S.I. No. 579/2009 - Scéim Pinsean Ranníocach An Choimisinéara Teanga Do Chéilí Agus Leanaí 2009


I.R. Uimh. 579 de 2009

SCÉIM PINSEAN RANNÍOCACH AN CHOIMISINÉARA TEANGA DO CHÉILÍ AGUS LEANAÍ 2009

Foilsíodh fgra san “Iris Oifigiúil” an 8ú la de Eanair, 2010 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

Déanaimse, ÉAMON Ó CUÍV, an tAire Gnthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ag feidhmiú na gcumhachtaí a bhronnann alt 20 de, agus an Dara Sceideal le, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) orm, an Scéim seo a leanas.

Lua

1. Is féidir an Scéim seo a lua mar Scéim Pinsean Ranníocach an Choimisinéara Teanga do Chéilí agus Leanaí 2009.

Tosú.

2. Measfar an Scéim a bheith tosaithe le héifeacht n 23 Feabhra 2004, agus gairfear an lá sin mar an dáta tosaithe.

Sainmhínithe.

3. (1) ciallaíonn “ordú uchtála” ordú uchtála déanta faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go dtí 1998.

(2) ciallaíonn “leanbh”, faoi réir alt 6(1), leanbh n leasleanbh leis an gCoimisinéir n leanbh atá uchtaithe go dleathach ag an gCoimisinéir, atá—

(a) faoi bhun sé bliana déag d’aois, n

(b) faoi bhun fiche d bliain d’aois atá i mbun teagaisc lánaimseartha in ollscoil, i gcoláiste, i scoil n i bhforas oideachasúil eile, n

(c) faoi bhun fiche d bliain d’aois atá i mbun teagaisc n oiliúna lánaimseartha faoi choimirce duine ar bith (a ndéantar tagairt d/di sa scéim seo mar “an fostir”) i gcomhair aon ghairm, aon phroifisiún n aon cheird, más teagasc n oiliúint é atá ceadaithe ag an Aire ar mhaithe le cuspirí an fho-ailt seo, n

(d) buanéagumasaithe aire a thabhairt d/di féin de bharr éiglíocht mheabhrach n choirp agus a bhí ar dhuine dibh siúd a shonraítear in aon cheann de na forálacha a tháinig roimhe seo sa bhfo-alt seo nuair a tharla a b(h)uanéagumas den chéad uair.

(3) ciallaíonn “an Coimisinéir” an Coimisinéir Teanga mar a shainítear é faoi alt 20(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar a ceapadh n 23ú lá de Feabhra 2004;

(4) ciallaíonn “aisce bháis”, ach amháin sna focail “aisce chaomhnaithe bháis”, aisce atá iníoctha faoi réir alt 6(2)(c)(i) den Phríomh-Scéim;

(5) ciallaíonn “pinsean an éagaigh”:

(a) i gcás scoir ar chúinsí nach cúinsí sláinte iad, an pinsean a bhronntar ar an gCoimisinéir;

(b) i gcás, ar scor ar chúinsí sláinte, go mbronntar pinsean ar an gCoimisinéir, an pinsean a bheadh bronnta air dá dtarldh sé go mbeadh sé ríofa trí thagairt don tseirbhís inphinsin a bheadh aige dá mbeadh sé tar éis fanacht sa tseirbhís go haois seasca cúig bliain;

(c) i gcás go raibh pinsean caomhnaithe á íoc leis an gCoimisinéir, an pinsean caomhnaithe bronnta air ar dháta a scoir mar atá ardaithe trí thagairt d’arduithe pinsin bronnta faoi alt 9 den Phríomh-Scéim le linn na tréimhse idir scor agus bás;

(d) i gcás, agus é i dteideal pinsean caomhnaithe nuair a scor sé, go bhfaigheann an Coimisinéir bás roimh an aois ag a mbeadh an pinsean caomhnaithe iníoctha n sula ndéanann sé iarratas ar an bpinsean caomhnaithe, méid cothrom le—

D x E

80

nuair is é D an líon blianta de sheirbhís inphinsin ar an dáta scoir, faoi réir uasmhéid de 40 bliain, agus nuair is é E

(i) i dtaca le ball atá faoi lán árachas, a thuarastal glan inphinsin (Scéim Céilí agus Leanaí) ar an dáta scoir mar atá ardaithe trí thagairt d’arduithe pinsin bronnta faoi alt 9 den Phríomh-Scéim le linn na tréimhse idir scor agus bás;

(e) i gcás go bhfaigheann an Coimisinéir bás fad is atá sé ina bhall den Phríomh-Scéim, an pinsean a mbeadh sé incháilithe d dá mbainfeadh foráil (b) den fho-alt seo leis;

(6) ciallaíonn “iarbhall” an Coimisinéir más rud é gur éirigh sé as a phost mar Choimisinéir agus gur bronnadh pinsean agus cnapshuim n pinsean caomhnaithe agus cnapshuim air;

