An tAcht um an Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2002

An tAcht um an Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2002

Twenty-sixth Amendment of the Constitution Act, 2002


/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2002


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Cuid 2

/static/images/base/harp.jpg


AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2002


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ.

[7 Samhain, 2002]

DE BHR� gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHR� go bhfuil beartaithe Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú:

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS AR AN Ã?BHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) cuirfear na fo-ailt a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 6° d'alt 4 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear na fo-ailt a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 6° d'alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) déanfar fo-ailt 7° agus 8° d'alt 4 den dá théacs a uimhriú mar fho-ailt 10° agus 11°.

Lua.

2.—(1) An Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2002, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

7°     Tig leis as Stát Conradh Nice ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Nice an 26ú lá d'Fheabhra, 2001, a dhaingniú.

8°     Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear le hAirteagail 1.6, 1.9, 1.11, 1.12, 1.13 agus 2.1 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo nó fúthu ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.

9°     Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 1.2 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo i gcás ina mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.

Cuid 2

7°     The State may ratify the Treaty of Nice amending the Treaty on European Union, the Treaties establishing the European Communities and certain related Acts signed at Nice on the 26th day of February, 2001.

8°     The State may exercise the options or discretions provided by or under Articles 1.6, 1.9, 1.11, 1.12, 1.13 and 2.1 of the Treaty referred to in subsection 7° of this section but any such exercise shall be subject to the prior approval of both Houses of the Oireachtas.

9°     The State shall not adopt a decision taken by the European Council to establish a common defence pursuant to Article 1.2 of the Treaty referred to in subsection 7° of this section where that common defence would include the State.