An tAcht um an Trí Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001

An tAcht um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001

Twenty-third Amendment of the Constitution Act, 2001

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN TR�Ú LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagail 29 den Bhunreacht a leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Cuid 2

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN TR�Ú LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [27 Márta, 2002]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagail 29 den Bhunreacht a leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 8 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 8 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua.

2.—(1) An Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

9    Tig leis an Stát Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a rinneadh sa Róimh an 17ú lá d'Iúil, 1998, a dhaingniú.

Cuid 2

9    The State may ratify the Rome Statute of the International Criminal Court done at Rome on the 17th day of July, 1998.