(7) ciallaíonn “leanbh uchtaithe go dleathach” leanbh a d’uchtaigh an Coimisinéir (bíodh sin leis féin n in éindí le haon duine eile) cibé acu tar éis ordaithe uchtála n de réir dlí tíre n críche nach é an Stát seo é agus é aitheanta ag dlí an Stáit seo go bhfuil sé bailí. Sa chás go raibh an Coimisinéir psta nuair a rinne sé iarratas ar ordú uchtála i dtaca le leanbh agus gur cailleadh é sula raibh an priseas uchtála críochnaithe agus go n-uchtaíonn céile an Choimisinéara an leanbh ina dhiaidh sin, measfar an leanbh a bheith, n dáta a bhfuil sé faoi chúram an Choimisinéara, ar mhaithe le cuspirí na Scéime seo, mar leanbh an Choimisinéara atá uchtaithe go dlíthiúil;

(8) ciallaíonn “Príomh-Scéim” Scéim Aoisliúntais an Choimisinéara Teanga 2009.

(9) ciallaíonn “ball” an Coimisinéir Teanga mar a shainítear é faoi alt 20(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar a ceapadh n 23ú lá de Feabhra 2004;

(10) ciallaíonn “Aire” an tAire Gnthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;

(11) ciallaíonn “tuarastal glan inphinsin” an méid a théann an luach saothair inphinsin os cionn dhá oiread uasráta pearsanta bliantúil an Phinsin Seanaoise (Ranníocach) atá iníoctha ar an lá deireanach de sheirbhís inphinsin le duine nach bhfuil aon chleithiúnaí aosaithe n leanbh cáilithe aige;

(12) ciallaíonn “Pinsean Seanaoise (Ranníocach)” an pinsean seanaoise atá iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shisialaigh le duine singil, ach amháin aon ardú atá iníochta ar fhoras aoise, n de bhrí go bhfuil an faighteoir ina chnaí leis féin, n i dtaca le duine fásta cáilithe n leanbh cleithiúnach;

(13) ciallaíonn “seirbhís inphinsin” seirbhís ar féidir a áireamh faoi alt 5(1) den Phríomh-Scéim;

(14) ciallaíonn “aisce scoir” aisce a bhronntar faoi fhorálacha alt 6(2)(a) n 6(2)(b) den Phríomh-Scéim;

(15) ciallaíonn “scor ar chúinsí sláinte” scor de réir na bhforálacha in alt 7 den Phríomh-Scéim;

(16) ciallaíonn “tuarastal scoir” tuarastal an Choimisinéara ar an dáta scoir n báis sa chás go—

(a) bhfuil trí bliana de sheirbhís iarbhír inphinsin curtha isteach mar Choimisinéir ag an gCoimisinéir ar an dáta a n-éiríonn sé as oifig;

(b) bhfaigheann an Coimisinéir bás i seirbhís le seirbhís iarbhír agus inphinsin de níos m ná 3 bliana;

(c) n-éiríonn an Coimisinéir as oifig ar chúinsí sláinte roimh 60 bliain d’aois le seirbhís iarbhír agus féideartha go haois 60 bliain de níos m ná 3 bliana;

In aon chás eile glacfar le tuarastal scoir mar an t-iomlán a ríomhtar tríd an ráta tuarastail bhliantúil atá iomchuí ar an lá deireanach seirbhíse inphinsin do gach grád inar fheidhmigh an Coimisinéir sna trí bliana de sheirbhís inphinsin atá caite a mhéadú faoi 1/1095, agus an toradh a mhéadú faoin líon laethanta dá chuid fostaíochta i ngach grád le linn na mblianta sin, faoi réir an tuarastail scoir a fhaightear gan a bheith ag dul thar an bunráta tuarastail bhliantúil a bheidh iníoctha ag am an scoir n an bháis;

(17) ciallaíonn “tuarastal” an bunráta bliantúil luach saothair iníoctha am go chéile mar a shocraíonn an tAire Airgeadais go dlíthiúil n mar a cheadaíonn an tAire Airgeadais go dlíthiúil, ach amháin aon suimeanna a íoctar i dtaca le ragobair, coimisiún, aisce, táillí speisialta, liúntas taistil, liúntas cothaithe agus a leithéid, macasamhail airgid aon luach saothair n aon sochar comhchineáil (lena n-áirítear carr n aon fheithicil eile) n aon íocaíocht i dtreo n i dtaca lena leithéid de luach saothair;

(18) ciallaíonn “na hAchtanna Leasa Shisialaigh” na hAchtanna Leasa Shisialaigh 1981 go 2008 lena n-áirítear aon achtú a leasaíonn n a chuireann síneadh le haon cheann n le gach ceann de na hAchtanna n aon rialachán, aon bharántas n a aon ordú a dhéantar fúthu;

(19) ciallaíonn “céile” páirtí i bpsadh atá aitheanta ag dlí an Stáit mar phsadh bailí agus nach bhfuil aon cholscaradh bronnta agus aitheanta mar bhailí ag dlí an Stáit i dtaca leis an bpsadh sin;

(20) ciallaíonn “blianta” figiúr a dhéantar amach leis an bhfoirmle A + B/365 sa chás gurb é A líon na mblianta atá comhlánaithe sa tréimhse atá i gceist agus gurb é B aon líon laethanta breise ar bhliain chomhlánaithe n líon blianta comhlánaithe sa tréimhse sin, agus déanfar “bliain” a fhorléiriú dá réir;

Cumhacht chun Pinsin Chéilí agus Leanaí a bhronnadh.

