I.R. Uimh. 547/2020 - An tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 20 Samhain, 2020,

á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

Ar iarraidh a fháil ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)), agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977) , ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 is teideal don Ordú seo.

2. Déantar na cumhachtaí (seachas an chumhacht chun cion a ionchúiseamh) agus na dualgais de chuid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a thugtar di—

(a) leis na hAchtanna den Oireachtas nó leis na reachtanna, nó faoi na hAchtanna den Oireachtas nó faoi na reachtanna, a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh an dáta a tháinig an Bunreacht i ngníomh, agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht, agus a shonraítear i gCuid 1 den Sceideal,

(b) leis na forálacha de na hAchtanna den Oireachtas a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal, nó fúthu, agus

(c) faoi na hionstraimí a shonraítear i gCuid 3 den Sceideal,

a tharmligean chuig Seán Mac Ambróis, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 2001

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956)

An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 (Uimh. 5 de 1979) , seachas alt 6

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003)

Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012)

Cuid 2

Cuid VI agus Cuid VIII (a mhéid a bhaineann sí le Cuid VI) den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 (Uimh. 1 de 1999)

Alt 2 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear i mír (e), mír (f) (a mhéid a bhaineann an mhír sin le mír (e)) agus mír (g) d’fho-alt (1) den alt sin) den Acht um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007 (Uimh. 32 de 2007)

Alt 33(3)(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Uimh. 30 de 2000)

Cuid 3

Airteagail 28(1)(o), 179(2)(p) agus 295(1)(q)(i) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais,

17 Samhain, 2020.

MICHEÁL MARTIN,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Déantar foráil san Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, inter alia, le cumhachtaí agus dualgais a tharmligean ó Airí go hAirí Stáit ar mhodh Ordaithe Rialtais. Déantar Orduithe den sórt sin de ghnáth nuair atáthar ag súil go gcomhlíonfaidh Aire Stáit feidhmeanna reachtúla thar ceann Aire. Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil gach cumhacht nó dualgas tarmligthe go fóill á dílsiú nó á dhílsiú in Aire an Rialtais i gcomhthráth leis an Aire Stáit agus féadfaidh ceachtar acu iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh. Déantar foráil san Ordú seo do tharmligean na bhfeidhmeanna a bhaineann leis an nGaeilge agus an nGaeltacht ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chuig an Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge agus an nGaeltacht.