An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Coistí réigiúnacha agus coistí eile.

6.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“10A.—(1) Bunóidh an tÚdarás coiste (dá ngairtear ‘coiste réigiúnach’ san Acht seo) do gach ceann de na limistéir seo a leanas:

(a) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Dhún na nGall,

(b) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Mhaigh Eo, i gcontae na Gaillimhe agus i gcontae na Mí, agus

(c) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Chiarraí, i gcontae Chorcaí agus i gcontae Phort Láirge.

(2) Is iad na daoine a bheidh ina gcomhaltaí de gach coiste réigiúnach na daoine a thoghfar ina gcomhaltaí den Údarás de réir Chuid IV den Acht seo don toghlach nó do na toghlaigh, de réir mar is cuí, atá i limistéar an choiste réigiúnaigh lena mbaineann.

(3) Is é is córam do chruinniú de choiste réigiúnach an tromlach is lú de líon chomhaltaí an choiste réigiúnaigh lena mbaineann tráth an chruinnithe.

(4) Féadfaidh an tÚdarás coistí eile a bhunú chun comhairle agus cabhair a thabhairt dó i ndáil le haon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh sé, i ndáil le haon choiste den sórt sin—

(a) a fheidhmeanna a shonrú,

(b) a nós imeachta a rialáil, nó a údarú dó a nós imeachta a rialáil,

(c) a chomhdhéanamh a chinneadh agus daoine, lena n-áirítear daoine nach comhaltaí den Údarás nó d'fhoireann an Údaráis iad, a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí de,

(d) aon duine dá chomhaltaí a chur as oifig aon tráth, agus

(e) é a dhíscaoileadh.

(5) (a) Beidh comhalta de choiste arna bhunú faoi fho-alt (4) i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tÚdarás an tráth a cheapfaidh sé an comhalta.

(b) Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé liúntais i leith caiteachas is iníoctha ó am go ham le comhalta den Choiste Meastóireachta a íoc le comhalta de choiste arna bhunú faoi fho-alt (4).”.