S.I. No. 580/2009 - Scéim Aoisliútais An Choimisinéara Teanga 2009


I.R. Uimh. 580 de 2009

SCÉIM AOISLIÚNTAIS AN CHOIMISINÉARA TEANGA 2009

Foilsíodh fgra san “Iris Oifigiúil” an 8ú la de Eanair, 2010 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

Clár Na n-Ábhar

1. Lua.

2. Tosú.

3. Sainmhínithe.

4. Tuarastal Inphinsin.

5. Seirbhís Inphinsin.

6. Sochair.

7. Scor ar Chúinsí Sláinte.

8. Íocaíocht Pinsin n Pinsin Chaomhnaithe.

9. Arduithe Pinsean

10. Ranníocaíochtaí

11. Foirceannadh n Laghdú Sochair

12. Coinníollacha a Rialaíonn Íocaíochtaí

13. Sannacháin

14. Ní Cheadfar Dúbailt Sochair

15. Achomhairc

16. Foirceannadh n Leasú na Scéime

I.R. Uimh. 580 de 2009

SCÉIM AOISLIÚNTAIS AN CHOIMISINÉARA TEANGA 2009

Déanaimse, ÉAMON Ó CUÍV, an tAire Gnthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ag feidhmiú na gcumhachtaí a bhronnann alt 20 de, agus an Dara Sceideal le, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) orm, an Scéim seo a leanas.

Lua.

1. Is féidir an Scéim seo a lua mar Scéim Aoisliúntais an Choimisinéara Teanga 2009.

Tosú.

2. Measfar an Scéim a bheith tosaithe le héifeacht n 23ú lá de Feabhra 2004, agus gairfear an lá sin mar an dáta tosaithe.

Sainmhínithe.

3. Sa Scéim seo, ach amháin nuair a éilíonn an comhthéacs a mhalairt:

ciallaíonn “seirbhís iarbhír inphinsin” seirbhís mar a shainítear í i bhfo-alt 5(1) (a) agus 5(1)(b) den scéim seo;

ciallaíonn “an Coimisinéir” an Coimisinéir Teanga mar a shainítear é faoi alt 20(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar a ceapadh n 23ú lá de Feabhra 2004;

ciallaíonn “ball faoi árachas iomlán” ball den Scéim seo atá, n a bhí díreach sular shroich sé 66 bliain d’aois, faoi árachas don Phinsean Seanaoise (Ranníocach) faoi na hAchtanna Leasa Shisialaigh;

ciallaíonn “Aire” an tAire Gnthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;

ciallaíonn “Pinsean Seanaoise (Ranníocach) an pinsean ranníocach seanaoise atá iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shisialaigh;

ciallaíonn “Na Rialachán um Ombudsman Pinsean” na Rialacháin um Ombudsman Pinsean 2003 (I.R. Uimh. 397 de 2003);

ciallaíonn “ráta pearsanta” i dtaca le haon sochar Leasa Shisialaigh, an ráta de shochar dá leithéid atá iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shisialaigh le duine singil, ach amháin aon ardú atá iníochta ar fhoras aoise, n de bhrí go bhfuil an faighteoir ina chnaí leis féin, n i dtaca le duine fásta cáilithe n leanbh cleithiúnach, agus déanfar an “t-uasráta pearsanta” a fhorléiriú dá réir;

is í an chiall atá le “scéim pinsin seirbhíse poiblí”an chiall a shanntar di i bhfo-alt 1(1) den Acht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004 (Uimh. 7 de 2004).

