I.R. Uimh. 544/2017 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2017.
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 1ú lá de Nollaig, 2017 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) agus an tOrdú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017 ( I.R. Uimh. 315 de 2017 ) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas: | ||
1. An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2017 is teideal don Ordú seo. | ||
2. Tá gach ceann de na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012). | ||
AN SCEIDEAL | ||
Limistéar Pleanála Teanga: Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe | ||
(1) Na toghranna ceantair seo a leanas: Cill Chuimín (Gaillimh), Sailearna, Cill Aithnín, An Spidéal agus Na Forbacha. | ||
| ||
ARNA THABHAIRT faoi mo láimh, | ||
15 Samhain 2017. | ||
JOE McHUGH, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. |