4. Faoi réir fhorálacha na Scéime seo, is féidir leis an Aire ar bhás an Choimisinéara n iarbhaill (a ndéantar tagairt d sa Scéim seo mar an t-éagach) ar bronnadh pinsean n aisce bháis, n pinsean caomhnaithe n aisce chaomhnaithe bháis, air n i dtaca leis, n atá á bhronnadh air—

(a) sa chás go bhfágann sé céile, pinsean (ar a dtabharfar “pinsean céile” as seo amach sa Scéim seo) a bhronnadh ar an gcéile sin i dtaca le seirbhís an Choimisinéara, agus

(b) sa chás go bhfágann sé leanbh n leanaí (bíodh pinsean céile á bhronnadh n le bronnadh n ná bíodh), pinsean (ar a dtabharfar “pinsean leanaí” as seo amach sa Scéim seo) a bhronnadh ar an leanbh n na leanaí sin i dtaca le seirbhís an Choimisinéara.

Pinsean Céile

5. (1) Ní íocfar n ní bhronnfar pinsean céile faoin Scéim seo—

(a) má bhí an céile ag am báis an Choimisinéara ina cnaí le duine, mar fhear agus mar bhean chéile, nach é an Coimisinéir é, n

(b) i dtaca le haon am tar éis an bháis sin nuair atá an céile psta arís n ina comhchnaí le haon duine eile.

(2) D’ainneoin alt 5(1), sa chás—

(a) nach mbronntar pinsean faoin Scéim seo n go gcuirtear stop le pinsean faoin Scéim seo faoin alt sin 5(1), agus

(b) ag dáta tar éis dáta an phsta n an chomhchnaithe a mba chúis le coinneáil siar n stop an phinsin, go bhfuil an tAire sásta go bhfuil an psadh n an comhchnaí tagtha chun críche, go bhfuil cúinsí atruacha chun an pinsean a íoc, d’fhéadfadh an tAire má cheapann sé é a bheith oiriúnach, an pinsean a bhronnadh n a athbhronnadh, cibé acu is cuí, —

(i) i gcás psadh n comhchnaí atá tagtha chun críche, an dáta ar chríochnaigh an psadh n an comhchnaí,

(ii) in aon chás eile, dáta nach luaithe ná an dáta ar a bhfaigheann an tAire an t-iarratas ábhartha,

ar chuntar, sa chás is go bhfuil an céile i dteideal sochar faoin scéim pinsean seo n aon cheann eile do chéilí agus do leanaí na hearnála poiblí de bhua go raibh a céile n dara psadh ina bhall den Scéim seo n d’aon scéim eile dá leithéid, nach mbeidh pinsean céile iníoctha faoin scéim seo mura bhfuil an pinsean céile atá iníoctha de bhua an dara psadh n psadh eile ina dhiaidh níos lú ná an pinsean céile atá iníoctha faoin scéim seo.

(3) De réir alt 5(1) agus 5(2) is féidir pinsean céile a íoc don tréimhse iomlán a thosaíonn ar bhás an Choimisinéara agus a chríochnaíonn ar bhás an chéile.

(4) Aon leath de ráta pinsin an éagaigh a bheidh i ráta pinsin an chéile.

(5) D’ainneoin alt 5(4), sa chás go bhfaigheann an Coimisinéir bás le linn seirbhíse n fad is atá sé ag fáil pinsean atá bronnta faoi alt 6(1) den Phríomh-Scéim agus go mbíonn a phinsean iníoctha lena chéile, d’fhéadfadh ráta an phinsin sin, i dtaca leis an gcéad mhí tar éis a bháis, bheith ardaithe go—

(a) sa chás go bhfaigheann sé bás le linn seirbhíse, aon ddhéagú dá luach saothair inphinsin.

(b) sa chás go bhfaigheann sé bás tar éis pinsean a bheith bronnta air, sa chás go bhfuil an ráta pinsin atá iníoctha leis ar dháta a bháis níos m ná an ráta pinsin céile a bheadh iníoctha murach sin faoin Scéim, aon ddhéagú den ráta sin pinsin,

ar chuntar go laghdfar an ráta a ardaíodh faoi réir ráta aon phinsean leanaí iníoctha faoin Scéim seo, agus ar chuntar freisin go bhféadfaí an méid atá iníoctha leis an gcéile faoin Scéim seo i dtaca leis an tréimhse de mhí amháin ag tosú ar an lá díreach i ndiadh bás an éagaigh a íoc ag aon am ar n tar éis an gcéad lá den tréimhse sin.