ciallaíonn “ráta laghdaithe” i dtaca le haon sochar Leasa Shisialaigh an ráta pearsanta de shochar dá leithéid má tá an ráta sin níos lú ná an t-uasráta pearsanta don Phinsean Seanaoise (Ranníocach);

ciallaíonn “Scéim Aoisliúntais RTÉ” an Scéim Pinsin Sochar Sainithe Ranníocach Cistithe a fheidhmíonn Radio Telefís Éireann, a dúnadh d’fhostaithe nua i mí Iúil 1989;

ciallaíonn “na hAchtanna Leasa Shisialaigh” na hAchtanna Leasa Shisialaigh 1981 go 2008 — lena n-áirítear aon achtú a leasaíonn n a chuireann síneadh le haon cheann n le gach ceann de na hAchtanna n aon rialachán, aon bharántas n aon ordú a dhéantar fúthu;

ciallaíonn “Sochar Leasa Shisialaigh” an Pinsean Seanaoise (Ranníocach), Pinsean Scoir, Pinsean Easláine, Sochar Míchumais n Sochar Dífhostaíochta iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shisialaigh;

ciallaíonn “blianta” figiúr a dhéantar amach leis an bhfoirmle A + B/365 sa chás gurb é A líon na mblianta atá comhlánaithe sa tréimhse atá i gceist agus gurb é B aon líon laethanta breise ar bhliain chomhlánaithe n líon blianta comhlánaithe sa tréimhse sin, agus déanfar “bliain” a fhorléiriú dá réir.

Tuarastal Inphinsin.

4. (1) ciallaíonn “tuarastal” an bunráta bliantúil tuarastail iníoctha am go chéile mar a shocraíonn an tAire Airgeadais go dlíthiúil n mar a cheadaíonn an tAire Airgeadais go dlíthiúil, ach amháin aon suimeanna a íoctar i dtaca le ragobair, coimisiún, aisce, táillí speisialta, liúntas taistil, liúntas cothaithe agus a leithéid, macasamhail airgid aon luach saothair n aon sochar comhchineáil (lena n-áirítear carr n aon fheithicil eile) n aon íocaíocht i dtreo n i dtaca lena leithéid de luach saothair.

(2) ciallaíonn “tuarastal glan” an méid a théann an tuarastal os cionn dhá oiread uasráta pearsanta bliantúil an Phinsin Seanaoise (Ranníocach) atá iníoctha am go chéile le duine nach bhfuil aon chleithiúnaí aosaithe n leanbh cáilithe aige.

(3) ciallaíonn “tuarastal scoir” tuarastal an Choimisinéara ar an dáta scoir n báis sa chás go—

(a) bhfuil trí bliana de sheirbhís iarbhír inphinsin curtha isteach mar Choimisinéir ag an gCoimisinéir ar an dáta a n-éiríonn sé as oifig;

(b) bhfaigheann an Coimisinéir bás i seirbhís le seirbhís iarbhír agus inphinsin de níos m ná 3 bliana;

(c) n-éiríonn an Coimisinéir as oifig ar chúinsí sláinte roimh 60 bliain d’aois le seirbhís iarbhír agus féideartha go haois 60 bliain de níos m ná 3 bliana;

In aon chás eile glacfar le tuarastal scoir mar an t-iomlán a ríomhtar tríd an ráta tuarastail bhliantúil atá iomchuí ar an lá deireanach seirbhíse inphinsin do gach grád inar fheidhmigh an Coimisinéir sna trí bliana de sheirbhís inphinsin atá caite a mhéadú faoi 1/1095, agus an toradh a mhéadú faoin líon laethanta dá chuid fostaíochta i ngach grád le linn na mblianta sin, faoi réir an tuarastail scoir a fhaightear gan a bheith ag dul thar an bunráta tuarastail bhliantúil a bheidh iníoctha ag am an scoir n an bháis.

(4) ciallaíonn “tuarastal glan inphinsin” an méid a théann an tuarastal inphinsin os cionn dhá oiread uasráta pearsanta bliantúil an Phinsin Seanaoise (Ranníocach) atá iníoctha ar an lá deireanach de sheirbhís inphinsin le duine nach bhfuil aon chleithiúnaí aosaithe n leanbh cáilithe aige.

Seirbhís Inphinsin.

