I.R. Uimh. 230/2020 - Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Comhlachtaí Poiblí), 2019


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 30 Meitheamh, 2020,

á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003) (arna oiriúnú leis an Ordú Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus le mír 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2018 ( I.R. Uimh. 449 de 2018 ), agus le toiliú an Aire Airgeadais agus, a mhéid a bhaineann na Rialacháin le feidhmeanna an Aire Cosanta, an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Aire Oideachais agus Scileanna, an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, an Aire Sláinte, an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, faoi seach, le toiliú na nAirí sin, déanaimse, Seán Kyne, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo, na Rialacháin seo a leanas, ar ina leith, de bhun fho-alt (3) den alt sin, a leagadh dréacht faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus a rinne gach Teach acu sin rún a rith ag ceadú an dréachta:

1. Féadfar na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Comhlachtaí Poiblí), 2019 a ghairm de na Rialacháin seo.

2. Leasaítear mír 1(2) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003) -

(a) sa téacs Gaeilge –

(i) trí na tagairtí do na comhlachtaí poiblí a shonraítear i Sceideal 1 a scriosadh, agus

(ii) trí na tagairtí do na comhlachtaí poiblí a shonraítear i Sceideal 2 a chur isteach,

agus

(b) sa téacs Béarla -

(i) trí na tagairtí do na comhlachtaí poiblí a shonraítear i Sceideal 3 a scriosadh, agus

(ii) trí na tagairtí do na comhlachtaí poiblí a shonraítear i Sceideal 4 a chur isteach.

SCEIDEAL 1

Rialachán 2

tionól réigiúnach

údarás réigiúnach

Grúpa Aer Lingus cpt

An Chomhpháirtíocht Tithíochta In-Acmhainne

An Bord Altranais

An Bord Uchtála

An Chomhairle Leabharlanna

An Coimisiún Logainmneacha

An Foras Áiseanna Saothair (FÁS)

APSO (an Ghníomhaireacht um Sheirbhís Phearsanta Thar Lear)

Area Development Management Limited

Arramara Teoranta

Bord Gáis Éireann

Bord na Leabhar Gaeilge

Bord na Radharcmhastóirí

Coimisiún Craolacháin na hÉireann

An Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin

An Lár-Oifig Iontrála

An Bord Cosanta Sibhialta

Coiste an Asgard

Comhairle

Comhairle na Nimheanna

Comhar - An Chomhpháirtíocht Náisiúnta Forbartha Inmharthana

An Coimisiún um Rialáil Tacsaithe

Córas Iompair Éireann

Boird Fiontar Contae

Comhairle Cheardaíochta na hÉireann

An Ghníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime

An Coimisinéir Cosanta Sonraí

Cláraitheoirí Ceantair Póstaí arna gceapadh faoi théarmaí alt 57 den Marriages (Ireland) Act 1844

Bord Eisíocaíochtaí Chiste na gCuntas Díomhaoin

Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí

Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath

Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath

Tionscnamh Embark

Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin

Forfás

Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna

Seirbhísí Eolais an Rialtais

Údaráis Chuain de réir bhrí an Achta Cuanta 1946

Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna

Coiste Comhairleach na hÉireann um Chúnamh

Comhairle na hÉireann um Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuáil

Corparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta

Cumann Croise Deirge na hÉireann

An Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta

Grúpaí LEADER

Boird Seirbhíse Fostaíochta Áitiúla

An Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil

An Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil

An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde

An Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta

An tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta

An Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí

An Chomhairle Náisiúnta um Fhorbairt Ghairmiúil an Altranais agus an Chnáimhseachais

An Chomhairle Náisiúnta um Dhul in Aois agus Daoine Scothaosta

An Chomhairle Náisiúnta um Choireacht

An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach

An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais

An Lárionad Náisiúnta um Fheidhmiúcháin na Micrileictreonaice Teo.

Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann

An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta

An Chomhairle Sábháilteachta Náisiúnta

An Bord Cáilíochtaí Náisiúnta d’Obair Shóisialta

Nítrigin Éireann Teoranta

An Oifig Bainistíochta Sláinte

Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí

Oifig an Stiúrthóra Imscrúduithe Comhionannais

Oifig an Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe

An Oifig um Rialú Tobac

An Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta

An Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime

Ospidéil Shaorálacha Phoiblí

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha

An Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch

An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród

An Ghníomhaireacht Dídeanaithe

An Binse Achomhairc do Dhídeanaithe

Cláraitheoirí Breitheanna, Básanna agus Póstaí Caitliceacha Rómhánacha

Comhairle Chláraitheachta na Meánmhúinteoirí

Clárlann na nGníomhas

Coimisinéirí um Chearta

Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (SFADCo)

An Bord Seirbhísí Cónaithe Speisialta

Fuinneamh Inmharthana Éireann

TEASTAS

Teilifís na Gaeilge

Temple Bar Properties Limited

An Bord Achomhairc um Scrúdóireacht Scannán

An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine

Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn

Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí

An tÚdarás Iomaíochta

An tÚdarás Comhionannais

An Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh

Biúró an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais

An Bord Achomhairc um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána

An Bord um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána

An Coimisiún um Chearta an Duine

Bord Leigheasra na hÉireann

Comhairle Spóirt na hÉireann

An Comhlachas Snámha agus Tarrthála

An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Clárlann na Talún

An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Drugaí

An Bord Náisiúnta Cíoch-Scrúdaithe

An Chomhairle Náisiúnta um Thaighde agus Forbairt Foraoise (COFORD)

An Ghníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Airgeadais

An Crannchur Náisiúnta

Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc chun críocha na nAchtanna Cánach

Oifig Scrúdóir Oifigiúil na Scannán

An tOmbudsman do Leanaí

An tOmbudsman do Phinsin

An Bord Pinsean

An tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa

An Binse Cíosa

Comhairle Sláinte na mBan

SCEIDEAL 2

Rialachán 2

Coiste Áitiúil Forbartha Pobail

Ospidéal Adelaide agus na Mí ina gcorpraítear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí

Údarás Uchtála na hÉireann

An Oifig Achomharc Talmhaíochta

Bord Comhpháirtíochta Limistéir

Logeolaire an Phoist Teoranta

An tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna (SOLAS)

Leabharlann an Ard-Easpaig Marsh

Ospidéal Ginearálta Bheanntraí

Ospidéal Beaumont

Údarás Craolacháin na hÉireann

Ospidéal Ginearálta an Chabháin

Ospidéal Náisiúnta Ortaipéideach Cheapaí

An tÚdarás Rialála Carthanas

An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla)

An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

An Coimisiún um Thoghlaigh

Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath

Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin

Cuideachta Shealbhaíochta Chóras Iompair Éireann

Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh agus Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh

Cosc - An Oifig Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe a Chosc

Ospidéal Chromadh

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann

Bord Clárúcháin na mBia-Eolaithe

Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre

Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann

An Foras Taighde ar Oideachas

EirGrid cpt

Ospidéal Inse

Ervia

Músaem Bád Aeir agus Muirí Fhainge

Gaisce - Gradam an Uachtaráin

Líonraí Gáis Éireann

Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin

Údaráis Chuain de réir bhrí na nAchtanna Cuanta, 1946 go 2015

An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh

An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte

An Ghníomhaireacht um Thithíocht agus Pobail Inbhuanaithe

Iarsmalann Hunt

Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

Cuideachtaí Forbartha Comhtháite

Cuideachtaí Forbartha Comhtháite Áitiúla

Cartlann Ailtireachta na hÉireann

Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann

An Chomhairle um Thaighde in Éirinn

Uisce Éireann

Sábháilteacht Uisce na hÉireann

Ospidéal Ortaipéideach na Coille Críne, Cill Chainnigh

An tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí

Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn

Cuideachtaí Forbartha Áitiúla

Oifigí Fiontar Áitiúil

An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil

Ospidéal Chontae Lú

Ospidéal Ginearálta Mhala

Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae

Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo

Bord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine

An Bord Athbhreithnithe Meabhair-Shláinte (An Dlí Coiriúil)

Ospidéal Ollscoile na Trócaire

An tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, An Muileann gCearr

An tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, Port Laoise

An tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór

Ospidéal Mhuineacháin

Ospidéal Ginearálta an Náis

An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Dhrugaí agus Alcól

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

An Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta

An Músaem Náisiúnta Cló

Bonneagar Iompair Éireann

An Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte

Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt

An tÚdarás Náisiúnta Iompair

Ospidéal an Aonaigh

Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh

Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair

Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann

Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Ceirde

Oifig an Chigire Príosún

Oifig an Rialálaí Pleanála

An Bord Clárúcháin Súil-Liachta

Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn

Ospidéal Mhuire, An Uaimh

Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha

An Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta

Bord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí

Pobal

Ospidéal Portiuncula

An Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil

An Bord Achomhairc um Sheirbhísí Maoine

An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine

Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann

An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

Eoraphort Ros Láir

Bord Clárúcháin na Radagrafaithe

Cláraitheoirí Breitheanna, Básanna, Póstaí agus Páirtnéireachtaí Sibhialta

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe

Ospidéal Chontae Ros Comáin

Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ)

Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann (CARÉ)

An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

Ospidéal Súl agus Cluas Ríoga Victoria

An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara

Fiontair Thráchtála na Sionainne Teoranta

Grúpa na Sionainne, cuideachta phoiblí theoranta

Ospidéal Ollscoile Shligigh

Bord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh

Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialacha

Ospidéal Ginearálta Thiobraid Árann Theas

An Otharlann Theas - Ospidéal Ollscoile Victoria

Tionól Réigiúnach an Deiscirt

Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga

Spórt Éireann

Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

Ospidéal Cholm Cille, Baile Uí Lachnáin

Ospidéal San Séam

Ospidéal Eoin, Luimneach

Ospidéal Ginearálta Lúcáis, Cill Chainnigh

Líonra Oinceolaíochta Radaíochta Naomh Lúcás

Ospidéal Naomh Micheál, Dún Laoghaire

Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann

Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann

TG4

Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill

An Chomhairle Mhúinteoireachta

An Binse Achomhairc do Charthanais

An Bord Achomhairc um Aicmiú Scannán

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Gailearaí Crawford

An Biúró um Shócmhainní Coiriúla

Cigireacht an Gharda Síochána

Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána

An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte

An Binse um Achomhairc i dtaobh Cosaint Idirnáisiúnta

Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann

Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais, Baile Átha Cliath

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil

Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta

Oifig an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean

Oifig an Ombudsman do Leanaí

Oifig an Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann

Oifig na nOibreacha Poiblí

An tÚdarás Pinsean

An Chomhairle Pinsean

An Chuideachta Duais-Bhannaí Teo.

An tSeirbhís Phromhaidh

An tÚdarás Clárúcháin Maoine

Ospidéal an Rotunda

An Bord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn

An Coimisiún um Achomhairc Chánach

Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus Ospidéal na hOllscoile, Páirc Mhuirlinne

Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí

Ospidéal na hOllscoile, Luimneach

Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge

Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Luimneach

Ospidéal Ginearálta Loch Garman

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

SCEIDEAL 3

Rialachán 2

a regional assembly

a regional authority

Aer Lingus Group plc

Affordable Homes Partnership

An Bord Altranais

An Bord Uchtála

An Chomhairle Leabharlanna

An Coimisiún Logainmneacha

An Foras Áiseanna Saothair (FÁS)

APSO (Agency for Personal Service Overseas)

Area Development Management Limited

Arramara Teoranta

Bord Gáis Éireann

Bord na Leabhar Gaeilge

Bord na Radharcmhastóirí

Broadcasting Commission of Ireland

Broadcasting Complaints Commission

Central Applications Office

Civil Defence Board

Coiste an Asgard

Comhairle

Comhairle na Nimheanna

Comhar - The National Sustainable Development Partnership

Commission for Taxi Regulation

Córas Iompair Éireann

County Enterprise Boards

Crafts Council of Ireland

Crisis Pregnancy Agency

Data Protection Commissioner

District Registrars of Marriages appointed under the terms of section 57 of the Marriages (Ireland) Act 1844

Dormant Accounts Fund Disbursement Board

Drug Treatment Centre Board

Dublin Docklands Development Authority

Dublin Transportation Office

Embark Initiative

Fire Services Council

Forfás

Further Education and Training Awards Council

Government Information Services

Harbour Authorities within the meaning of the Harbours Act 1946

Higher Education and Training Awards Council

Irish Aid Advisory Committee

Irish Council for Science, Technology and Innovation

Irish National Petroleum Corporation Limited

Irish Red Cross Society

Irish Research Council for the Humanities and Social Sciences

LEADER groups

Local Employment Service Boards

Local Government Computer Services Board

Local Government Management Services Board

National Authority for Occupational Safety and Health

National Building Agency Limited

National Centre for Partnership and Performance

National Consumer Agency

National Council for Professional Development of Nursing and Midwifery

National Council on Ageing and Older People

National Crime Council

National Economic and Social Forum

National Education Welfare Board

National Microelectronics Applications Centre Ltd.

