I.R. Uimh. 315/2017 - An tOrdú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017.
Foilsíodh fógra san“Iris Oifigiúil” an 14ú Iúil, 2017, á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
Ar iarraidh a fháil ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (arna oiriúnú leis an Ordú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2016 (I.R. Uimh. 357 de 2016)), agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaía thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas: | ||
1. An tOrdú Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017 is teideal don Ordúseo. | ||
2. Déantar cumhachtaí agus dualgais an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a thugtar di— | ||
(a) le hAchtanna an Oireachtais nó leis na reachtanna a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh an dáta a tháinig an Bunreacht i ngníomh agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht, nó fúthu, ar Achtanna nó reachtanna iad a shonraítear i gCuid 1 den Sceideal, | ||
(b) le forálacha na nAchtanna den Oireachtas a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal, nó fúthu, agus | ||
(c) faoi fhorálacha na Rialachán a shonraítear i gCuid 3 den Sceideal, | ||
a tharmligean chuig Seosamh Mac Aodha, Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. | ||
AN SCEIDEAL | ||
Cuid 1 | ||
Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 2001 | ||
An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956) | ||
Na hAchtanna umÚdarás na Gaeltachta, 1979 go 2010 | ||
Achtanna an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 2003 agus 2007 | ||
Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) | ||
Cuid 2 | ||
Alt 5 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear san alt sin agus a aistrítear leis an Ordúum an nGaeilge, um an nGaeltacht agus um na hOileáin (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011)) d’Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaíagus Feidhmeanna), 1998 (Uimh. 7 de 1998) | ||
Cuid VI agus Cuid VIII (a mhéid a bhaineann síle Cuid VI) den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 (Uimh. 1 de 1999) | ||
Alt 2 (a mhéid a bhaineann séleis na feidhmeanna dádtagraítear i mír (e), mír (f) (a mhéid a bhaineann an mhír sin le mír (e)) agus mír (g) d’fho-alt (1) den alt sin) den Acht um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007 (Uimh. 32 de 2007) | ||
Alt 33(3)(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Uimh. 30 de 2000) | ||
Cuid 3 | ||
Airteagail 28(1)(o), 82(3)(o), 121(1)(o), 179(2)(p) agus 295(1)(q)(i) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 go 2017 | ||
| ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, | ||
5 Iúil 2017. | ||
LEO VARADKAR, | ||
Taoiseach. | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN | ||
(Nícuid den Ionstraim an nóta seo náníceart a mheas gur míniúdlíthiúil uirthié.) | ||
Déantar foráil san Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, maidir le, inter alia, cumhachtaí agus dualgais a tharmligean ó Airí go hAirí Stáit ar mhodh Ordú Rialtais. Déantar Orduithe den sórt sin de ghnáth nuair atáthar ag súil go gcomhlíonfaidh Aire Stáit feidhmeanna reachtúla thar ceann Aire. Is cóir a thabhairt faoi deara go mbíonn gach cumhacht nó dualgas atá tarmligthe fós á dílsiú nó á dhílsiú san Aire den Rialtas i gcomhthráth leis an Aire Stáit agus go bhféadfaidh ceachtar acu iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh. Déantar foráil san Ordú seo maidir le tarmligean na bhfeidhmeanna a bhaineann leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus leis na hOileáin ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta chuig an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, as an nGaeltacht agus as na hOileáin. |