I.R. Uimh. 579/2021 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Líonraí Gaeilge a Ainmniú), 2021


Notice of the making of this Statutory Instrument was published in

“Iris Oifigiúil” of 9 Samhain, 2021.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 11(1) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, Jack Chambers, Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Líonraí Gaeilge a Ainmniú), 2021 a ghairm den Ordú seo.

2. Ainmnítear pobal a shonraítear sa Sceideal mar Líonra Gaeilge chun críocha alt 11(1) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Líonra Gaeilge: Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe

(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Baile Locha Riach (Uirbeach) and Baile Locha Riach (Tuath).

Líonra Gaeilge: Cluain Dolcáin, Co. Bhaile Átha Cliath

(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Cluain Dolcáin, Cluain Dolcáin-Dún Amhlaoibh agus Cluain Dolcáin-An Mhainistir.

Líonra Gaeilge: Inis, Co. an Chláir

(1) An lonnaíocht seo a leanas: Inis

Arna thabhairt faoi mo láimh,

13 Deireadh Fómhair 2021.

JACK CHAMBERS,

Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.