I.R. Uimh. 707/2021 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2021


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 28 Nollaig, 2021, á rá go

ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, Jack Chambers, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2021 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

(1) Na limistéir toghroinne i gContae na Gaillimhe seo a leanas: Maigh Cuilinn agus Sliabh an Aonaigh.

(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair Thulaigh Mhic Aodháin i gContae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Dóite, Ceathrú an Loistreáin, Cluain na Binne, Cnoc an tSeanbhaile, Cill Ráine, Droma Bheag, Gort an Chalaidh, Gort Uí Lochlainn, Liagán agus Tulaigh Mhic Aodháin.

Arna thabhairt faoi mo láimh,

8 Nollaig 2021.

JACK CHAMBERS,

Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.