I.R. Uimh. 710/2021 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), (Uimh. 4), 2021


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 28 Nollaig, 2021, á rá go

ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, JACK CHAMBERS, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), (Uimh. 4), 2021 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: An tEachréidh, Co. na Gaillimhe

(1) Na limistéir toghroinne i gContae na Gaillimhe seo a leanas: Baile Chláir, An Carn Mór agus Eanach Dhúin (Gaillimh).

(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair Bhaile an Teampaill i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile an Gharráin agus An Poll Caoin.

(3) An chuid sin de thoghroinn ceantair Cheathrú an Bhrúnaigh i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Ceathrú an Bhrúnaigh, An Chluain, Cluain Mhic Cáinín (Dún Coillín), Cluain Mhic Cáinín (Gaillimh), Coill Uachtair, Gort an Chalaidh, An Pollach Riabhach, An Saighleán agus Sceach Liag.

(4) An chuid sin de thoghroinn ceantair Leacach Beag i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Cill Torróg agus Na Croisíní.

(5) An chuid sin de thoghroinn ceantair Lisín an Bhealaigh i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta den bhaile fearainn seo a leanas: An Carn Mór Thoir.

Arna thabhairt faoi mo láimh,

8 Nollaig 2021.

JACK CHAMBERS,

Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.