, if a decision to that effect is pronounced by the Supreme Court, it shall not be obligatory on the President to pronounce his decision on the petition before the expiration of six days after the day on which the decision of the Supreme Court to the effect aforesaid is pronounced.”

19

Airteagal 27

Na focail “Gach Bille dá shórt sin a glactar” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 4 agus na focail “Cibé uair a déantar togra bhíonn i mBille is siocair d'athchuinghe fán Airteagal so do ghlacadh” do chur ina n-ionad, agus fós an focal “é” do scriosadh as an gcéad áit ina bhfuil sé sa bhfo-alt san agus na focail “an Bille sin do” do chur ina ionad.

Na focail “Every such Bill which” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 4 agus na focail “Whenever a proposal contained in a Bill the subject of a petition under this Article” do chur ina n-ionad, agus na focail “, such Bill” do chur sa bhfo-alt san díreach i ndiaidh an fhocail “section”.

20

Airteagal 28

Na focail “in aimsir chogaidh nó ceannairce fá arm” do chur i bhfoalt 3° d'alt 3 díreach roimh na focail “do bhun aon dlighidh”.

Na focail “in time of war or armed rebellion” do chur i bhfo-alt 3° d'alt 3 díreach roimh na focail “in pursuance of any such law”.

21

Airteagal 28

Na focail “Insan bhfo-alt so, foluigheann ‘aimsir chogaidh’ tráth a bheidh coinbhliocht fá arm ar siubhal ná beidh an Stát páirteach ann ach go mbeidh beartuighthe ag gach Tigh den Oireachtas ina thaobh le rún go bhfuil ann, de dheascaibh an choinbhliochta sin fá arm, staid phráinne náisiúnta dhéanann deifir do bhonn beatha an Stáit” do chur i ndeireadh fo-ailt 3° d'alt 3 mar chuid den fho-alt san.

Níl aon leasú có-réire le déanamh.

22

Airteagal 28

Na focail “agus foluigheann ‘aimsir chogaidh nó ceannairce fá arm’ an tréimhse aimsire sin a bheidh idir an tráth a cuirfear deireadh le haon chogadh, nó le haon choinbhliocht fá arm den tsórt sin réamh-ráidhte, nó le ceannairc fá arm agus an tráth a bheartóchaidh gach Tigh den Oireachtas le rún nach ann a thuilleadh don staid phráinne náisiúnta arbh é an cogadh sin, nó an coinbhliocht sin fá arm, nó an cheannairc sin fá arm fá ndeár é” do chur i ndeireadh fo-ailt 3° d'alt 3 díreach i ndiaidh na bhfocal a cuirtear sa bhfoalt san le Leasú Uimh. 21 sa Sceideal so.

Na focail “and ‘time of war or armed rebellion’ includes such time after the termination of any war, or of any such armed conflict as aforesaid, or of an armed rebellion, as may elapse until each of the Houses of the Oireachtas shall have resolved that the national emergency occasioned by such war, armed conflict, or armed rebellion has ceased to exist” do chur i ndeireadh fo-ailt 3° d'alt 3 i ndiaidh na bhfocal a cuirtear sa bhfo-alt san leis an gCéad Leasú ar an mBunreacht.

23

Airteagal 34

Alt 1 do scriosadh agus alt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

Alt 1 do scriosadh agus alt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

“1. Is i gcúirteannaibh a bunuighthear le dligheadh agus ag breitheamhnaibh a ceaptar ar an modh atá leagtha amach sa Bhunreacht so a riarfar ceart, agus is go poiblidhe a déanfar sin ach amháin insna cásannaibh speisialta teoranta sin a hordóchar le dligheadh.”

“1. Justice shall be administered in courts established by law by judges appointed in the manner provided by this Constitution, and, save in such special and limited cases as may be prescribed by law, shall be administered in public.”