Pinsin Leanaí; Tairbhithe

6. (1) Ní mheasfar mar leanbh, laistigh de bhrí na Scéime seo, na daoine seo a leanas eadhon:

(a) duine nach raibh go hiomlán n go príomha ag brath ar an gCoimisinéir díreach roimh a bháis

(b) duine atá psta n ag comhchnaí le duine eile mar fhear agus mar bhean chéile, n

(c) duine a ndéantar tagairt d in alt 3(2)(b) faoin sainmhíniú “leanbh” lena bhfuil díolachtaí iníoctha leis, n i dtaca leis, maidir le teagasc n oiliúint ag, n thar ceann, an fhostra agus atá ar mhéid a fhágann go bhfuil an té sin féinchothaithe,

ar chuntar go bhféadfadh an tAire, dá mbeadh cúinsí atruacha lena leithéid a dhéanamh, treoir a thabhairt d’ainneoin an fho-ailt seo, i dtaca lena leithéid de dhuine a bheadh ar leith n bhfo-alt seo ina leanbh, go measfaí an té sin, le héifeacht dháta a bheadh sonraithe sa treoir, mar leanbh agus i gcás go ndéanfadh an tAire treoir faoin bhfo-alt seo, fad is a bheadh an treoir sin i bhfeidhm i dtaca leis an duine lena mbaineann an treoir, forléireofar an Scéim seo agus beidh héifeacht aici faoi réir na treorach.

(2) I gcás i dtaca le duine a ndéantar tagairt d in alt 3(2)(b) n (c), go dtarlaíonn briseadh ina chuid teagaisc n oiliúna lánaimseartha, mura dtugann an tAire treoir dá mhalairt, measfar nach bhfuil sé n sí, do thréimhse a leithéid de bhriseadh, ina leanbh a thuilleadh ar mhaithe le cuspirí na Scéime seo.

Pinsin Leanaí; ráta agus modh íocaíochta.

7. (1) Íocfar pinsean leanaí faoin Scéim seo le máthair n le leastuismitheoir na leanaí má tá na leanaí incháilithe faoina c(h)úram, agus i gcás nach mbeadh leanbh a mbeadh pinsean iníoctha leis faoina leithéid de chúram, íocfar an pinsean le cibé acu an leanbh n duine eile a shocridh an tAire. Má tá na leanaí faoi chúram níos m ná duine amháin, íocfar páirteanna difriúla den phinsean leanaí leis na daoine sin i gcodanna a shocridh an tAire.

(2) I ngach cás, tá an pinsean le cur i dtreo leas na leanaí ar a bhfuil sé bronnta.

(3) Ní féidir pinsean leanaí a íoc ach i dtaca leis an tréimhse n na tréimhsí tar éis dháta báis an Choimisinéara.

(4) Seo a leanas mar a bheidh ráta an phinsin leanaí faoin Scéim seo—

(a) sa chás nach bhfágann an Coimisinéir aon chéile ina dhiaidh n, go bhfágann sé céile agus go bhfaigheann an céile sin bás tar éis a bháis:

(i) sa chás nach bhfuil ann ach leanbh amháin, aon trian de phinsean an éagaigh,

(ii) sa chás go bhfuil beirt n níos m leanaí, ráta i dtaca le chaon leanbh cothrom le leath de phinsean an éagaigh roinnte ar líon na leanaí.

(b) faoi réir alt 7(5), sa chás go bhfágann an Coimisinéir céile:

(i) sa chás nach bhfuil níos m ná triúr leanbh i gceist, aon séú cuid de phinsean an éagaigh do gach leanbh,

(ii) sa chás go bhfuil níos m ná triúr leanbh i gceist, ráta i dtaca le chaon leanbh cothrom le leath de phinsean an éagaigh roinnte ar líon na leanaí.

(5) (a) Sa chás go bhfuil leanaí an Choimisinéara ag am a bháis, n ag aon am ina dhiaidh sin, faoi chúram duine éigin nach é an céile n an leastuismitheoir atá i gceist, is féidir leis an Aire má mheasann sé é a bheith oiriúnach, treoir a thabhairt go mbainfidh alt 7(4)(a) chomh fada is a bhíonn siad faoin a leithéid de chúram, d’ainneoin go bhfuil an céile fs beo agus sa chás go dtugann an tAire a leithéid de threoir, forléireofar an fo-alt seo agus beidh éifeacht aige de réir na treorach.

(b) Sa chás go bhfuil roinnt de leanaí an Choimisinéara, ach ní na leanaí ar fad, ag am a bháis, n ag aon am ina dhiaidh sin, faoi chúram duine éigin nach é an céile n an leastuismitheoir atá i gceist, is féidir an ráta den sciar sin den phinsean leanaí atá iníoctha i dtaca leis na leanaí sin atá faoi chúram an té sin a ríomh le tagairt do na rátaí a shonraítear in alt 7(4)(a); ar chuntar nach rachaidh méid an phinsin leanaí atá iníoctha i dtaca leis an gCoimisinéir thar aon leath de ráta phinsean an éagaigh.

