I.R. Uimh. 708/2021 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), (Uimh. 2), 2021


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 28 Nollaig, 2021, á rá go

ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, JACK CHAMBERS, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), (Uimh. 2), 2021 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Na Rosa, Co. Dhún na nGall

(1) Na limistéir toghroinne i gContae Dhún na nGall seo a leanas: Inis Mhic an Doirn, An Clochán Liath, Leitir Mhic an Bhaird agus An Machaire.

(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair Anagaire i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Bhráid, Droim na Ceárta, An Dún Mór, An Carn Buí, An Charraig Fhinn, Gort Lios Saighead, Mín Doire Ghabhann, Mullach Dearg, Sliabh Mhullach Dearg, Mullach Dubh Thuaidh agus Mullach Dubh Theas.

Arna thabhairt faoi mo láimh,

8 Nollaig 2021.

JACK CHAMBERS,

Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.