5. (1) Beidh seirbhís inphinsin, faoi réir uasmhéid 40 bliain, mar chomhiomlán de—

(a) sheirbhís atá tugtha mar Choimisinéir roimh 67 bliain d’aois;

(b) sheirbhís iarbhír a bhí ináirithe do chuspirí Scéim Aoisliúntais RTÉ;

(c) dá mbeadh seirbhís inphinsin faoi aois 65 níos lú ná 40 bliain, blianta breise de chreidmheas pinsin, faoi réir uasteorainneacha a bheidh le socrú ag an Aire i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a roghnaíonn sé a cheannach ar a chostas féin ar bhonn táblaí achtúireacha ceadaithe ag an Aire Airgeadais.

(2) (a) Má chuireann an Coimisinéir isteach cúig bliana n níos m de sheirbhís iarbhír inphinsin agus má théann sé ar scor, n má tá sé ar scor cheana, ar chúinsí sláinte de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in alt 7(1) den scéim seo, is féidir leis, faoi rogha an Aire, tréimhse meas-seirbhíse (a ndéanfar tagairt de mar “mheas-seirbhís drochshláinte”) a chur lena sheirbhís inphinsin, fad is nach dtéann comhiomlán na seirbhíse inphinsin agus na meas-seirbhíse drochshláinte thar 40 bliain.

(b) Ríomhfar an meas-seirbhís drochshláinte mar an ceann is lú de:

(i) 6 bliana agus 243 lá, n

(ii) an tseirbhís iarbhír inphinsin bhreise a bheadh aige dá mbeadh seirbhís suas go 60 bliain d’aois curtha isteach aige n, más níos túisce a bheadh sé, suas go dtí an dáta a rachadh a chonradh fostaíochta in éag.

Sochair.

6. (1) Pinsean:

(a) Má chuireann an Coimisinéir isteach dhá bhliain de sheirbhís iarbhír inphinsin agus má éiríonn sé as, n má tá sé tar éis éirí as cheana féin, tar éis d aois 60 bliain a bhaint amach, beidh sé incháilithe le pinsean a fháil arb é suim bhliantúil an phinsin sin an méid a ríomhfar ag ráta 1/80 dá thuarastal glan inphinsin do gach bliain de sheirbhís inphinsin, faoi réir uasmhéid de 40/80;

(b) Má chuireann an Coimisinéir isteach cúig bliana de sheirbhís iarbhír inphinsin agus má théann sé ar scor, n má tá sé ar scor cheana, ar chúinsí sláinte de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in alt 7(1) den scéim seo, roimh n tar éis d 60 bliain d’aois a shroicheadh, beidh sé incháilithe chun pinsean a fháil de mhéid per annum a bheidh ríofa ag an ráta de 1/80 dá thuarastal glan inphinsin do gach bliain de sheirbhís inphinsin, faoi réir uasmhéid de 40/80.

(2) Aiscí:

(a) Má chuireann an Coimisinéir isteach dhá bhliain de sheirbhís iarbhír inphinsin agus má théann sé ar scor, n má tá sé ar scor cheana, tar éis d 60 bliain d’aois a shroicheadh, beidh sé incháilithe chun aisce a fháil ag an ráta de 3/80 dá thuarastal inphinsin do gach bliain de sheirbhís inphinsin, faoi réir uasmhéid de 120/80.

(b) Má chuireann an Coimisinéir isteach ar a laghad cúig bliana de sheirbhís iarbhír inphinsin agus má théann sé ar scor, n má tá sé ar scor cheana, ar chúinsí sláinte de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in alt 7(1), beidh sé incháilithe chun aisce a fháil ag an ráta de 3/80 dá thuarastal inphinsin do gach bliain de sheirbhís inphinsin, faoi réir uasmhéid de 120/80.

(c) (i) Má fhaigheann an Coimisinéir bás fad is atá sé i seirbhís, beidh a ionadaí pearsanta dlí i dteideal an ceann is m díobh seo a leanas a fháil—

(a) a thuarastal inphinsin, n

(b) an aisce a bheadh iníoctha dá rachadh an Coimisinéir ar scor ar chúinsí sláinte ar dháta a bháis.

