An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘an Príomh-Fheidhmeannach’ an bhrí a shanntar dó le halt 10D;

ciallaíonn ‘an Coiste Meastóireachta’ an coiste a bhunófar faoi alt 10B;

ciallaíonn ‘coiste réigiúnach’ coiste a bhunófar faoi alt 10A(1);”.