National Qualifications Authority of Ireland

National Roads Authority

National Safety Council

National Social Work Qualification Board

Nítrigin Éireann Teoranta

Office for Health Management

Office of the Director of Consumer Affairs

Office of the Director of Equality Investigations

Office of the Refugee Applications Commissioner

Office of Tobacco Control

Personal Injuries Assessment Board

Postgraduate Medical and Dental Board

Public Voluntary Hospitals

Private Residential Tenancies Board

Radiological Protection Institute of Ireland

Railway Procurement Agency

Refugee Agency

Refugee Appeals Tribunal

Registrars of Births, Deaths and Roman Catholic Marriages

Registration Council for Secondary Teachers

Registry of Deeds

Rights Commissioners

Shannon Free Airport Development Company Limited (SFADCo)

Special Residential Services Board

Sustainable Energy Ireland

TEASTAS

Teilifís na Gaeilge

Temple Bar Properties Limited

the Censorship of Films Appeals Board

the Combat Poverty Agency

the Commissioners of Charitable Donations and Bequests for Ireland

the Commissioners of Public Works

the Competition Authority

the Equality Authority

the Family Support Agency

the Financial Services Ombudsman’s Bureau

the Garda Síochána Complaints Appeals Board

the Garda Síochána Complaints Board

the Human Rights Commission

the Irish Medicines Board

the Irish Sports Council

the Irish Water Safety Association

the Labour Relations Commission

the Land Registry

the National Advisory Committee on Drugs

the National Breast Screening Board

the National Council for Forest Research and Development (COFORD)

the National Development Finance Agency

the National Lottery

the Office of the Appeal Commissioners for the purposes of the Tax Acts

the Office of the Official Censor of Films

the Ombudsman for Children

the Pensions Ombudsman

the Pensions Board

the Probation and Welfare Service

the Rent Tribunal

Women’s Health Council

SCEIDEAL 4

Rialachán 2

a Local Community Development Committee

Adelaide and Meath Hospital Incorporating the National Children’s Hospital

Adoption Authority of Ireland

Agriculture appeals office

an Area Partnership Board

An Post GeoDirectory Limited

An tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna (SOLAS)

Archbishop Marsh’s Library

Bantry General Hospital

Beaumont Hospital

Broadcasting Authority of Ireland

Cavan General Hospital

Cappagh National Orthopaedic Hospital

Charities Regulatory Authority

Child and Family Agency (Tusla)

Citizens Information Board

Constituency Commission

Connolly Hospital Dublin

Coombe Women & Infants University Hospital

Córas Iompair Éireann Holding Company

Cork University Hospital and Cork University Maternity Hospital

Cosc - The National Office for the Prevention of Domestic, Sexual and Gender-based Violence

Croom Hospital

Data Protection Commission

Design and Crafts Council of Ireland

Dietitians Registration Board

Eastern and Midland Regional Assembly

Education and Training Boards Ireland

Educational Research Centre

EirGrid plc

Ennis Hospital

Ervia

Foynes Flying Boat and Maritime Museum

Gaisce - The President’s Award

Gas Networks Ireland

Grangegorman Development Agency

Harbour Authorities within the meaning of the Harbours Acts 1946 to 2015

Health and Social Care Professionals Council

Health Products Regulatory Authority

Housing and Sustainable Communities Agency

Hunt Museum

Insolvency Service of Ireland

Integrated Development Companies

Integrated Local Development Companies

Irish Architectural Archive

Irish Auditing and Accounting Supervisory Authority

Irish Research Council

Irish Water

Irish Water Safety

Kilcreene Orthopaedic Hospital Kilkenny

Legal Services Regulatory Authority

Letterkenny University Hospital

Local Development Companies

Local Enterprise Offices

Local Government Management Agency

Louth County Hospital

Mallow General Hospital

Mater Misericordiae University Hospital

Mayo General Hospital

Medical Scientists Registration Board

Mental Health (Criminal Law) Review Board

Mercy University Hospital

Midland Regional Hospital, Mullingar

Midland Regional Hospital, Portlaoise

Midland Regional Hospital, Tullamore

Monaghan Hospital

Naas General Hospital

National Advisory Committee on Drugs and Alcohol

National Asset Management Agency

National Oil Reserves Agency

National Print Museum

Transport Infrastructure Ireland

National Shared Services Office

National Sports Campus Development Authority

National Transport Authority

Nenagh Hospital

National Paediatric Hospital Development Board

Northern and Western Regional Assembly

Nursing and Midwifery Board of Ireland

Occupational Therapists Registration Board

Office of the Inspector of Prisons

Office of the Planning Regulator

Optical Registration Board

Our Lady’s Children’s Hospital, Crumlin

Our Lady’s Hospital, Navan

Our Lady of Lourdes Hospital, Drogheda

Personal Injuries Assessment Board (PIAB)

