An tAcht um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2019

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ IS TR�OCHA AR AN mBUNREACHT (SCAOILEADH AR PHÓSADH), 2019


CLÃ?R AN Ã?BHAIR

Alt

1. Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú

2. Lua

AN SCEIDEAL

CUID 1

CUID 2

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ IS TR�OCHA AR AN mBUNREACHT (SCAOILEADH AR PHÓSADH), 2019


Acht chun an Bunreacht a leasú.

[11 Meitheamh 2019]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú:

Achtaítear ag an Oireachtas ar an ábhar sin mar a leanas:

Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú

1. Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 41 den Bhunreacht:

(a) aisghairfear mír i d'fho-alt 2° d'alt 3 den téacs Gaeilge;

(b) aisghairfear mír i d'fho-alt 2° d'alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla;

(c) déanfar mír ii d'fho-alt 2° d'alt 3 den dá théacs a uimhriú mar mhír i;

(d) déanfar mír iii d'fho-alt 2° d'alt 3 den dá théacs a uimhriú mar mhír ii;

(e) déanfar mír iv d'fho-alt 2° d'alt 3 den dá théacs a uimhriú mar mhír iii;

(f) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i g Cuid 1 den Sceideal in ionad fho-alt 3° d'alt 3 den téacs Gaeilge;

(g) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i g Cuid 2 den Sceideal in ionad fho-alt 3° d'alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua

2. (1) An tOchtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2019 a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

CUID 1

3° Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun aitheantas a thabhairt faoi dhlí an Stáit do scaoileadh ar phósadh arna thabhairt faoi dhlí sibhialta stáit eile.

CUID 2

3° Provision may be made by law for the recognition under the law of the State of a dissolution of marriage granted under the civil law of another state.