24

Airteagal 34

Fo-alt 2° do scriosadh as alt 3 agus dhá fho-alt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

Fo-alt 2° do scriosadh as alt 3 agus dhá fho-alt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

“2° Taobh amuigh de chás dá socruighthear a mhalairt leis an Airteagal so, beidh dlighinse ag an Árd-Chúirt maidir leis an gceist sin bail do bheith nó gan a bheith ar aon dligheadh áirithe ag féachaint d'fhoráiltibh an Bhunreachta so, agus ní cead aon cheist den tsórt sin do tharraing anuas (trí phléideáil ná argóint ná eile) i gCúirt ar bith, ar n-a bunú fán Airteagal so nó fá aon Airteagal eile den Bhunreacht so, seachas an Árd-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach.

“2° Save as otherwise provided by this Article, the jurisdiction of the High Court shall extend to the question of the validity of any law having regard to the provisions of this Constitution, and no such question shall be raised (whether by pleading, argument or otherwise) in any Court established under this or any other Article of this Constitution other than the High Court or the Supreme Court.

“3° Ní bheidh dlighinse ag Cúirt ar bith chun bailidheacht dhlighidh nó fhoráilte ar bith de dhlígheadh do chur i n-amhras is dligheadh a ndearna an tUachtarán an Bille le n-a aghaidh do chur fá bhreith na Cúirte Uachtaraighe fá Airteagal 26 den Bhunreacht so, ná chun bailidheacht fhoráilte de dhligheadh do chur i n-amhras má rinne an tUachtarán an foráileamh cóimh-réire insan Bhille le haghaidh an dlighidh sin do chur fá bhreith na Cúirte Uachtaraighe fán Airteagal sin 26.”

“3° No Court whatever shall have jurisdiction to question the validity of a law, or any provision of a law, the Bill for which shall have been referred to the Supreme Court by the President under Article 26 of this Constitution, or to question the validity of a provision of a law where the corresponding provision in the Bill for such law shall have been referred to the Supreme Court by the President under the said Article 26.”

Agus uimhir fho-ailt 3° d'alt 3 d'athrú o “3°” go “4°”.

Agus uimhir fho-ailt 3° d'alt 3 d'athrú o “3°” go “4°”.

25

Airteagal 34

Fo-alt nua mar leanas do chur in alt 4, díreach roimh fho-alt 5° de, sé sin le rá:—

Fo-alt nua mar leanas do chur in alt 4, díreach roimh fho-alt 5° de, sé sin le rá:—

“5° Isé chraolfas breith na Cúirte Uachtaraighe ar cheist i dtaobh bail do bheith nó gan a bheith ar dhligheadh ag féachaint d'fhoráiltibh an Bhunreachta so ná an duine sin de bhreitheamhnaibh na Cúirte sin a cheapfaidh an Chúirt sin chuige sin, agus ní cead tuairim ar bith eile ar an gceist sin, ag aontú nó ag easaontú leis an mbreith sin, do chraoladh ná ní cead a nochtadh tuairim ar bith eile den tsórt sin do bheith ann.”

“5° The decision of the Supreme Court on a question as to the validity of a law having regard to the provisions of this Constitution shall be pronounced by such one of the judges of that Court as that Court shall direct, and no other opinion on such question, whether assenting or dissenting, shall be pronounced nor shall the existence of any such other opinion be disclosed.”

Agus uimhir fho-ailt 5° d'alt 4 d'athrú o “5°” go “6°”.

Agus uimhir fho-ailt 5° d'alt 4 d'athrú o “5°” go “6°”.

26

Airteagal 34

Na focail “is neasa sinsearacht dó a bheas ar fagháil de bhreitheamhnaibh na Cúirte Uachtaraighe a dhéanfaidh” do scriosadh as fo-alt 2° d'alt 5, agus na focail “den Chúirt Uachtaraigh is sinsearaighe dá mbeidh ar fagháil a dhéanfaidh gach breitheamh eile den Chúirt Uachtaraigh agus” do chur ina n-ionad.

Níl aon leasú có-réire le déanamh.