(6) D’ainneoin na bhforálacha a chuaigh roimhe seo san alt seo, sa chás go bhfágann an Coimisinéir céile agus nach bhfuil aon phinsean céile bronnta air faoin Scéim seo, n má tá ceann bronnta air agus go stoptar á íoc roimh a bhás, ní bheidh aon phinsean iníoctha faoin Scéim seo do leanaí an chéile sin i dtaca le haon tréimhse a chuimsítear i saol an chéile n le linn na hama sin nach bhfuil aon phinsean céile iníoctha, de réir mar is cuí, mura dtugann an tAire treoir dá rogha iomlán féin go mbeidh a leithéid de phinsean iníoctha, agus sa chás go dtugann an tAire treoir faoin alt seo is féidir leis/léi, má mheasann sé/sí é a bheith oiriúnach, treoir a thabhairt freisin go mbainfidh alt 7(5) i dtaca le haon tréimhse dá leithéid.

Íocaíocht an Phinsin.

8. Íocfar pinsin atá iníoctha faoin Scéim seo gach coicís amháin nuair a bheidh feidhm ag alt 5(5) i dtaca leis an gCoimisinéir, d’fhéadfadh an tAire cinneadh a dhéanamh go bhféadfaí an méid pinsin i dtaca leis an mhí atá i gceist a bheith íoctha roimh dháta éaga na míosa sin.

Ranníocaíochtaí tréimhsiúla.

9. (1) Beidh ranníocaíochtaí iníoctha ag an ráta aon faoin gcéad go leith de mhéid an tuarastail iníoctha leis an gCoimisinéir am go chéile (n sa chás go bhfuil sé ag fáil tuarastal laghdaithe de bharr neamhláithreacht n obair, de mhéid an tuarastail a bheadh iníoctha leis mura mbeadh sé as láthair).

(2) Íocfar an ranníocaíocht i dtaca leis an tréimhse a thosaíonn ar an dáta tosaithe agus a chríochnaíonn nuair a stadann sé de bheith ina bhall ranníocach den Phríomh-Scéim agus ag a leithéidí d’amanna agus ar a leithéid de bhealach a chinnfidh an tAire.

(3) Ní bheidh aon ranníocaíochtaí iníoctha ag an gCoimisinéir faoin Scéim seo as aon tréimhse nach gcuimsíonn seirbhís inphinsin.

(4) Déantar tagairt sa Scéim seo do ranníocaíochtaí atá iníoctha faoin alt seo mar “ranníocaíochtaí tréimhsiúla”.

Aisíoc Ranníocaíochtaí.

10. (1) Má stadann an Coimisinéir de bheith ina bhall ranníocach ar aon chúinse seachas ar a bhás agus, ar stadadh d, nach bhfuil sé incháilithe do bhronnadh pinsin agus aisce scoir, n pinsean caomhnaithe agus cnapshuim chaomhnaithe, mura n-aistrítear a sheirbhís pinsin go heagraíocht n seirbhís eile, tabharfar ar ais iomlán a chuid ranníocaíochtaí tréimhsiúla d.

(2) D’fhéadfadh ball, ar stadadh d bheith ina bhall ranníocach, a bhfuil ranníocaíochtaí tréimhsiúla íoctha aige ar feadh tréimhse níos m ná 40 bliain na ranníocaíochtaí sin ag tosú lena chéad ranníocaíocht agus ag bogadh ar aghaidh, de réir mar is cuí chun a chinntiú nach dtéann an tréimhse i dtaca leis na ranníocaíochtaí a d’íoc sé, gan iad a fháil ar ais, thar 40 bliain, a fháil ar ais n má stadann ballraíocht de bharr báis, gheobhadh a ionadaí pearsanta dlí ar ais iad.

(3) Sa chás go n-íoctar aon ranníocaíochtaí ar ais faoin alt seo, íocfar ar ais iad gan ús agus lúide méid a bheadh cothrom le haon dhliteanas cánach a bheadh ar an mball i dtaca lena leithéidí de ranníocaíochtaí.

(4) Sa chás go n-íoctar ranníocaíochtaí tréimhsiúla ar ais faoi réir an ailt seo le duine a bhíonn ina bhall den Scéim seo ina dhiaidh sin, íocfaidh sé n sí an méid ranníocaíochtaí tréimhsiúla a íocadh ar ais leis n léi leis an Aire, chomh maith le hús iolraithe ar an méid sin ag ráta sé faoin gcéad per annum, le sosanna leathbliana n dáta ar íocadh leis é.

Iarrbhaill ag teacht le bheith ina mbaill ranníocach.

11. (1) Faoi réir alt 11(2), sa chás go dtagann iarbhall le bheith ina bhall ranníocach den Scéim seo, cuirfear stad le haon teidlíocht do phinsean céilí n do phinsean leanaí faoin Scéim seo i dtaca lena bhallraíocht roimhe seo.

