An tAcht um an Aonú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN AONÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1992


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagal 29 den Bhunreacht do leasú.

2.

Citation.


AN SCEIDEAL

Cuid I

Cuid II

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN AONÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1992


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEAS. [16 Iúil, 1992]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 29 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 29 den Bhunreacht do leasú.

1.Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29.4 den Bhunreacht:

(a) aisghairfear an tríú habairt i bhfo-alt 3° d'alt 4 den téacs Gaeilge agus cuirfear isteach an téacs atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

(b) aisghairfear an tríú habairt i bhfo-alt 3° d'alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla agus cuirfear isteach an téacs atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Lua.

2.(1) An tAonú Leasú Déag ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Aonú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

4° Tig leis an Stát an Connradh ar an Aontas Eorpach a sínigheadh i Maastricht ar an 7adh lá d'Fheabhra, 1992, do dhaingniú agus tig leis do bheith ina chomhalta den Aontas san.

5° Ní dhéanann aon fhoráileamh atá insan Bhunreacht so aon dlighthe d'achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac an Stát, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach nó de na Comhphobail do chur ó bhail dlighidh ná cosc do chur le dlighthe d'achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac an tAontas Eorpach nó na Comhphobail nó institiúidí díobh, nó comhluchtaí atá inneamhail fá na Connarthaí ag bunú na gComhphobal, ó fheidhm dlighidh do bheith aca sa Stát.

6° Tig leis an Stát an Comhaontú maidir le Paitinní Comhphobail a tarrainguigheadh suas idir Ballstáit na gComhphobal agus a rinneadh i Lucsamburg ar an 15adh lá de Nollaig, 1989, do dhaingniú.

CUID II

4° The State may ratify the Treaty on European Union signed at Maastricht on the 7th day of February, 1992, and may become a member of that Union.

5° No provision of this Constitution invalidates laws enacted, acts done or measures adopted by the State which are necessitated by the obligations of membership of the European Union or of the Communities, or prevents laws enacted, acts done or measures adopted by the European Union or by the Communities or by institutions thereof, or by bodies competent under the Treaties establishing the Communities, from having the force of law in the State.

6° The State may ratify the Agreement relating to Community Patents drawn up between the Member States of the Communities and done at Luxembourg on the 15th day of December, 1989.