An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

3.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Is iad a bheidh ar an Údarás cathaoirleach, a gceapfaidh an tAire é nó í, agus 19 gcomhalta eile ar daoine a thoghfar de réir Chuid IV den Acht seo 17 nduine díobh agus ar daoine a gceapfaidh an tAire iad 2 dhuine díobh.

(2A) Ní cheapfaidh an tAire duine chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an Údarás más rud é go raibh an duine ina iarrthóir nó ina hiarrthóir sa toghchán deireanach a rinneadh faoi Chuid IV den Acht seo.

(2B) Beidh ag duine a cheapfar ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an Údarás cibé scileanna nó taithí speisialta a mheasfaidh an tAire is cuí ag féachaint d'fheidhmeanna an Údaráis.”.

(2) Measfar an tÚdarás a bheith comhdhéanta go bailí le linn na tréimhse ó dháta rite an Achta seo go dtí go gcomhdhéanfar é de réir alt 6(2) (arna chur isteach le fo-alt (1) den alt seo) den PhríomhAcht.