(2) Sa chás go raibh duine, ar theacht d/di bheith ina b(h)all den Scéim seo, ina b(h)all den Scéim seo ag aon am roimhe seo agus gur íoc sé/sí ranníocaíochtaí tréimhsiúla le linn a leithéid de thréimhse ballraíochta, ní áireofar an tréimhse i dtaca lenar íoc sé na ranníocaíochtaí tréimhsiúla sin nuair atá líon na mblianta ábharta faoi alt 12(8) á socrú ar chuntar—

(a) nach bhfuil n nach raibh aon aisíoc déanta ar na ranníocaíochtaí sin, n

(b) go mbaineann alt 10(4).

Ranníocaíochtaí Neamhthréimhsiúla.

12. (1) Sa chás go raibh an Coimisinéir psta le linn na tréimhse, n le linn cuid den tréimhse, ar bhain an Scéim seo leis agus go stadann sé de bheith dlite ranníocaíochtaí a dhéanamh faoin Scéim seo agus go bhfuil stad dá leithéid mar thoradh ar—

(a) bhás, n

(b) scor ar phinsean n éirí as le teidlíocht do phinsean caomhnaithe,

ansin, murab é neamhní líon na mblianta ábhartha, beidh ranníocaíocht faoin alt seo iníoctha trí laghdú ar mhéid a aisce scoir n a aisce bháis n a chnapshuim n a aisce chaomhnaithe bháis, n ar bhealach éigin eile a d’fhéadfadh an tAire a iarraidh.

(2) Beidh ranníocaíocht faoin alt seo cothrom le aon faoin gcéad de thuarastal scoir an Choimisinéara méadaithe faoi líon na mblianta ábhartha.

(3) Sa chás go bhfuil ranníocaíocht faoin alt seo á bhaint as cnapshuim chaomhnaithe n aisce chaomhnaithe bháis, ríomhfar an ranníocaíocht le tagairt do mhéid a bheidh cothrom le tuarastal scoir an Choimisinéara ar a dháta scoir agus é ardaithe le tagairt d’arduithe pinsin bronnta faoi alt 9 den Phríomh-Scéim sa tréimhse idir an dáta scoir agus an dáta—

(a) ar a shroicheann sé an aois ag a mbeadh an pinsean iníoctha, n i gcás cnapshuim chaomhnaithe, n

(b) ar a bhfaigheadh sé bás, i gcás aisce chaomhnaithe bháis.

(4) Sa chás, tar éis an dáta ar a stadann an Coimisinéir de bheith dlite ranníocaíochtaí a dhéanamh faoin Scéim seo, go dtarlaíonn sé go mbeidh an pinsean atá iníoctha leis n lena chéile (ach ní an aisce scoir, an aisce bháis, an cnapshuim chaomhnaithe n an aisce chaomhnaithe bháis) le hardú mar gheall ar ardú i seirbhís inphinsin an Choimisinéara, is féidir leis an Aire méid na ranníocaíochta faoin alt seo a cheartú chun an t-ardú a áireamh.

(5) De réir mar is rogha leis an Aire agus de réir coinníollacha a shonridh an tAire, is féidir leis an gCoimisinéir cinneadh a dhéanamh ranníocaíochtaí breise a íoc, thar thréimhse dhá mhí dhéag ag tosú ar dháta a shonridh an tAire, ar dáta é nach bhfuil tada níos luaithe ná dáta an chinnidh, agus na ranníocaíochtaí sin a bheith cothrom i ngach cás le méid na ranníocaíochtaí tréimhsiúla a bheidh iníoctha i dtaca leis an tréimhse sin agus sa chás go n-íocfar ranníocaíocht amháin bhreise n níos m, beidh feidhm ag an alt seo i dtaca leis an gCoimisinéir faoi réir an bhunathraithe go dtarlidh sé, agus líon na mblianta ábhartha á ríomh, go laghdfar an uimhir sin faoi cheann amháin do gach ranníocaíocht a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin alt seo.

(6) Sa chás gur thug an Coimisinéir seirbhís, seachas mar Choimisinéir, ar seirbhís inphinsin í faoi alt 5(1) den Phríomh-Scéim, d’fhéadfaí aon chuid den tseirbhís sin ar íoc sé ranníocaíochtaí tréimhsiúla lena linn faoi scéim atá cosúil leis an Scéim seo, fad is nach raibh na ranníocaíochtaí sin íoctha ar ais leis n má fuair sé aisíoc orthu go bhfuil siad íoctha ar ais arís aige féin leis an ús iolraithe ábhartha curtha leis, bheith fágtha ar lár agus líon na mblianta ábharta faoin alt seo á ríomh.

(7) San alt seo, ciallaíonn “líon na mblianta ábhartha”—

(a) i gcás an Choimisinéara atá psta ag an am, agus go stadann de bheith ina bhall ranníocach,

(i) má tharlaíonn a leithéid de stad ar chúis seachas bás n scor ar chúinsí sláinte, líon na mblianta seirbhíse inphinsin a bhí aige an uair sin,

(ii) más tharlaíonn a leithéid de stad mar gheall ar bhás n ar chúinsí sláinte, líon na mblianta seirbhíse inphinsin a bheadh aige dá mbeadh sé fanta i mbun seirbhíse go haois 67 bliain, n más níos luaithe, an dáta ar a rachadh a chonradh fostaíochta in éag,

laghdaithe i ngach cás faoi líon na mblianta, más aon bhliain é, as ar íoc sé ranníocaíochtaí tréimhsiúla agus nach bhfuil siad inchurtha ar ais.

