An tAcht um an Trí Leasú ar an mBunreacht, 1972

AN tACHT UM AN TR�Ú LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1972


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ.

[8 Meitheamh, 1972]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 29 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 29 den Bhunreacht do leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 4 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 4 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua.

2.—(1) An Tríú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1972, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid I

3°     Tig leis an Stát do bheith ina chomhalta den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh i bPáras an 18adh lá d'Aibreán, 1951), de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh insan Róimh an 25adh lá de Mhárta, 1957) agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh insan Róimh an 25adh lá de Mhárta, 1957). Ní dhéanann aon fhoráileamh atá insan Bhunreacht so aon dlighthe d'achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac an Stát, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail, do chur ó bhail dlighidh ná cosc do chur le dlighthe d'achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac na Comhphobail, nó institiúidí de na Comhphobail, ó fheidhm dlighidh do bheith acu sa Stát.

Cuid II

3°     The State may become a member of the European Coal and Steel Community (established by Treaty signed at Paris on the 18th day of April, 1951), the European Economic Community (established by Treaty signed at Rome on the 25th day of March, 1957) and the European Atomic Energy Community (established by Treaty signed at Rome on the 25th day of March, 1957). No provision of this Constitution invalidates laws enacted, acts done or measures adopted by the State necessitated by the obligations of membership of the Communities or prevents laws enacted, acts done or measures adopted by the Communities, or institutions thereof, from having the force of law in the State.