27

Airteagal 40

Fo-alt 2° do scriosadh as alt 4 agus ceithre foailt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

Fo-alt 2° do scriosadh as alt 4 agus ceithre foailt nua mar leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:—

“2° Nuair dhéanann duine ar bith gearán, nó a déantar gearán tar ceann duine ar bith, leis an Árd-Chúirt nó le breitheamh ar bith dhi dá rádh go bhfuil an duine sin dá choinneáil ina bhráighe go haindleaghthach, ní foláir don Árd-Chúirt agus d'aon bhreitheamh agus do gach breitheamh di chun a ndéanfar an gearán sin fiosrú do dhéanamh láithreach i dtaobh an ghearáin sin, agus féadfaidh a ordú do neach coinnighthe an duine sin ina bhráighe an duine sin do thabhairt ina phearsain i láthair na hÁrd-Chúirte lá a ainmnighthear agus a dheimhniú i scríbhinn cad is forais dá bhraighdeanas, agus ní foláir don Árd-Chúirt, nuair do bheirtear an duine sin ina phearsain i láthair na Cúirte sin agus tar éis caoi do thabhairt do neach a choinnighthe ina bhráighe ar a chruthú gur braighdeanas cóir an braighdeanas, a ordú an duine sin do scaoileadh as an mbraighdeanas sin muna deimhin leis an gCúirt sin gur do réir an dlighidh atáthar dá choinneáil.

“2° Upon complaint being made by or on behalf of any person to the High Court or any judge thereof alleging that such person is being unlawfully detained, the High Court and any and every judge thereof to whom such complaint is made shall forthwith enquire into the said complaint and may order the person in whose custody such person is detained to produce the body of such person before the High Court on a named day and to certify in writing the grounds of his detention, and the High Court shall, upon the body of such person being produced before that Court and after giving the person in whose custody he is detained an opportunity of justifying the detention, order the release of such person from such detention unless satisfied that he is being detained in accordance with the law.

“3° I gcás duine adeirtear do bheith dá choinneáil ina bhráighe go haindleaghthach do thabhairt ina phearsain i láthair na hÁrd-Chúirte de bhun orduighthe chuige sin ar n-a dhéanamh fán alt so agus gur deimhin leis an gCúirt sin an duine sin do bheith dá choinneáil ina bhráighe do réir dlighidh áirithe ach an dligheadh sin do bheith neambailidhe ag féachaint d'fhoráiltibh an Bhunreachta so, ní foláir don Árd-Chúirt an cheist sin bail do bheith nó gan a bheith ar an dligheadh sin do chur fá bhreith na Cúirte Uachtaraighe i bhfuirm cháis ríomhtha agus féadfaidh, le linn an cheist sin do chur fá bhreith amhlaidh nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, leigean don duine sin a shaoirse do bheith aige, fá réir na mbannaí agus na gcoingheallacha sin a cheapfaidh an Árd-Chúirt, go dtí go dtiubhraidh an Chúirt Uachtarach breith ar an gceist a cuirfear fá n-a breith amhlaidh.

“3° Where the body of a person alleged to be unlawfully detained is produced before the High Court in pursuance of an order in that behalf made under this section and that Court is satisfied that such person is being detained in accordance with a law but that such law is invalid having regard to the provisions of this Constitution, the High Court shall refer the question of the validity of such law to the Supreme Court by way of case stated and may, at the time of such reference or at any time thereafter, allow the said person to be at liberty on such bail and subject to such conditions as the High Court shall fix until the Supreme Court has determined the question so referred to it.

“4° Is triúr breitheamhan is Ard-Chúirt i n-aon chás áirithe, ina ndéantar duine adeirtear do bheith á choinneáil ina bhráighe go haindleaghthach do thabhairt ina phearsain i láthair na hArd-Chúirte de bhun orduighthe chuige sin ar n-a dhéanamh fán alt so, má dhéanann Uachtarán na hArd-Chúirte nó muna mbeidh seisean ar fagháil, an breitheamh is sinsearaighe den Chúirt sin dá mbeidh ar fagháil a ordú, i dtaobh an cháis sin, an líon sin do bheith inti agus is breitheamh amháin, is Ard-Chúurt i ngach cás eile den tsórt sin.