(b) sa chás go stadann an Coimisinéir, nach bhfuil psta ag an am, de bheith dlite ranníocaíochtaí a íoc, líon na mblianta seirbhíse inphinsin a bhí aige ar an dáta ar cuireadh críoch lena phsadh deireanach roimh a leithéid de stad, laghdaithe i ngach cás faoi líon na mblianta, más aon bhliain é, as ar íoc sé ranníocaíochtaí tréimhsiúla agus nach bhfuil siad inchurtha ar ais.

(8) Sa chás go dtagann duine, lena mbaineann alt 11(1), le bheith ina iarbhall trí scor ar phinsean, bíodh sé ar scor ar chúinsí sláinte n ar chúis eile nach é, laghdfar mar sin an ranníocaíocht a bheidh iníoctha faoi alt 12(2) ar chríoch a thréimhse deiridh de bhallraíocht ranníocach le méid na ranníocaíochtaí a bheidh iníoctha faoi alt 12(2) nuair a thagann sé le bheith ina iarbhall, fad is nach raibh aon aisíoc ar an ranníocaíocht sin.

(9) Cuirfear seirbhís inphinsin de níos m ná 40 bliain as an áireamh ar mhaithe le cuspirí an ailt seo.

Psadh ball ar féidir a mbás luath a thuar.

13. Sa chás go bpsann ball n iarbhall agus—

(a) go bhfaigheann sé bás laistigh den bhliain ag tosú dháta an phsta, agus

(b) nach bhfuil aon leanaí tagtha as an bpsadh, agus

(c) go bhfuil an tAire den tuairim go raibh a bhás laistigh den bhliain ag tosú dháta an phsta, ar an dáta sin, le tuar aige féin n ag a chéil,

ar mhaithe le cuspirí na Scéime seo is féidir leis an Aire an psadh a mheas mar phsadh nár tharla riamh, agus sa chás go measfar a leithéid, déanfar gach ceartú is cuí (lena n-áirítear, más gá, aisíocaíocht leis an Roinn seo de na suimeanna a íocadh i dtaca le pinsin a bronnadh cheana féin faoin Scéim seo) dá réir sin.

Dualgas eolas a thabhairt agus dearbhú a dhéanamh.

14. (1) Tabharfaidh an Coimisinéir don Aire an t-eolas sin atá riachtanach d’fheidhmiú ceart na Scéime seo i dtaca leis an gCoimisinéir.

(2) Tabharfaidh céile an Choimisinéara don Aire an t-eolas sin atá riachtanach d’fheidhmiú ceart na Scéime seo i dtaca le haon iarratas a dhéanann sí ar phinsean céile n ar phinsean do leanaí an Choimisinéara.

(3) Tabharfaidh duine a bhfuil leanbh de chuid an Choimisinéara faoina c(h)úram agus a dhéanann iarratas ar phinsean leanaí i dtaca leis an leanbh sin an t-eolas sin don Aire atá riachtanach d’fheidhmiú ceart na Scéime seo i dtaca leis an leanbh sin.

Dearbhuithe.

15. Beidh íocaíocht pinsean faoin Scéim seo faoi réir dhearbhú n gcéile agus, sa chás nach bhfuil an pinsean leanaí iníoctha leis an gcéile, n duine a bhfuil na leanaí atá i gceist faoina chúram, in a leithéid d’fhoirm agus ag a leithéid d’amanna a d’fhéadfadh an tAire a chinneadh.

Aisíocaíocht pinsean a r-íocadh.

16. Má tharlaíonn sé ag aon am go bhfaigheann duine íocaíochtaí ar scr pinsin agus nach bhfuil an duine sin i dteideal na n-íocaíochtaí sin faoin Scéim seo, n má fhaigheann duine íocaíochtaí ar scr pinsin a théann os cionn na n-íocaíochtaí atá cuí faoin Scéim seo, íocfaidh an duine sin n, i gcás go bhfuil an duine básaithe, ionadaí pearsanta dlí an duine sin, ná híocaíochtaí sin n na r-íocaíochtaí de réir mar is cuí leis an Aire nuair a iarrfaidh sé/sí sin, agus ar loiceadh íocaíochta d’fhéadfadh na híocaíochtaí n na r-íocaíochtaí sin a bheidh inghnthaithe ag an Aire mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Lacáiste trí thagairt do shochair eile.