(ii) Má fhaigheann an Coimisinéir bás, tar éis d pinsean agus aisce a bheith bronnta air, agus má tá an méid iomlán atá íoctha n iníoctha ar bhonn an phinsin agus na haisce (lena n-áirítear aon asbhaintí a rinneadh i dtaca le ranníocaíochtaí neamhthréimhsiúla faoi Scéim Pinsean Ranníocach an Choimisinéara Teanga do Chéilí agus Leanaí 2009) níos lú ná an aisce a bheadh bronnta ar a ionadaí pearsanta dlí dá mbeadh sé tar éis bás a fháil ar dháta a scoir, beidh a ionadaí pearsanta dlí incháilithe chun aisce a fháil a bheidh cothrom leis an easnamh.

(3) Caomhnú Sochar:

(a) Sa chás go n-éiríonn an Coimisinéir as a bheith ina Choimisinéir roimh 60 bliain d’aois ar shlí seachas faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in alt 7.1 tar éis dhá bhliain ar a laghad de sheirbhís inphinsin, beidh sé ar shroicheadh 60 bliain d’aois d incháilithe faoin bhfo-alt seo chun pinsean agus íocaíocht cnapshuime (ina ndéantar tagairt do phinsean agus do chnapshuim sa Scéim seo mar “pinsean caomhnaithe” agus mar “cnapshuim chaomhnaithe” faoi seach) a fháil, ar chuntar

(i) nach bhfaigheann sé aon sochar eile i dtaca leis an tseirbhís sin, agus

(ii) nach bhfuil an tseirbhís sin ináirithe aige do chuspirí pinsin i bhfostaíocht eile faoi shocruithe ceadaithe.

(b) beidh pinsean caomhnaithe iníoctha leis an gCoimisinéir ar shroicheadh aois 60 bliain d, agus as sin amach, ach iarratas faoi choinne sin a bheith déanta aige.

(c) d’fhéadfaí pinsean breise ar na téarmaí agus na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt 6.4 den scéim seo a íoc, de réir mar is rogha leis an Aire.

(d) ní rachaidh pinsean caomhnaithe thar an méid a thiocfadh as an bhfoirmle—

A X B

80

nuair is é A líon na mblianta de sheirbhís inphinsin, faoi réir uasmhéid de 40, mar a ríomhtar faoi alt 5.1 agus nuair is é

B an figiúr a fhaightear trí thuarastal glan inphinsin an Choimisinéara ar an dáta a éiríonn sé as oifig a mhéadú trí thagairt d’arduithe pinsean bronnta faoi alt 9 den Scéim seo san eatramh idir an dáta éirí as agus an dáta ar a mbaineann an Coimisinéir aois 60 bliain amach.

(e) Má éiríonn an Coimsinéir as oifig de réir alt 6(3)(a) agus má fhaigheann sé bás roimh shroicheadh aois 60 bliain d, beidh suim (a ndéantar tagairt di sa Scéim seo mar “aisce chaomhnaithe báis”) iníoctha le hionadaí pearsanta dlí an Choimisinéara ina leith.

(f) Ní rachaidh cnapshuim chaomhnaithe n aisce chaomhnaithe báis thar an méid a bhaintear amach leis an bhfoirmle—

3A X B

80

nuair is é A an bhrí a shanntar d in alt 6(3)(d), agus nuair is é

B an tuarastal inphinsin ar an dáta a n-éiríonn an Coimisinéir as oifig agus é méadaithe trí thagairt d’arduithe pinsean bronnta faoi alt 9 den Scéim seo san eatramh idir an dáta scoir agus an dáta

(i) ar a shroicheann sé aois 60 bliain i gcás cnapshuim chaomhnaithe, n

(ii) a fhaigheann sé bás, i gcás aisce chaomhnaithe báis.

(g) Beidh cnapshuim chaomhnaithe n aisce chaomhnaithe báis iníochta leis an gCoimisinéir, n ina leith, ar iarratas a bheith déanta aige leis an Aire ag aon am tar éis d aois 60 bliain a bhaint amach n, i gcás go bhfaigheann sé bás roimh an aois sin, a ionadaí pearsanta dlí.