“4° The High Court before which the body of a person alleged to be unlawfully detained is to be produced in pursuance of an order in that behalf made under this section shall, if the President of the High Court or, if he is not available, the senior judge of that Court who is available so directs in respect of any particular case, consist of three judges and shall, in every other case, consist of one judge only.

“5° I gcás an ArdChúirt nó breitheamh di do dhéanamh orduighthe fán alt so dá ordú duine fá bhreith bháis do thabhairt i láthair ina phearsain, ní foláir don ArdChúirt nó don bhreitheamh sin di a ordú freisin feidhmiú na breithe báis sin do mhoilliú go dtí go dtiubharfar an duine sin ina phearsain i láthair na hÁrd-Chúirte agus go gcinnfear an dleaghthach an duine sin do choinneáil ina bhráighe nó nach dleaghthach agus má cinntear, tar éis an fheidhmighthe sin do mhoilliú, gur dleaghthach an duine sin do choinneáil ina bhráighe, ceapfaidh an Árd-Chúirt lá chun an bhreith bháis sin d'fheidhmiú agus beidh éifeacht ag an mbreith bháis sin fá réir an lá ceapfar amhlaidh do chur i n-ionad an lae socruigheadh i dtosach chun an bhreith bháis sin d'fheidhmiú.”

“5° Where an order is made under this section by the High Court or a judge thereof for the production of the body of a person who is under sentence of death, the High Court or such judge there of shall further order that the execution of the said sentence of death shall be deferred until after the body of such person has been produced before the High Court and the lawfulness of his detention has been determined and if, after such deferment, the detention of such person is determined to be lawful, the High Court shall appoint a day for the execution of the said sentence of death and that sentence shall have effect with the substitution of the day so appointed for the day originally fixed for the execution thereof.”

Agus uimhir fho-ailt 3° d'alt 4 d'athrú o “3°” go “6°”.

Agus uimhir fho-ailt 3° d'alt 4 d'athrú o “3°” go “6°”.

28

Airteagal 47

Na focail “Gach Bille agus” do scriosadh as an áit ina bhfuilid i dtosach fo-ailt 1°, agus freisin as an áit ina bhfuilid i dtosach fo-ailt 2°, d'alt 2.

Na focail “Every Bill and” do scriosadh as an áit ina bhfuilid i dtosach fo-ailt 1°, agus freisin as an áit ina bhfuilid i dtosach fo-ailt 2°, d'alt 2.

29

Airteagal 56

Na focail “do théarmaíbh oifige, do choingheallachaibh oifige, do thuarastal, ná do shealbhachas oifige” do scriosadh as alt 5, agus na focail “do théarmaíbh agus coingheallachaibh seirbhise, ná do shealbhachas oifige, ná do thuarastal” do chur ina n-ionad.

Na focail “terms, conditions, remuneration or tenure” do scriosadh as alt 5, agus na focail “terms and conditions of service, or the tenure of office or the remuneration” do chur ina n-ionad.

30

Airteagal 56

Alt 5 d'uimhriú mar fhoalt 1° den alt san, agus fo-alt nua mar leanas do chur leis an alt san 5, sé sin le rá:—

Alt 5 d'uimhriú mar fhoalt 1° den alt san, agus fo-alt nua mar leanas do chur leis an alt san 5, sé sin le rá:—

“2° Ní oibreochaidh aon ní atá insan Airteagal so chun aon reachtaidheacht ar bith atá achtuighthe nó a hachtóchar ina dhiaidh seo do chur ó bhail ná do shrianadh is reachtaidheacht a bhaineas nó a bhainfeas le gach ní nó le haon ní nó nithe, nó dhéanas nó a dhéanfas dochar nó deifir do gach ní nó d'aon ní nó nithe, dá bhfuil insan bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.”

“2° Nothing in this Article shall operate to invalidate or restrict any legislation whatsoever which has been enacted or may be enacted hereafter applying to or prejudicing or affecting all or any of the matters contained in the next preceding subsection.”