17. (1) Sa chás, go díreach n go hindíreach, go gcuireann an tAire sochar airgeadais ar fáil, n go dtacaíonn sé/sí le sochar airgeadais a chur ar fáil n gon-íocann sé/sí i dtreo sochar airgeadais do chéile agus/n leanaí le ball, seachas faoi

(a) an Scéim seo, n

(b) fhorálacha na Príomh-Scéime, n

(c) na hAchtanna Leasa Shisialaigh, n

(d) an tAcht Leasa Shisialaigh (Díobhálacha Ceirde) 1966,

ní dhéanfar aon bhronnadh faoin Scéim mura n-údaraíonn an tAire a leithéid a dhéanamh. Agus é/í ag údarú a leithéid de bhronnta in a leithéid de chás, is féidir leis an tAire méid an bhronnta a athrú chun cuntas a thgáil, mar a mheasann sé/sí a bheith oiriúnach, den sochar airgeadais atá i gceist.

(2) Sa chás, mar a eascraíonn as feidhmiú alt 17(1), nach ndéantar bronnadh faoin Scéim seo, íocfar ar ais na ranníocaíochtaí tréimhsiúla ar fad a rinne an ball, lena ionadaí pearsanta dlí agus ní bheidh feidhm ag alt 13 den Scéim seo sa chás seo.

(3) Sa chás, mar a eascraíonn as feidhmiú alt 17(1), go n-athraítear méid an bhronnta, is féidir leis an Aire a leithéid de sciar de na ranníocaíochtaí tréimhsiúla a d’íoc an ball mar atá ceadaithe ag an Aire a íoc ar ais le hionadaí pearsanta dlí an bhaill agus is féidir leis an Aire athrú a dhéanamh ar aon ranníocaíocht a bheadh dlite marach sin faoi alt 13 den Scéim seo mar atá ceadaithe ag an Aire.

Sannnacháin.

18. Beidh gach sannachán de, n muirear ar, agus gach comhaontú chun sannadh n muirearú a dhéanamh ar, phinsean faoin Scéim seo ar neamhní agus, ar fhéimheacht aon duine atá i dteideal pinsin faoin Scéim seo, ní rachaidh an pinsean sin chuig aon iontaobhaí n aon duine eile a bheidh ag feidhmiú thar ceann na gcreidiúnaithe. Má tharlaíonn sé nach mbeidh ar chumas an phinsinéara admháil a thabhairt ar íocaíochtaí dlite, beidh de rogha ag an Aire a leithéidí d’íocaíochtaí a dhéanamh ina n-iomláine n i bpáirt leis na daoine sin, lena n-áirítear na húdaráis in aon institiúid a mbeadh an pinsinéir faoina cúram, de réir mar a mheasann an tAire é a bheith cuí, agus beidh an tAire urscaoilte gach dliteanas i dtaca le haon suim a íoctar.

Arduithe Pinsean.

19. D’fhéadfaí arduithe a bheith ceadaithe i bpinsin faoin Scéim seo de réir mar a bheidís údaraithe am go chéile ag an Aire Airgeadais.

Foirceannadh n Laghdú Sochair.

20. (1) Má bhristear an Coimisinéir as a phost n go n-éiríonn sé as n go dtagann stop lena chuid fostaíochta ar chaoi eile agus go bhfuil sé ciontach as mí-iompar a bhaineann le caillteanas airgid don Stát, is féidir leis an Aire, de réir mar is rogha leis/léi féin, aon íocaíocht a bheadh iníoctha murach sin faoin Scéim seo a dhiúltú n a laghdú (lena n-áirítear aisíoc ranníocaíochtaí) chun a leithéid de chaillteanas a chúiteamh.

(2) Is féidir leis an Aire, de réir mar is rogha leis/léi féin, laghdú n stop a chur le híocaíocht pinsin a bhronntar faoin Scéim seo má tá an pinsinéir ciontach as mí-iompar a bhaineann le caillteanas airgeadais don Stát chun a leithéid de chaillteanas a chúiteamh.

Achomhairc.

21. Más ábhar éagra do dhuine aon teip n diúltú íocaíocht a dhéanamh faoin Scéim seo n más ábhar éagra d méid na híocaíochta (lena n-áirítear íocaíocht arduithe pinsin) atá déanta, is féidir leis/léi achomharc a dhéanamh leis an Aire a dhéanfaidh cinneadh de réir Alt 5(1) de na Rialacháin um Ombudsman Pinsean 2003 (I.R. Uimh. 397 de 2003).

Foirceannadh n Leasú na Scéime.

22. Coimeádann an tAire an ceart aige féin an Scéim seo a leasú n a fhoirceannadh ag aon aom ach fgra trí mhí de na hathruithe atá le teacht a bheith tugtha do bhaill na Scéime. Ní chuirfear as do na sochair atá bainte amach ag an mball n ag an iarrbhall n i dtaca leis an mball n an iarbhall roimh dháta an leasaithe n an fhoirceanta.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

22 Nollaig 2009.

ÉAMON Ó CUÍV,

Aire Gnthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

NÓTA MÍNITHEACH:

(Ní cuid den ionstraim é an nta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Forálann an Scéim seo do shochair aoisliúntais chéilí agus leanaí an Choimisinéara Teanga a ceapadh ar an 23ú lá de Feabhra 2004.