An tAcht um an Tríú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992

AN tACHT UM AN TRÍÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1992
RIAR NA nALT
|
Alt |
|

AN tACHT UM AN TRÍÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1992
ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [23 Nollaig, 1992]
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 40.3 den Bhunreacht do leasú:
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:
Airteagal 40.3 den Bhunreacht do leasú.
1.—Leasaítear leis seo Airteagal 40.3 den Bhunreacht—
(a) i bhfo-alt 3° den téacs Gaeilge, trí dhara mír a bhfuil an téacs di leagtha amach i g
(b) i bhfo-alt 3° den téacs Sacs-Bhéarla, trí dhara mír a bhfuil an téacs di leagtha amach i g
Lua.
2.—(1) An Triú Leasú Déag ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.
(2) Féadfar an tAcht um an Triú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL
Cuid I
Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun taisteal idir an Stát agus stát eile.
Cuid II
This subsection shall not limit freedom to travel between the State and another state.
