An tAcht na nDlí-Chleactóirí (An Ghaelige) 2008

Clár na Gaeilge (Óstaí an Rí) a bhunú.

1.— (1) San alt seo—

ciallaíonn “ardchúrsa” an cúrsa arna sholáthar ag an gComhairle faoi fho-alt (4);

ciallaíonn “Comhairle” Comhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí;

ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “Clár” an Clár arna bhunú faoi fho-alt (9).

(2) Tabharfaidh an Chomhairle aird ar stádas na Gaeilge mar an phríomhtheanga oifigiúil agus, go háirithe, féachfaidh sí, a mhéid is réasúnach di déanamh amhlaidh, lena chinntiú go bhfuil líon dóthanach abhcóidí dlí inniúil sa Ghaeilge ionas gur féidir leo an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla.

(3) (a) Déanfaidh an Chomhairle cúrsa teagaisc i dtéarmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge agus i dtuiscint téacsanna dlíthiúla sa Ghaeilge a sholáthar do gach duine atá ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí. Ní bheidh an cúrsa sin faoi réir scrúdaithe agus déanfaidh gach duine den sórt sin (seachas na daoine sin a bhfuil an cúrsa dá dtagraítear i bhfo-alt (4) déanta nó á dhéanamh acu) an cúrsa sin d’fhonn a chumasú seirbhís dhlíthiúil atá ag teastáil a shainaithint trí mheán na Gaeilge agus, más cuí, d’fhonn tarchur cáis chuig cleachtóir atá inniúil chun an cás a sheoladh trí Ghaeilge a éascú.

(b) Aon duine atá ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí agus a raibh, roimh aisghairm an Achta Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929 leis an Acht seo, alt 3 den Acht sin comhlíonta aige nó aici, measfar ina leith go ndearna sé nó sí freastal ar an gcúrsa dá dtagraítear i mír (a).

(c) Aon duine a mbeidh an cúrsa céime abhcóide dlí críochnaithe aige nó aici roimh aisghairm an Achta Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929 leis an Acht seo, agus nach raibh alt 3 den Acht sin comhlíonta aige nó aici, measfar ina leith gur chomhlíon sé nó sí an t-alt sin.

(4) Déanfaidh an Chomhairle ardchúrsa i gcomhair chleachtadh an dlí trí Ghaeilge a sholáthar mar ábhar roghnach do na daoine sin atá ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí.

(5) Féadfar an t-ardchúrsa, i dteannta é a bheith ina ábhar roghnach ar an gcúrsa céime d’abhcóidí dlí, a chur ar fáil do cibé daoine eile a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham, lena n-áirítear abhcóidí cleachtacha ar mian leo leibhéal inniúlachta chun cleachtadh trí Ghaeilge a fhorbairt nó a choinneáil, ach gan a bheith teoranta do na habhcóidí sin.

(6) Sula ligfear d’iarratasóir an t-ardchúrsa a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle a cheangal air nó uirthi a shuíomh go bhfuil leibhéal ginearálta inniúlachta agus oilteachta sa Ghaeilge bainte amach aige nó aici.

(7) Déanfaidh an Chomhairle scrúdú i gcleachtadh an dlí trí Ghaeilge a sheoladh uair sa bhliain ar a laghad.

(8) Ní bheidh duine i dteideal dul faoi scrúdú faoi fho-alt (7) mura mbeidh an t-ardchúrsa déanta aige nó aici.

(9) Déanfaidh an Chomhairle Clár a bhunú agus a choimeád, ar a dtabharfar Clár na Gaeilge (Óstaí an Rí) sa Ghaeilge agus the Irish Language Register (King’s Inns) sa Bhéarla.

(10) Taifeadfaidh an Chomhairle sa Chlár ainm agus mionsonraí teagmhála abhcóide dlí a mbeidh pas faighte aige nó aici i scrúdú—

(a) faoi fho-alt (7), nó

(b) faoi alt 40(2A)(g) (arna chur isteach le halt 2 den Acht seo) den Acht Aturnaethe 1954.

(11) Cinnteoidh an Chomhairle—

(a) go gcoinneofar an Clár cothrom le dáta, agus go leasófar é ó am go ham chun na críche sin, agus

(b) go ndéanfar cóip den Chlár (arna leasú amhlaidh) a chur ar fáil do Dhlí-Chumann na hÉireann.

(12) Déanfaidh an Chomhairle, gach tráth réasúnach, na nithe seo a leanas a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal gan táille in oifigí Chumann Onórach Óstaí an Rí—

(a) cóip den Chlár, agus

(b) cóip de Chlár na Gaeilge (An Dlí-Chumann),

agus féadfar an dualgas sin a chomhlíonadh trí na cóipeanna sin a chur ar fáil ar láithreán gréasáin Chumann Onórach Óstaí an Rí.

(13) (a) Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an Chomhairle tuarascáil i scríbhinn i nGaeilge agus i mBéarla don Aire maidir le hoibriú an ailt seo i rith na bliana roimhe sin.

(b) Beidh mionsonraí faoin méid seo a leanas i dtuarascáil faoi mhír (a)—

(i) an líon daoine atá i mbun an ardchúrsa,

(ii) an líon daoine a chuaigh faoin scrúdú faoi fho-alt (7),

(iii) an líon daoine a fuair pas sa scrúdú faoi fho-alt (7), agus

(iv) cibé faisnéis eile a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

(c) A luaithe is indéanta tar éis don Chomhairle tuarascáil a thabhairt faoi mhír (a), déanfaidh an tAire cóip di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.