(4) Pinsean Breise:

(a) Sa chás go bhfuil an Coimisinéir ag fáil pinsean faoin scéim seo agus é dífhostaithe agus, de bharr cúinsí nach bhfuil aon neart aige orthu,

(i) go dteipeann air cáiliú do shochar Leasa Shisialaigh, n

(ii) go gcáilíonn sé do shochar Leasa Shisialaigh ag ráta laghdaithe,

fad is a bheadh na réamhchoinníollacha atá leagtha amach sa bhfo-alt seo comhlíonta, d’fhéadfadh an Coimisinéir, de réir mar is rogha leis an Aire, íocaíocht de phinsean breise a fháil faoin Scéim seo.

(b) Is é méid an phinsin bhreise a bheadh iníoctha de bhun fho-alt (a) den alt seo an méid, más tada é, a ríomhfaí leis an bhfoirmle A — (B+C), nuair is é A méid an phinsin n méid an phinsin chaomhnaithe a bheadh iníoctha leis an gCoimisinéir faoi alt 6(1) den Scéim seo dá mbeadh a leithéid de phinsean ríofa trí thagairt do thuarastal inphinsin seachas do thuarastal glan inphinsin, is é B méid iarbhír an phinsin atá iníoctha leis an gCoimisinéir faoi alt sin 6(1) agus is é C méid bliantúil ráta laghdaithe an tsochair Leasa Shisialaigh, más tada é, atá iníoctha leis an gCoimisinéir.

Scor ar Chúinsí Sláinte.

7. (1) Sa chás go dtéann an Coimisinéir ar scor, n go bhfuil sé ar scor cheana, ar chúinsí sláinte, ní íocfar sochar faoi ailt 6(1) agus/n 6(2) den Scéim seo ach amháin nuair a bheidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a) Is gá fianaise dochtúra a chur ar fáil, a shásidh an tAire nach bhfuil ar chumas an Choimisinéara de bharr éagumas colainne n intinne dualgais a phoist a chomhlíonadh agus go bhfuil gach dealramh air go bhfuil an míchumas sin buan. I dtaca leis seo, is gá don Choimisinéir, má iarrann an tAire a leithéid air, dul faoi scrúdú dochtúra a dhéanfaidh liachleachtir cláraithe a bheidh ainmnithe ag an Aire.

(b) Is gá gur de thoradh iomlán an éagumais a bheadh an scor.

(2) Sa chás nach gcomhlíonfaí an dá choinníoll thuas, n ceachtar acu, bainfidh alt 6.3 in áit sochar faoi ailt 6(1) agus 6(2).

Íocaíocht Pinsin n Pinsin Chaomhnaithe.

8. Seachas mar a foráiltear a athrach sa Scéim, íocfaidh an tAire pinsin agus pinsin chaomhnaithe, atá iníoctha faoin Scéim seo, gach coicís ina riaráistí agus leanfar leis seo ar feadh saoil an Choimisinéara.

Arduithe pinsean.

9. Ardfar pinsean agus pinsean chaomhnaithe, atá iníoctha faoin Scéim seo, i méideanna ar féidir a bheith údaraithe le cead n Aire Airgeadais.

Ranníocaíochtaí.

10. (1) Íocfaidh an Coimisinéir ranníocaíocht ar an dáta tosaithe agus as sin amach.

(2) Cuimseoidh an ranníocaíocht

(a) 3.5% de thuarastal glan agus

(b) 1.5% den tuarastal.

(3) Sa chás go bhfuil an Coimisinéir ag fáil ráta laghdaithe pá de bharr neamhláithreacht n obair, ríomhfar na ranníocaíochtaí i dtaca leis an tréimhse sin le tagairt don ráta pá a bheadh iníoctha leis mura mbeadh sé as láthair.

Foirceannadh n Laghdú Sochair.

