|
|
Uimh. 2/1993:
AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1993
|
|
|
|
|
|
ARRANGEMENT OF SECTIONS
|
|
|
1 Minithe.
|
|
|
2 Deontais don Údarás.
|
|
|
3 Airleacain don Údarás.
|
|
|
4 Gearrtheideal agus comhlua.
|
|
|
|
|
|
RIAR NA nALT
|
|
|
Alt
|
|
|
1. Mínithe.
|
|
|
2. Deontais don Údarás.
|
|
|
3. Airleacain don Údarás.
|
|
|
4. Gearrtheideal agus comhlua.
|
|
|
|
|
|
NA HACHTANNA DÁ DTAGRAÍTEAR
|
|
|
|
|
|
| Na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977 |
|
| An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 |
1979, Uimh. 5 |
| Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1989 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir 2 de 1993
|
|
|
|
|
|
AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1993
|
|
|
|
|
|
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979.
|
|
|
[6 Márta, 1993]
|
|
|
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Minithe.
|
1.—San Acht seo—
|
|
|
ciallaionn "an tAire" an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta;
|
|
|
ciallaíonn "an Príomh-Acht" an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979;
|
|
|
ciallaíonn "an tÚdarás" na Gaeltachta.
|
|
Deontais don Údarás.
|
2.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 22:
|
|
|
"22.—I ngach bliain airgeadais féadfaidh an tAire deontas nó deontais, ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú don Údarás aon chaiteachas a íoc a thabhóidh sé le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh.".
|
|
Airleacain don Údarás.
|
3.—(1) Ní bheidh aon airleacan a tugadh don Údarás faoi alt 23 den Phríomh-Acht roimh thosach feidhme an Achta seo inaisíoctha ná ní bheidh ús iníoctha air.
|
|
|
(2) Ní bheidh aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann faoi na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977, tar éis an lú lé d'Aibreán, 1965, inaisíoctha ná ní bheidh ús iníoctha air.
|
|
|
(3) Aisghairtear leis seo fo-alt (1), míreanna (a) agus (c) d'fho-alt (2) agus fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 23.
|
|
Gearrtheideal agus comhlua.
|
4.—(1) Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1993, a ghairm den Acht seo.
|
|
|
(2) Féadfar na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1993, a ghairm de na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1989, agus den Acht seo le chéile.
|
|
|
|
|
|
|