An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

5.—Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir fho-alt (2A), ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan ceadú roimh ré ón Rialtas, cúnamh airgid a thabhairt, in aon chás áirithe, de mhéid is mó ná cibé méid a shonróidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus le toiliú an Aire Airgeadais.

(2A) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan ceadú roimh ré ón gCoiste Meastóireachta, cúnamh airgid a thabhairt, in aon chás áirithe, de mhéid is mó ná cibé méid (is lú ná an méid a bheidh arna shonrú faoi fho-alt (2)) á shonróidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus le toiliú an Aire Airgeadais.”,

(b) trí “ag Fiontraíocht Éireann nó ag an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire)” a chur in ionad “ag an Údarás Forbartha Tionscail” i bhfo-alt (4), agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Féadfaidh coiste réigiúnach dá rogha féin a chinneadh gur cóir cúnamh airgid a thabhairt faoi fho-alt (1), in aon chás áirithe ina limistéar, de mhéid (‘an méid cuí’) nach mó ná cibé méid (is lú ná an méid a bheidh arna shonrú faoi fho-alt (2A)) a shonróidh an tAire ó am go ham agus, i gcás go ndéanfar cinneadh den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid den mhéid cuí sa chás sin.

(7) �ireofar ar na coinníollacha a luaitear i bhfoalt (1) coinníoll á cheangal go ndéanfar an Ghaeilge a chur chun cinn, agus a úsáid, a mhéid is féidir mar phríomh-mheán cumarsáide sa tionscal nó sa scéim fostaíochta lena mbaineann.

(8) Más rud é go mbeidh breithniú á dhéanamh ag an Údarás i dtaobh an dtabharfar cúnamh airgid faoin alt seo in aon chás áirithe, cuirfidh sé san áireamh ar comhlíonadh coinníoll a bhaineann le cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge ar coinníoll é a forchuireadh faoi fho-alt (7) nó ar shlí eile sa chás áirithe sin i ndáil leis an Údarás do thabhairt cúnaimh airgid roimhe sin.”.