An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2013
| ||
| ||
| ||
| ||
AN tACHT UM AN TRÍÚ LEASÚ IS TRÍOCHA AR AN mBUNREACHT (CÚIRT ACHOMHAIRC), 2013 | ||
RIAR NA nALT | ||
Alt | ||
| ||
AN tACHT UM AN TRÍÚ LEASÚ IS TRÍOCHA AR AN mBUNREACHT (CÚIRT ACHOMHAIRC), 2013 | ||
ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. | ||
[1 Samhain 2013] | ||
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe— | ||
(A) an Bunreacht a leasú chun cúirt dar teideal an Chúirt Achomhairc a bhunú; | ||
(B) de dhroim an mhéid sin roimhe seo, an Bunreacht a leasú thairis sin agus, go háirithe, leasú a dhéanamh ar na forálacha sin de lena dtugtar dlínse achomhairc don Chúirt Uachtarach ar bhreitheanna ón Ard-Chúirt agus ó chúirteanna eile; agus | ||
(C) Airteagal 34.4.5° den Bhunreacht a scriosadh: | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS: |