An tAcht um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1972

AN tACHT UM AN gCEATHRÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1972


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ.

[5 Eanáir, 1973]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 16 den Bhunreacht:—

(a) cuirfear “ocht mbliadhna déag” in ionad “bliadhain agus fiche” i bhfo-alt 2° d'alt 1 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear “eighteen years” in ionad “twenty-one years” i bhfo-alt 2° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua.

2.—(1) An Ceathrú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1972, a ghairm den Acht seo.