Pre 1922 Acts Achtanna Réamh-1922

Statutes of the United Kingdom of Great Britain and Ireland 1801 to 1922 Reachtanna Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann 1801 go 1922

Pre-Union Irish Statutes 1169 to 1800 Reachtanna na hÉireann Réamh-Aontais 1169 go 1800

Statutes of Great Britain 1707 to 1800 Reachtanna na Breataine Móire 1707 go 1800

Statutes of England 1066 to 1706 Reachtanna Shasana 1066 go 1706

Legislation Directory (LD) information in relation to Pre-1922 Acts Eolas ón Eolaire Reachtaíochta (ER) maidir le hAchtanna Réamh-1922

The links below provide Legislation Directory information in relation to pre 1922 Acts including all public and general statutes still in force in the State following the enactment of the Act of 2007 including those in relation to which searchable text is not available. Users should check the relevant Legislation Directory entry to identify whether or not an Act has been amended or otherwise affected since enactment. Cuireann na naisc thíos eolas ón Eolaire Reachtaíochta ar fáil maidir le hAchtanna réamh-1922, lena n-áirítear gach reacht poiblí agus ginearálta atá fós i bhfeidhm sa Stát i ndiaidh achtú Acht 2007, na cinn nach bhfuil téacs inchuardaithe ar fáil dóibh san áireamh. Ba chóir d’úsáideoirí an iontráil chuí den Eolaire Reachtaíochta a sheiceáil chun fháil amach an raibh leasú nó tionchar eile ar Acht ónar achtaíodh é.

About this page Faoin leathanach seo

This section of the eISB provides access to the searchable text of most of the pre 1922 public and general statutes still in force in the State following the enactment of the Statute Law Revision Act 2007 (the Act of 2007). The Act of 2007 repealed all public and general statutes enacted before 6 December 1922 with the exception of those listed in Schedule 1 to that Act. In the case of a small number of those statutes, the text is not available in electronic format. Where the text of a pre 1922 Act still in force in the State is not available users should consult the Legislation Directory information in relation to Pre-1922 Acts which provides information in relation to amendments to pre 1922 Acts. Cuireann an chuid seo den eISB rochtain ar fáil ar théacs inchuardaithe d’fhormhór na reachtanna poiblí agus ginearálta réamh-1922 atá fós i bhfeidhm sa Stát i ndiaidh achtú an Achta um Athchóiriú an Dlí Reachtúil 2007 (Acht 2007). D’aisghair Acht 2007 gach reacht poiblí agus ginearálta a achtaíodh roimh 6 Nollaig 1922, seachas iad siúd a liostaítear i Sceideal 1 den Acht sin. I gcás líon beag de na reachtanna sin, níl an téacs iomlán ar fáil san fhormáid leictreonach. I gcás nach bhfuil téacs d’Acht réamh-1922 atá fós i bhfeidhm sa Stát ar fáil, ba chóir d’úsáideoirí breathnú ar eolas ón Eolaire Reachtaíochta a bhaineann le hAchtanna Réamh-1922, ina gcuirtear eolas a bhaineann le leasuithe ar Achtanna réamh-1922 ar fáil.

Users should note that in some cases the searchable text of a pre 1922 Act includes references to pre 1922 legislation which amended or repealed a provision of the Act in question. In some such cases, where provisions of a pre 1922 Act have been repealed, those provisions are not included in the searchable text of the Act. Users should also note that a significant number of the statutes listed in Schedule 1 to the Act of 2007 have been amended or repealed since the enactment of that Act. Therefore users should always consult the Legislation Directory information in relation to Pre-1922 Acts to check the current status of a pre-1922 statute. Ba chóir d’úsáideoirí a thabhairt faoi deara go n-áirítear tagairtí do reachtaíocht réamh-1922 i dtéacs inchuardaithe d’Acht réamh-1922, i roinnt cásanna, a leasaigh nó a d’aisghair foráil den Acht i gceist mbaineann. I roinnt cásanna dá leithéid, nuair a aisghaireadh forálacha d’Acht réamh-1922, ní bhíonn na forálacha sin san áireamh i dtéacs inchuardaithe an Achta. Ba chóir d’úsáideoirí a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil leasú nó aisghairm déanta ar líon suntasach de na reachtanna a liostaítear i Sceideal 1 d’Acht 2007 ónar achtaíodh an tAcht sin. Mar sin, ba chóir d’úsáideoirí féachaint ar an eolas san Eolaire Reachtaíochta a bhaineann le hAchtanna Réamh-1922 i gcónaí le stádas reatha an reachta réamh-1922 a sheiceáil.