Physiotherapists Registration Board

Pobal

Portiuncula Hospital

Pre-Hospital Emergency Care Council

Property Services Appeal Board

Property Services Regulatory Authority

Quality and Qualifications Ireland

Road Safety Authority

Rosslare Europort

Radiographers Registration Board

Registrars of Births, Deaths, Marriages and Civil Partnerships

Residential Tenancies Board

Roscommon County Hospital

Royal Irish Academy (RIA)

Royal Irish Academy of Music (RIAM)

Road Safety Authority

Royal Victoria Eye and Ear Hospital

Sea-Fisheries Protection Authority

Shannon Commercial Enterprises Limited

Shannon Group, public limited company

Sligo University Hospital

Social Care Workers Registration Board

Social Workers Registration Board

South Tipperary General Hospital

South Infirmary Victoria University Hospital

Southern Regional Assembly

Speech and Language Therapists Registration Board

Sport Ireland

Strategic Banking Corporation of Ireland

St. Columcille’s Hospital, Loughlinstown

St. James’s Hospital

St. John’s Hospital, Limerick

St. Luke’s General Hospital, Kilkenny

St. Luke’s Radiation Oncology Network

St. Michael’s Hospital, Dún Laoghaire

St. Vincent’s University Hospital

Sustainable Energy Authority of Ireland

TG4

Temple Street Children’s University Hospital

the Teaching Council

the Charity Appeals Tribunal

the Classification of Films Appeal Board

the Competition and Consumer Protection Commission

the Crawford Gallery

the Criminal Assets Bureau

the Garda Síochána Inspectorate

the Garda Síochána Ombudsman Commission

the Health Information and Quality Authority

the International Protection Appeals Tribunal

the Irish Film Classification Office

the Irish Fiscal Advisory Council

the Irish Human Rights and Equality Commission

the National Maternity Hospital, Dublin

the Office of Commissioner for Environmental Information

the office of Regulator of the National Lottery

the Office of the Financial Services and Pensions Ombudsman

the Office of the Ombudsman for Children

the Office of the Ombudsman for the Defence Forces

the Office of Public Works

the Pensions Authority

the Pensions Council

the Prize Bond Company Ltd.

the Probation Service

the Property Registration Authority

the Rotunda Hospital

the Student Grants Appeals Board

the Tax Appeals Commission

University Hospital Galway and Merlin Park University Hospital

University Hospital Kerry

University Hospital Limerick

University Hospital Waterford

University Maternity Hospital Limerick

Wexford General Hospital

Workplace Relations Commission

Toilíonn an tAire Airgeadais leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

4 Nollaig, 2019.

PASCHAL DONOHOE,

An tAire Airgeadais.

Toilíonn an tAire Cosanta leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

19 Meitheamh, 2020.

LEO VARADKAR,

An tAire Cosanta.

Toilíonn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

4 Nollaig, 2019.

PASCHAL DONOHOE,

An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Toilíonn an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

28 Samhain, 2019.

SIMON COVENEY,

An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Toilíonn an tAire Oideachais agus Scileanna leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

23 Samhain, 2019.

JOE McHUGH,

An tAire Oideachais agus Scileanna.

Toilíonn an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

19 Nollaig, 2019.

CATHAL Ó’FLANNAGÁIN,

An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Toilíonn an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

21 Samhain, 2019.

HEATHER HUMPHREYS,

An tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta.

Toilíonn an tAire Sláinte leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

21 Samhain, 2019.

SIMON HARRIS,

An tAire Sláinte.

Toilíonn an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

21 Samhain, 2019.

MICHAEL CREED,

An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Toilíonn an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

22 Samhain, 2019.

SEAN DE ROSSA,

An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Toilíonn an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

11 Samhain, 2019.

KATHERINE ZAPPONE,

An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Toilíonn an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

27 Samhain, 2019.

MICHEÁL Ó RÍNN,

An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Toilíonn an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

26 Samhain, 2019.

REGINA DOHERTY,

An tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Toilíonn an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

27 Samhain, 2019.

EOGHAN MURPHY,

An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Toilíonn an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil leis na Rialacháin seo a dhéanamh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

22 Samhain, 2019.

RICHARD BRUTON,

An tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,

25 Meitheamh, 2020.

SEÁN KYNE,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.