11. (1) Sa chás go mbristear an Coimisinéir as a phost n go n-éiríonn sé as n go dtagann stop lena chuid fostaíochta ar chaoi eile agus go bhfuil sé ciontach as mí-iompar a bhaineann le caillteanas airgid don Stát, is féidir leis an Aire, de réir mar is rogha leis, aon íocaíocht a bheadh iníoctha murach sin faoi alt 6 den Scéim seo a dhiúltú n a laghdú chun a leithéid de chaillteanas a chúiteamh.

(2) Is féidir leis an Aire, de réir mar is rogha leis, laghdú n stop a chur le híocaíocht pinsin a bhronntar faoin Scéim seo má tá an Coimisinéir ciontach as mí-iompar a bhaineann le caillteanas airgeadais don Stát chun a leithéid de chaillteanas a chúiteamh.

Coinníollacha a Rialaíonn Íocaíochtaí.

12. (1) Dearbhuithe

Beidh íocaíochtaí pinsean agus pinsean caomhnaithe faoin Scéim seo faoi réir dhearbhú ábhartha a dhéanfaidh an Coimisinéir in a leithéid d’fhoirm agus ag a leithéid d’am a d’fhéadfadh an tAire a éileamh.

(2) Cruthúnas aoise

Is gá don Choimisinéir cruthúnas dá dháta breithe a chur ar fáil agus é ag dul isteach sa Scéim n sular féidir aon íocaíocht sochair a dhéanamh.

Sannacháin.

13. Ní féidir le pinsean n pinsean caomhnaithe faoin Scéim seo a bheith sannta n muirearaithe. Má tharlaíonn sé nach mbeidh ar chumas an Choimisinéara admháil a thabhairt ar íocaíochtaí dlite, beidh de rogha ag an Aire a leithéidí d’íocaíochtaí a dhéanamh ina n-iomláine n i bpáirt leis na daoine sin, lena n-áirítear na húdaráis in aon institiúid a mbeadh an Coimisinéir faoina cúram, de réir mar a mheasann an tAire é a bheith cuí, agus beidh an tAire urscaoilte gach dliteanas i dtaca le haon suim a íoctar.

Ní Cheadfar Dúbailt Sochair.

14. (1) (a) Ní bheidh an Coimisinéir i dteideal an tréimhse chéanna seirbhíse a áireamh níos m ná uair amháin ar mhaithe le pinsean n le haisce, mura raibh sé, i gcás aisce, i dteideal a leithéid d’aisce a aisíoc agus go bhfuil sin déanta aige.

(b) Ní bheidh an Coimisinéir i dteideal an tréimhse chéanna ama a áireamh ar mhaithe leis an Scéim seo agus ar mhaithe le haon scéim phinsin seirbhíse poiblí eile araon.

Achomhairc.

15. (1) Más ábhar éagra don Choimisinéir aon teip n diúltú íocaíocht a dhéanamh faoin Scéim seo n más ábhar éagra d méid na híocaíochta (lena n-áirítear íocaíocht arduithe pinsin) atá déanta, is féidir leis achomharc a dhéanamh leis an Aire a dhéanfaidh cinneadh, laistigh de thrí mhí n aighneas a bheith curtha faoina bhráid, de réir Alt 5.1 de na Rialacháin um Ombudsman Pinsean 2003 (I.R. Uimh. 397 de 2003).

Foirceannadh n Leasú na Scéime.

16. (1) Coimeádann an tAire an ceart aige féin an Scéim seo a leasú n a fhoirceannadh ag aon am ach fgra trí mhí de na hathruithe atá le teacht a bheith tugtha don Choimisinéir. Ní chuirfear as do na sochair atá bainte amach ag an gCoimisinéir roimh dháta an leasaithe n an fhoirceanta.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

22 Nollaig 2009

ÉAMON Ó CUÍV,

Aire Gnthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

NÓTA MÍNITHEACH:

(Ní cuid den ionstraim é an nta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Forálann an Scéim seo do shochair aoisliúntais an Choimisinéara Teanga a ceapadh ar an 23ú lá de Feabhra 2004.